Coiste Oireachtais le ‘ré nua’ na foilsitheoireachta Gaeilge a phlé

Agus Foras na Gaeilge os a gcomhair, díreoidh Coiste Gaeilge an Oireachtais inniu ar conas léitheoireacht na Gaeilge ‘a spreagadh’

Coiste Oireachtais le ‘ré nua’ na foilsitheoireachta Gaeilge a phlé

Pléifear cúrsaí léitheoireachta na Gaeilge i dTeach Laighean inniu agus tús le cur ag Coiste Oireachtais le sraith cruinnithe faoin earnáil foilsitheoireachta.

Beidh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, an Gúm agus Áisínteacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS) ag déanamh cur i láthair ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge faoi chás earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge.

Chomh maith leis sin, tá ionadaithe ó na foilseacháin Ghaeilge, na comhlachtaí foilseacháin, leabharlanna agus roinnt scríbhneoirí le teacht os comhair an choiste as seo go ceann roinnt seachtainí.

Tá sé i gceist díriú ar conas léitheoireacht na Gaeilge “a spreagadh, a éascú agus a leathnú”, a deir Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh. Díreofar chomh maith, a dúirt sé, ar “conas is féidir tacú le hearnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, idir leabhair, irisí agus fhoilseacháin eile, conas í a fheabhsú, agus a fhás”.

Deir Ó Snodaigh go bhfuil “ré nua ann anois ó thaobh na foilsitheoireachta” agus measann sé nach bhfuil lántairbhe á baint aisti chun ábhar a chur ar fáil do léitheoirí na Gaeilge.

“Ní ceist mhaoinithe amháin é seo. Is féidir a lán airgid a chaitheamh ar rud agus d’fhéadfadh fadhbanna fós a bheith ag baint leis. Tá i bhfad Éireann níos mó daoine ag scríobh i nGaeilge ná mar a bhíodh le 20 bliain anuas, ná b’fhéidir sna 20 bliain roimhe sin, ach cé atá á léamh? Conas is féidir daoine eile a mhealladh? Conas a chinnteofaí go bhfuil an t-ábhar atá foilsithe ar fáil do gach duine?”

Deir Ó Snodaigh go bhfuil deis ann díolachán ábhar Gaeilge, idir chruachóipeanna agus chóipeanna leictreonacha, a mhéadú agus a chur faoi bhráid an phobail ar bhealach níos fearr.

“Ag deireadh na sraithe cruinnithe seo, beidh tuairisc againn a leagfaidh amach cad iad na dúshláin atá ann d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus na moltaí atá againne agus acu siúd a thiocfaidh os ár gcomhar chun an scéal a fheabhsú,” arsa Ó Snodaigh.

Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais fós i mbun oibre ar thuairisc faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Bhí cruinnithe ag an gcoiste leis an Aire Tithíochta Darragh O’Brien, leis na húdaráis áitiúla sna contaetha Gaeltachta agus le páirtithe leasmhara eile roimhe seo. 

Tá cruinniú amháin sa tsraith sin fós le reáchtáil le hionadaithe ó Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste agus Carn Tóchair, atá ag cur na Gaeilge chun cinn i gceantar Shleacht Néill i nDoire.

Táthar ag súil go mbeadh tuairisc an choiste réidh san Aibreán. Tá rún ag an Aire O’Brien treoirlínte nua maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a fhoilsiú thart ar an am céanna.

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais le ‘ré nua’ na foilsitheoireachta Gaeilge a phlé'