Coiste na Céibhe ceaptha sa Spidéal

Cuirfidh an coiste nuacheaptha tuairimí agus imní an phobail faoin tSeanchéibh in iúl do Chomhairle Contae na Gaillimhe

20150123_110449

Seachtar, beirt iascairí, beirt bhádóirí agus triúr eile den phobal a ceapadh ar ‘Coiste na Céibhe’ ag cruinniú i Scoil na gCailíní sa Spidéal i gCois Fharraige aréir.

Tionóladh an cruinniú le plé a dhéanamh ar an obair a rinne Comhairle Contae na Gaillimhe ar Sheanchéibh an Spidéil i ndiaidh an damáiste a rinneadh di le linn Stoirm Bríde an bhliain seo caite.

Táthar míshásta faoin obair a rinne an Chomhairle ar chúiseanna éagsúla, go háirithe mar go gcreidtear nach bhfuil an choncréit a d’úsáid an Chomhairle ag teacht le hoidhreacht na céibhe agus go gcuireann sé drochchuma ar an áit.

D’éirigh an cruinniú teasaí nuair a cuireadh ceist faoin méid eolais a bhí ag an gComhairle Pobail roimh ré faoi phlean deisiúcháín na Comhairle Contae.

Dúirt ionadaí na Comhairle Pobail nárbh fhíor do ráiteas a thug an Chomhairle Contae do Nuacht TG4 inar maíodh gur cheadaigh an Chomhairle Pobail go ndéanfaí an obair ar an tSeanchéibh.

Tá Coiste na Céibhe le liosta moltaí a chur le chéile agus a chur faoi bhráid Chomhairle Contae na Gaillimhe. Moltaí chun feabhais a bheidh sa liosta seo, a dúradh, a chuirfeadh cuid de na fadhbanna a luadh ag an gcruinniú aréir ina gceart.

Iarrfaidh Coiste na Céibhe ar Phríomhinealltóir Mara na Comhairle Contae, Kevin Finn, a theacht ina láthair leis an scéal a phlé agus a chinntí a mhíniú.

Socraíodh ag an gcruinniú freisin go gcuirfeadh Comhairle Pobail an Spidéil litir chuig Comhairle Contae na Gaillimhe le míshástacht an phobail a léiriú.

Ní mó ná sásta a bhí pobal an Spidéil leis an obair a rinne an Chomhairle Contae.

Nuair a fiafraíodh den slua aréir an raibh duine ar bith acu go huile is go hiomlán sásta, níor chroch oiread is duine den dá scór a bhí i láthair a lámh.

Ceann de na rudaí is mó a chuir as don phobal ná gur bogadh gaineamh ón áit. Deir an Chomhairle Contae nach gaineamh ach láib a bhí san áit an chéad lá riamh.

 

Fág freagra ar 'Coiste na Céibhe ceaptha sa Spidéal'