‘Coistealaigh’ déanta de Chasla agus praiseach déanta ag Bus Éireann de logainm Gaeltachta

Tharraing botún a bhí le feiceáil ar scáileán i mbus de chuid Bhus Éireann go leor cainte ar líne

‘Coistealaigh’ déanta de Chasla agus praiseach déanta ag Bus Éireann de logainm Gaeltachta

Tá conspóid tarraingthe ag botún aistriúcháin a rinne Bus Éireann a thug an logainm mícheart ar bhaile i nGaeltacht na Gaillimhe.

Ar sheirbhís an 424 idir Gaillimh agus an Cheathrú Rua, tugadh Coistealaigh ar cheantar Chasla i gConamara.

Bhí an botún le feiceáil ar an scáileán sa mbus a thaispeánann na bailte atá ar bhealach an bhus.

Bhí leagan Béarla Chasla míchruinn ar an bhfógra chomh maith agus Costello tugtha ar an áit seachas Costelloe.

Coistealaigh is ainm do cheantair i Maigh Eo agus i Ros Comáin ach níl a leithéid d’áit i nGaillimh.

Ní mó ná sásta a bhí roinnt daoine ar na meáin shóisialta nuair a chonaic siad an botún.

Nuair a cuireadh Bus Éireann ar an eolas faoin mbotún, tugadh freagra i nGaeilge a bhí breac le botúin agus an chuma ar an scéal gur baineadh úsáid as Google Translate chun teachtaireacht Bhéarla a aistriú.

Tá ráiteas maidir leis an scéal lorgtha ag Tuairisc.ie ó Bus Éireann.

Fág freagra ar '‘Coistealaigh’ déanta de Chasla agus praiseach déanta ag Bus Éireann de logainm Gaeltachta'

  • John Dunphy

    Ní haon ionadh é seo. Féach ar na comharthaí bóithre timpeall na tíre. Ar an M50 tá trí leagan difriúil den ainm “Knocklyon” – (Cnoc Lín, Chnoc Lín, Cnoc Liamhna) tá dhá leagan de “Ballymount” (Baile an Mhóta – an leagan ceart dar le logainm.ie – agus “Baile an Aird”) agus níl ach cúpla céad cileaméadair eathartha go léir.

    Na Comhairle Contae – féach ar an tideal ar na Websites nó an páipéar oifigiúil atá acu – Comhairle Contae in úsáíd ag leath dóibh agus Comhairle Chontae ag an leath eile.

  • S. Mac Muirí

    Tá an ceart tugtha ag Ailbhe thuas maidir le galldú áitainm Ghaeltachta. Is é ‘Casla’ an t-ainm ceart sa dá theanga de réir reachta. Cé atá freagrach mar sin, as an reacht a chur i bhfeidhm? Ó, mo dhearmad – duine ar bith ar ndóigh.