Coiste Gaeilge an Rialtais ag bun an tábla maidir le cruinnithe – figiúirí nua

Bhí níos lú cruinnithe ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais le bliain anuas ná mar a bhí ag aon cheann eile de dheich gcoiste rialtais

Coiste Gaeilge an Rialtais ag bun an tábla maidir le cruinnithe – figiúirí nua

Agus cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais á thionóil inniu le plé a dhéanamh ar reachtaíocht teanga nua, léiríonn figiúirí nua go bhfuil an coiste Gaeilge ag bun an ranga maidir le lion na gcruinnithe acu.

De réir na bhfigiúirí ó Roinn an Taoisigh,  ó bunaíodh an Rialtas i mBealtaine 2016 ní raibh ach dhá chruinniú ag Coiste Rialtais na nEalaíon, na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Is é cruinniú an lae inniu an tríú cruinniú den choiste ardleibhéil Gaeilge agus Gaeltachta a bhfuil an Taoiseach ina Chathaoirleach air.

Ba ag Coiste Tithíochta an Rialtais a bhí an líon is mó cruinnithe le bliain anuas agus 18 cruinniú ó bunaíodh an Rialtas.

10 gcruinniú a bhí ag Coiste Sláinte an Rialtais agus bhí ocht gcruinniú ag an gcoiste Rialtais atá ag plé le Brexit. Seacht gcruinniú a bhí ag Coiste an Gheilleagair, na Trádála agus Post agus sé chruinniú a bhí ag an gCoiste Beartas Sóisialta agus Athchóirithe na Státseirbhíse. Cúig chruinniú a bhí ag an gcoiste atá ag plé le gnóthaí tuaithe agus réigiúnda, an dá chúram eile atá ar an roinn atá ag plé le gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Fágfaidh cruinniú an lae inniu den choiste Gaeilge go mbeidh An Coiste Athchóirithe Dlí agus Cirt in éineacht leis an gcoiste sin ag bun an tábla maidir le líon na gcruinnithe acu le bliain anuas agus trí chruinniú ag an dá choiste.

Tá cáineadh géar déanta ar laghad cruinnithe a bhíonn ag Coiste Gaeilge an Rialtais ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

I mí Iúil na bliana seo caite, cuireadh cúram na n-ealaíon le cúraimí an Choiste a bunaíodh chun féachaint i ndiaidh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt Ó Cuív ag an am nach mbeadh sa choiste feasta ó thaobh na Gaeilge de ach “leithscéal de choiste” agus nach mbeadh an Ghaeilge ach ina “driobaillín” ann.

Dúirt Ó Cuív an mhí seo gur léiriú é a laghad cruinnithe a bhí ag Coiste Gaeilge an Rialtais ar an “neamhaird” atá á tabhairt acu ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt Ó Cuív go raibh sé i gceist gur “Straitéis Rialtais” faoi stiúir an Taoisigh a bheadh sa Straitéis 20 Bliain ionas nach mbeadh ar “Aire bocht na Gaeltachta dul ó roinn go roinn” ag lorg tacaíochta.

Mhaígh Ó Cuív gur mar sin a tharla, áfach, go raibh cúram na teanga ar fad leagtha ar an Aire Stáit agus an Straitéis fágtha “i gcoirnéal beag in intinn an Rialtais”.

Fág freagra ar 'Coiste Gaeilge an Rialtais ag bun an tábla maidir le cruinnithe – figiúirí nua'