Coiste Oireachtais na Gaeilge le díriú ar chúrsaí earcaíochta ag a gcéad chruinniú poiblí ón samhradh

Beidh ionadaithe ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge ag labhairt go poiblí faoin obair atá ar siúl acu den chéad uair

Coiste Oireachtais na Gaeilge le díriú ar chúrsaí earcaíochta ag a gcéad chruinniú poiblí ón samhradh

Beidh a gcéad chruinniú poiblí ó mhí Iúil seo caite ag Coiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo.

Beidh baill den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge os comhar an choiste Oireachtais amárach chun ceisteanna a fhreagairt faoi sprioc an rialtais gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge atá freagrach as Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú chun an sprioc sin a bhaint amach, agus tá go dtí lár na bliana seo chugainn – an 19 Meitheamh 2024 – acu chun an plean a réiteach.

Ceithre chruinniú príobháideach a bhí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ó d’fhill an Dáil i ndiaidh shos an tsamhraidh breis is dhá mhí ó shin.

Dheimhnigh Cathaoirleach an choiste Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, do Tuairisc gur tugadh cuirí do roinnt airí agus ionadaithe ó eagrais phoiblí teacht os comhair an choiste do chruinnithe poiblí le linn na tréimhse sin, ach nár tharla aon chruinniú “ar fháth amháin nó
fáth eile”. Dúirt sé gurb amhlaidh gur tharraing na daoine ar tugadh cuireadh dóibh “siar” nó gur athríodh an dáta “chun cuidiú leo bheith ullamh don chruinniú”.

Cé nach raibh aon chruinniú poiblí acu go fóill, bhí go leor oibre ar siúl ag baill an choiste Oireachtais, a deir an cathaoirleach.

“Geallaim duit nach díomhaoin a bhí baill an choiste ach a mhalairt,” arsa Ó Snodaigh le Tuairisc.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur ag díriú ar bhailchríoch a chur ar cheithre thuarascáil éagsúla a bhí an coiste den chuid is mó, tuarascáil mhór faoi fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge ina measc.

Tá tuarascáil eile faoi cheist na díolúine Gaeilge le seoladh ag an gcoiste an mhí seo chugainn.

Chomh maith leis sin, phléigh an coiste le 180 píosa comhfhreagrais ó tháinig deireadh le sos an tsamhraidh, a dúirt Ó Snodaigh.

I mbun na gceisteanna a bheidh baill an choiste Oireachtais arís amárach nuair a phléifear an sprioc 20%.

Seo an chéad uair a mbeidh ionadaithe ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge ag labhairt go poiblí faoin obair atá ar siúl acu.

Tá amhras mór léirithe ag polaiteoirí, státseirbhísigh agus daoine eile faoin sprioc uaillmhianach gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Dúirt an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill anuraidh go mbeadh sé nach mór dodhéanta sprioc an Rialtais ó thaobh earcú Gaeilgeoirí a bhaint amach mura rachfaí i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge.

Mhol an t-iarchoimisinéir clár náisiúnta oiliúna a bhunú i gcomhar le hinstitiúidí oideachais an stáit chun cur le líon na gcéimithe cáilithe a bhfuil Gaeilge líofa acu as seo go ceann cúig bliana nó mar sin.

Dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, ar ball de Choiste Oireachtais na Gaeilge, gur cheart go mbeadh cúrsaí nua tosaithe i ngach ollscoil sa tír agus iad ag cur oiliúna ar dhaoine i nGaeilge.

Ó tharla nach bhfuil sin tarlaithe, deir Ó Cuív “nach fiú a bheith ag caint ar 20%” mar go bhfuil sé “soiléir” nach dtarlóidh sé.

An mhí seo caite, chuir an Roinn Ardoideachais ceist Dála faoina ról i bplean earcaíochta an Rialtais don Ghaeilge ar aghaidh go dtí Roinn na Gaeltachta seachas í a fhreagairt iad féin.

Léiriú ab ea aistriú na ceiste Dála ar “neamhaird iomlán” na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais ar sprioc 20% na reachtaíochta teanga, a deir Éamon Ó Cuív.

Chaith ranna rialtais amhras anuraidh chomh maith ar an sprioc 20%.

Tugtar dhá bhliain sa reachtaíocht don Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is í sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Léirigh anailís a rinne Tuairisc anuraidh nárbh gá Gaeilge a bheith ag duine ach do 0.4% de phostanna na státseirbhíse.

De réir anailís a rinne Tuairisc in 2021 níor bhain riachtanas Gaeilge ach le post amháin as gach 500 folúntas a líonadh sa státseirbhís sna trí bliana roimhe sin.

Tá an Rialtas tagtha ar mhalairt tuairime maidir le foilsiú mórshaothar taighde faoi sheirbhísí Gaeilge sa chóras poiblí a chosnóidh breis is €300,000.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ag deireadh na míosa seo caite, ní raibh sé i gceist go bhfoilseofaí an taighde atá á dhéanamh ag Ollscoil na Gaillimhe faoi na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair agus faoi na heasnaimh atá ann.

Thagair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan do roinnt beartas atá idir lámha ag a roinn i dtaca leis an sprioc. Dúirt sé go raibh athbhreithniú le déanamh ag Roinn na Gaeltachta ar scéim a dhíríonn ar chainteoirí Gaeilge a sholáthar don Aontas Eorpach agus é i gceist an scéim a leasú le go mbeadh sé dírithe ar oiliúint a chur ar dhaoine d’fholúntais in Éirinn.

Dúirt an tAire O’Donovan go raibh líonraí Gaeilge le bunú chomh maith chun tacú le foghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge atá sa tseirbhís phoiblí cheana féin.

Dúirt sé go raibh scéim printíseachta á bunú ag a Roinn chun ‘Speisialtóirí Gaeilge’ a sholáthar ag leibhéal an oifigigh fheidhmigh sa státseirbhís, scéim atá á forbairt i gcomhar leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais.

Luaigh sé freisin an feachtas feasachta atá beartaithe ag an Rialtas i mbliana chun an pobal a chur ar an eolas maidir leis na deiseanna atá ann don Ghaeilge faoin acht.

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais na Gaeilge le díriú ar chúrsaí earcaíochta ag a gcéad chruinniú poiblí ón samhradh'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)

    Reabhlóid shoisialach agus deireadh a chur leis an Chóras Caipitileach ina iomlán an leigheas !
    *****************************************************************************************

    Mar a scríobh mé cheana, Sheol litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra le blas Meiriceánach sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘SUIM’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille agus ceann nua sna Sé Chontae is fiche.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal — sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí. Déan an rud céanna sa ‘Dáil’.

    Labhair í agus mairfidh sí sa ‘Dail’ —- ach ar an droch-uair cuireann an Ghaeilge isteach ar an chóras caipitileach agus bainistiú boilisiithe.

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Phríosúnach Poblachtach sa Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E