Coláiste Dhoire faomhaithe ag an Aire Oideachais

Tá faomhadh tugtha ag an Aire John O’Dowd do mholadh forbartha do choláiste lán-Ghaeilge i nDoire.

ODowdJohn

Tá Aire Oideachais Thuaisceart Éireann tar éis glacadh le moladh forbartha a cheadóidh bunú iar-bhunscoil lán-Ghaeilge in Abhainn Bheag i nDún Geimhin, Doire.

Dúirt an tAire go bhfuil dualgas reachtúil ar a Roinn an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus a éascú. Dúirt sé freisin go n-aithníonn sé an t-éileamh don Ghaeloideachas agus measann sé go bhféadfaidh Coláiste Dhoire oideachas ar ardchaighdeán a sholáthar d’óige Dhún Geimhin agus an ceantar máguaird.

Freastalaíonn beirt ghasúr le Séamus Mac Conmhidhe ar Choláiste Feirste i mBéal Feirste. Tá cónaí ar a theaghlach i nDoire, áfach, agus bíonn ar an mbeirt is sine an turas fada a dhéanamh idir an dá chathair gach lá le hoideachas lán-Ghaeilge a fháil.

Dúirt Séamus le Tuairisc.ie go bhfuil sé “iontach sásta nach mbeidh ar an cheathrar eile atá againn sa bhunscoil anois an t-aistear sin a chur daofa. Is mór an trua nár cheadaigh an tAire é seo i bhfad roimhe seo. Dul chun céim ollmhór atá mar sin féin.”

Tá trí bhunscoil lan-Ghaeilge i gCathair Dhoire agus péire eile sa gceantar máguaird. Tá feachtas ar bun iar-bhunscoil a bhunú ó dúnadh Coláiste Cholm Cille sé bliana ó shin.

Fág freagra ar 'Coláiste Dhoire faomhaithe ag an Aire Oideachais'