Coláiste na Tríonóide le ‘blaoscanna Inis Bó Finne’ a thabhairt ar ais do mhuintir an oileáin

In 1890 thóg beirt scoláirí 13 blaosc ó fhothrach mhainistir Naomh Colmáin ar Inis Bó Finne agus i Roinn anatamaíochta Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath atá siad ó shin

Coláiste na Tríonóide le ‘blaoscanna Inis Bó Finne’ a thabhairt ar ais do mhuintir an oileáin

Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath le taisí daonna a thabhairt ar ais go dtí Inis Bó breis is 100 bliain ó tógadh iad gan cead mhuintir an oileáin.

Thug Bord na hOllscoile a mbeannacht don chinneadh inniu.

Tá conspóid le tamall faoi na taisí daonna a bheith á gcoimeád ag an ollscoil.

In 1890 thóg beirt scoláirí 13 blaosc ó fhothrach mhainistir Naomh Colmán ar Inis Bó Finne gan aon chead a bheith acu de réir an dlí ná ó mhuintir an oileáin.

I Roinn anatamaíochta na hollscoile a bhí na blaoscanna le 132 bliain.

Chuir muintir Inis Bó Finne achainí ar aghaidh le déanaí ag iarraidh go dtabharfaí na taisí ar ais go dtí an t-oileán.

Dúradh gur cinneadh na taisí a thabhairt ar ais i ndiaidh do Ghrúpa Oibre Athbhreithnithe Iarsmaí Staire taighde a dhéanamh faoin scéal agus dul i gcomhairle leis an bpobal.

Dúradh go rachfaí i gcomhairle arís le muintir Inis Bó Finne chun a fháil amach cén bealach is cuí leis na taisí a thabhairt ar ais.

Dúirt Propast Choláiste na Tríonóide go raibh “an-bhrón” uirthi faoin méid ar chuir sé isteach ar dhaoine gur choimeád an ollscoil na taisí agus ghabh sí buíochas le muintir Inis Bó Fine as a “suim” sa scéal agus an stocaireacht a rinne siad.

“Beimid ag comhoibriú leis an bpobal anois lena chinntiú go dtabharfar na taisí ar ais ar bhealach a léiríonn meas agus atá ag teacht le mianta an phobail.”

Dúirt sí go raibh sí sásta go raibh an cinneadh na taisí a thabhairt ar ais bunaithe ar fhianaise agus gur tugadh éisteacht do na tuairimí éagsúla ar fad a bhí ag daoine faoin scéal.

Dúirt an tOllamh Eoin O’Sullivan Cathaoirleach Ghrúpa Oibre Athbhreithnithe Iarsmaí Staire an Choláiste go leanfadh an grúpa ag plé le cásanna a bhain le hoidhreacht stairiúil Choláiste na Tríonóide “ar bhonn cás ar chás”.

Fág freagra ar 'Coláiste na Tríonóide le ‘blaoscanna Inis Bó Finne’ a thabhairt ar ais do mhuintir an oileáin'