Coláistí samhraidh na Gaeltachta curtha ar ceal don dara bliain as a chéile

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé ‘an-soiléir’ go raibh imní ar lucht lóistín agus lucht stiúrtha na gcoláistí faoin mbaol a bhainfeadh leis na cúrsaí a reáchtáil

Coláistí samhraidh na Gaeltachta curtha ar ceal don dara bliain as a chéile

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers tráthnóna nach mbeadh na coláistí samhraidh ar siúl don dara bliain as a chéile.

I ráiteas ó Roinn na Gaeltachta dúradh gur thug ionadaithe ‘mhná tí’ na gcoláistí, a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí, go mbeadh “imní shuntasach” orthu faoi shláinte agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus an phobail  dá reáchtálfaí na cúrsaí samhraidh.

“I bhfianaise é seo rinneadh cinneadh gan leanúint ar aghaidh leis na cúrsaí Gaeilge a aithnítear faoin gcóras de ghnáth i samhradh 2021,” a dúradh. Dúradh go raibh obair idir lámha faoi láthair maidir le coiste cúitimh a bhunú don earnáil.

Dúirt an tAire Stáit Chambers go ndearnadh “plé cuimsitheach leis na páirtithe leasmhara go léir” faoi chás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta i mbliana.

“De thoradh an phlé sin, bhí sé an-soiléir go raibh imní ar lucht lóistín agus lucht stiúrtha na gcoláistí araon faoi a bheith ag cur lóistín ar fáil ina mbailte féin do pháistí sna cúinsí reatha mar atá de thoradh COVID-19. Aithním an imní agus an bhuairt sin. Dúirt an tAire Stáit gur thuig sé chomh maith “na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh seo do gheilleagar na Gaeltachta”.

“Ar an údar sin beidh an scéal ar fad á bhreithniú ag an Roinn i dtreo ciste cobhsaithe cuí a chur i dtoll a chéile.”

“Tuigim go mbeidh díomá ar go leor daoine óga a bhí ag súil le freastal ar chúrsa i mbliana. Beidh roinnt coláistí samhraidh ag cur cúrsaí digiteacha ar fáil ar líne in 2021 agus tá an Roinn agus páirtithe leasmhara eile  ag tacú le go leor tionscnaimh dhigiteacha chun scileanna teanga na ndaoine óga a fhorbairt sna míonna samhraidh atá romhainn agus amach anseo.

“Táim muiníneach gur féidir teacht ar réiteach sna seachtainí atá romhainn a chinnteoidh go mbeidh teacht aniar ann don earnáil thábhachtach seo agus go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus amach anseo.”

Fág freagra ar 'Coláistí samhraidh na Gaeltachta curtha ar ceal don dara bliain as a chéile'

  • imníóch

    Tá “imní shuntasach” ar thuimitheoirí freisin. Tá daltaí scoile ag freastail ar chursaí dara-leibhél ar feadh na bliana go léir ar na hOileáin Árainn le tacaíocht deontas na Roinne. Má tholgann scoláire ó Bhaile Átha Cliath, mar shampla, COVID-19, le linn leibhéal 3, 4 nó 5, mar atá ann faoi láthair, conas is féidir le bean / fear tí aire a thabhairt d’othar óg atá ag fulaingt le galar gabhálach? Conas is féidir an duine óg sin a thabhairt amach as oileán go slán sabháilte ar bhád nó ar eitleán gan tuilleadh daoine fós a chur i mbaol?