Coiste Comhairleach Gaeilge le ceistiú i dTeach Laighean faoi léamh nua ar sprioc earcaíochta an Rialtais

Deir Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais go bhfuil sé ag iarraidh a chinntiú go bhfuil coiste náisiúnta ag tabhairt faoin phlean náisiúnta earcaíochta a ullmhú mar is ceart

Coiste Comhairleach Gaeilge le ceistiú i dTeach Laighean faoi léamh nua ar sprioc earcaíochta an Rialtais

Tá baill de choiste náisiúnta teanga le tabhairt os comhair coiste Oireachtais chun míniú a thabhairt ar iarracht brí nua a bhaint as ceann de mhórchuspóirí an dlí teanga.

Léirigh iniúchadh a rinne Tuairisc gur maíodh ag cruinnithe den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge nach earcaigh nua amháin a bhí i gceist leis an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

Ina áit sin, dúradh ag na cruinnithe gur féidir daoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana a áireamh chomh maith sa 20% ó tharla nach bhfuil earcaigh ‘nua’ luaite sa reachtaíocht.

Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun plean a ullmhú leis an sprioc 20% a bhaint amach, ach beidh ceisteanna le freagairt i dTeach Laighean acu faoina gcur chuige i leith an phlean.

Deir Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge go raibh sé ríshoiléir gur earcaigh nua amháin a bhí i gceist leis an sprioc nuair a pléadh an reachtaíocht roimh agus i ndiaidh a hachtaithe.

Deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, go bhfuil “breall” ar an gcoiste comhairleach má shíleann siad gur féidir brí eile a bhaint as an reachtaíocht teanga a tugadh isteach ag deireadh 2021.

Bhí baill den choiste comhairleach náisiúnta os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge le déanaí, ach tá Aengus Ó Snodaigh ag iarraidh go dtiocfaidís ar ais go dtí Teach Laighean arís go luath chun ceisteanna a fhreagairt faoi sprioc earcaíochta 20% na reachtaíochta.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh sé beartaithe cheana féin go mbeadh an Coiste Comhairleach le teacht os comhair an Choiste Oireachtais tar éis fhoilsiú an Phlean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge ach go raibh sé ag iarraidh baill de Choiste Comhairleach a thabhairt isteach roimhe sin.

Faoin reachtaíocht, caithfear an Plean Náisiúnta a fhoilsiú roimh an 19 Meitheamh i mbliana.

“Tá muid ag fanacht ar an bPlean Náisiúnta teacht uathu ach tá mise ag rá nár chóir go mbeadh orainn fanacht air sin sula mbeadh siad ag teacht os ár gcomhair,” arsa Ó Snodaigh.

“Tá muid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil siad ag tabhairt aird ar an bhfadhb mar is ceart.”

Mheas Ó Snodaigh nach mbeadh deis ann cruinniú a eagrú leis an gCoiste Comhairleach go dtí tar éis na Cásca.

Léirigh anailís a rinne Tuairisc ar ráitis rialtais, ar dhíospóireachtaí Dála, ar thuarascálacha oifigiúla agus ar mhiontuairiscí cruinnithe go bhfuil brí nua á baint anois as mórsprioc na reachtaíochta agus go bhfuil an bhrí sin á cur chun cinn de réir a chéile.

Ag deireadh na bliana 2022 is mó atá an t-athrú sin le tabhairt faoi deara.

De réir miontuairiscí chruinnithe an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, dúradh ag cruinniú amháin go bhféadfaí “líon leathan daoine” a áireamh faoin 20% ó tharla nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite leis an bhforáil a bhaineann le hearcú daoine a bhfuil Gaeilge acu.

Is é a deir an reachtaíocht ná go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad 20% de na daoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí”.  Caithfear an sprioc a bhaint amach “tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030”.

Glacadh go forleathan leis gurb é a bhí i gceist leis sin ná gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus b’in a thug airí Gaeltachta, polaiteoirí an fhreasúra agus baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge le fios le linn nach mór 40 uair an chloig de phlé a rinneadh faoin reachtaíocht i dTithe an Oireachtais.

Is “20% d’earcaigh nua” atá luaite i gclár an Rialtais chomh maith agus an téarmaíocht chéanna a úsáideadh i ndiaidh fhoilsiú agus achtú an bhille teanga ag deireadh 2021.

Go deimhin, an lá céanna ar ghlac Tithe an Oireachtais leis an reachtaíocht nua, an 15 Nollaig 2021, dúirt Jack Chambers, an t-aire stáit Gaeltachta a thug an bille isteach:

“Féachfar leis an mBille le cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí roimh dheireadh 2030, agus gur trí mheán na Gaeilge a chuirfear seirbhísí Stáit ar fáil taobh istigh de limistéir Ghaeltachta.”

 

Fág freagra ar 'Coiste Comhairleach Gaeilge le ceistiú i dTeach Laighean faoi léamh nua ar sprioc earcaíochta an Rialtais'

  • Máirín

    Ba é 370,060 líon iomlán na n-oibrithe sa tseirbhís phoiblí in 2022. Chiallódh sé sin go mbeadh 74,000 cainteoir líofa Gaeilge ag teastáil sa tseirbhís phoiblí chun go mbeadh an céatadán 20% a cu.
    Sin níos mó ná an 71,968 duine a thuairiscigh i nDaonáireamh 2022 gur labhair siad Gaeilge go laethúil!
    Tagann an miondealú thíos ó phreaseisiúint atá ar fáil i mBéarla amháin.

    https://www.gov.ie/ga/preasraitis/557c4-minister-mcgrath-welcomes-strong-endorsement-by-public-service-unions-of-extension-to-building-momentum-pay-agreement/?
    Overview of Public Service Numbers at end-June 2022
    Sector Q2 2022
    Health 134,833
    Education 118,282
    Civil Service 45,039
    Local Authorities 31,239
    Justice 14,314
    NCSSAs 15,946
    Defence 8,512
    Industrials 1,895
    Total 370,060