Coláiste na Coiribe i nGaillimh an scoil is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal de réir liosta nua

Tá scoileanna lán-Ghaeilge i measc na scoileanna ‘is fearr’ sa stát, de réir na liostála seo, le roinnt mhaith blianta anuas

Coláiste na Coiribe i nGaillimh an scoil is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal de réir liosta nua

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

 Tá Coláiste na Coiribe, i nGaillimh, ar bharr liosta na scoileanna is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal.

Tá dhá scoil eile lánGhaeilge, Coláiste Íde sa Daingean, agus Coláiste Eoin i mBaile Átha Cliath, i measc na ndeich scoil ar bharr an liosta, a d’fhoilsigh The Irish Times ar maidin. Bhí Coláiste Eoin, i Stigh Lorgan, ar bharr an liosta chéanna anuraidh ach tá sé anois sa deichiú háit. Tá Coláiste Íde san ochtú háit.

Tá scoileanna lán-Ghaeilge i measc na scoileanna ‘is fearr’ sa stát, de réir na liostála seo, le roinnt mhaith blianta anuas.

Sa liosta ‘scoileanna friothálacha’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú leibhéal tar éis na hArdteistiméireachta.

Nuair a bhaintear scoileanna táille as an áireamh, tá ceithre scoil lánGhaeilge i measc na ndeich scoil ‘is fearr’ agus na trí cinn thuasluaite i measc na gcúig cinn ag barr an liosta. Is é Laurel Hill Coláiste FCJ, meánscoil lánGhaeilge do chailíní i Luimneach, an scoil eile atá ar an liosta.

Níl aon scoil Ghaeltachta ar mhórliosta na bliana seo, ach tá Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ar an gCeathrú Rua, Coláiste na Carraige i dTír Chonaill, agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne, sa Daingean i measc na scoileanna ‘is mó feabhais’ in 2016. Tá Coláiste Oiriall i Muineachán, agus Gaelcholáiste Mhuire i gCorcaigh ar an liosta sin freisin.

Tá cur síos sna táblaí, freisin, ar na scoileanna is mó a chuireann daltaí ar aghaidh chuig cúrsaí ‘ard-phointí’ ag an tríú leibhéal. Is é sin le rá, na cúrsaí tríú leibhéal ar theastaigh pointí arda Ardteistiméireachta dóibh i mbliana.

Is é Coláiste Eoin an scoil lánGhaeilge sa tír is airde ar an liosta seo, agus Coláiste na Coiribe, Coláiste Íosagáin, Laurel Hill Coláiste FCL, agus Coláiste Íde i measc na scoileanna eile atá air.

Tá Gaelscoil nó scoil Ghaeltachta ag barr an liosta contae i gcúig chontae: Tír Chonaill (Coláiste na Carraige), Gaillimh (Coláiste na Coiribe), Ciarraí (Pobalscoil Chorca Dhuibhne, agus Coláiste Íde sa dara háit), Cill Chainnigh (Coláiste Pobail Osraí), agus Luimneach (Laurel Hill Coláiste FCJ).

Is scoil mheasctha é Coláiste na Coiribe agus fágann sé sin ag barr liosta na scoileanna measctha, chomh maith le liosta an chontae agus na tíre, é. Tá Coláiste Íde sa Daingean, scoil chónaithe i gCorca Dhuibhne, ar bharr liosta scoileanna na gcailíní agus tá Laurel Hill FCJ agus Coláiste Íosagáin níos faide síos ar an liosta céanna. Níl aon scoil lánGhaeilge i measc na scoileanna ‘is fearr’ do bhuachaillí.

Nuair a foilsíodh an tábla cothrom an ama seo bliain ó shin, mhaígh The Irish Times gur mar gheall ar scoileanna lánGhaeilge a bheith ag “cherrypicking students” a bhí siad ar bharr an liosta.

“Some over-subscribed fee-paying schools and gaelscoileanna are also in a position to cherry-pick students, unlike those in less well-off areas which therefore tend to have a higher proportion of students with additional needs,” a scríobhadh anuraidh.

Tá an bhéim á leagan i mbliana acu, áfach, ar bhuntáistí an oideachais dhátheangaigh, á bhfógairt san fhorlíonadh bliantúil.

“This year’s data also serves to emphasise again the value of bilingual education. The representation of Irish-medium schools at the very top of the table listings has now become a characteristic feature of the feeder tables,” a deir The Irish Times.

Bíonn roinnt conspóide gach bliain faoin liosta de scoileanna ‘feeder’ a fhoilsítear ar an Irish Times. Deir daoine áirithe nach dtugann an liosta léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir.

Anuas air sin, ní chuirtear san áireamh daltaí a théann ar aghaidh chuig ollscoileanna thar lear nó a mbronntar scoláireachtaí chuig ollscoileanna thar lear orthu.

Fág freagra ar 'Coláiste na Coiribe i nGaillimh an scoil is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal de réir liosta nua'