Coirn buaite ag an gClochán Liath, an Tearmann agus Naomh Abán ach briseadh croí do Chill na Martra agus Naomh Anna

Tá na coirn á mbronnadh fud fad na tíre na laethanta seo agus roinnt foirne Gaeltachta ag ceiliúradh i ndiaidh a ngaiscí ag an deireadh seachtaine

Dún na nGall

Tabharfaidh Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall don dara bliain as a chéile tar éis do Naomh Adhamhnáin Cill Charthaigh a chloí sa dara cluiche leathcheannais a imríodh ag an deireadh seachtaine. Bhí na foirne cothrom, buille ar bhuille, ar feadh tréimhse sa dara leath ach thug curaidh na bliana seo caite an lá leo ar deireadh, 1-13 in aghaidh 1-11.

D’aimsigh Naomh Adhamhnáin an chéad chúl sa chluiche théis seacht nóiméad. Bhain Pádraig McGettigan leas as botún a rinne cosantóirí Chill Charthaigh. Bearna sé phointe a bhí idir na foirne ag druidim i dtreo leath ama. Bhí Conor agus Niall O’Donnell i measc na n-imreoirí ab fhearr a bhí ag imirt, chomh maith leis an gcúl báire Shaun Patton.

Tugadh ugach do Chill Charthaigh díreach roimh an mbriseadh, áfach. Cosúil le cúl Naomh Adhamháin, thit iarracht ar phointe gearr i mbéal an chúil agus theagmhaigh Jason Campbell leis an liathróid, chuir go cúl na heangaí í, agus d’fhág trí phointe idir na foirne, 1-8 in aghaidh 1-5.

Agus an ghaoth i seolta Chill Charthaigh, d’aimsíodar na chéad trí phointe sa dara leath chun na foirne a thabhairt ar ais ar comhscór. Rinne fir Leitir Ceanainn rúid chinniúnach agus ceathrú uaire fanta, áfach. D’aimsigh Niall O’Donnell, Caolán Ward agus Ciarán Moore trí phointe as a chéile chun bearna a chur idir na foirne arís agus cé nár ghéill Cill Charthaigh, bhí an taithí ag Naomh Adhamhnáin chun an bua a chinntiú.

Choinnigh Naomh Náille a n-áit sa Chraobh Shinsir don bhliain seo chugainn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhun Dobhráin, 0-13 in aghaidh 1-6. D’aimsigh Stephen Griffin cúig phointe do Naomh Náille agus bhí na himreoirí contae Peadar Mogan agus Brendan McCole feiceálach san imirt freisin. Thóg na buaiteoirí ceannas ar an gcluiche roimh leath ama, trí phointe as a chéile á gcur 0-8 in aghaidh 0-4 chun cinn. Níor scóráil Bun Dobhráin ach pointe amháin ón imirt sa chluiche ar fad agus tháinig a gcúl ag fíordheireadh na himeartha nuair a bhí a rás rite.

Is iad An Clochán Liath a thógfaidh áit Bhun Dobhráin sa phríomhchraobh an bhliain seo chugainn tar éis do na fir ó iarthar Dhún na nGall an ceann is fearr a fháil ar Naomh Columba sa chluiche ceannais idirmheánach, 1-8 in aghaidh 0-4.

Cluiche lán le botúin agus imirt chosantach a bhí ann ar an Satharn ach ní chuirfidh sé sin as tada d’fhir an Chlocháin Léith, a chaill cluiche ceannais athimeartha anuraidh.

Chuir na buaiteoirí tús i bhfad níos fearr leis an gcluiche seo agus iad ceithre phointe chun tosaigh, 0-4 in aghaidh 0-0 théis 18 nóiméad. Thóg sé 27 nóiméad ar Naomh Columba a gcéad scór a fháil. An lánchúlaí Philip Doherty a rinne an beart faoi dheireadh.

Trí phointe a bhí idir na foirne go fóill nuair a fuair Darren Curran an scór cinniúnach, cúl agus cúig nóiméad fágtha, chun an Clochán Liath a chur 1-6 in aghaidh 0-3 chun tosaigh. Roimhe sin féin, ba dheacair Naomh Columba a fheiceáil ag teacht ar ais sa chluiche agus sárjab déanta ag Mark Curran ar Aaron Doherty a choinneáil faoi chois.

Bhí mná an Tearmainn ag ceiliúradh freisin an deireadh seachtaine seo agus Craobh Shinsir Peile an chontae tugtha leo acu théis cath fíochmhar eile le Gleann Fhinne.

Am breise a bhí ag teastáil nuair a chas na foirne ar a chéile anuraidh ach chuaigh cluiche ceannais na bliana seo céim eile agus an chraobh buaite ag an Tearmann théis comórtas ciceanna saora. Ní raibh tada idir na foirne ag deireadh an ama bhreise, 1-11 in aghaidh 0-14, agus is í Ciara McGarvey a fuair an scór cinniúnach don Tearmann sna ciceanna breise chun an cluiche a bhuachan 5-3.

Bhí cuma na maitheasa ar Ghleann Fhinne leath bealaigh tríd an am breise agus seaimpíní na bliana seo caite trí phointe chun tosaigh ach d’aimsigh Geraldine McLaughlin trí chic saor as a chéile chun na foirne a thabhairt ar ais ar comhscór. Aon phointe dhéag a scóráil McLaughlin san iomlán.

Caoimhe McGlynn a fuair an cúl do Ghleann Fhinne sa chéad leath agus d’aimsigh Karen Guthrie agus Yvonne Bonner cúig agus sé phointe an duine, ach tar éis dóibh dhá chluiche ceannais a chailliúint in aghaidh Ghleann Fhinne le cúpla bliain anuas, ba le mná an Tearmainn a bhí an lá.

Corcaigh

Tá peileadóirí Cheann Toirc ina gcrá croí ceart ag Cill na Martra agus fir na Gaeltachta sáraithe arís eile i ngéarchoimhlint ag a gcéilí comhraic. Fágann sin go bhfuil Cill na Martra díbeartha ón gcraobh ag Ceann Toirc den tríú huair ó 2019 agus, mar a tharla in 2020, is leis an aon phointe amháin a chaill fir Mhúscraí.

Bhí am breise ag teastáil an uair seo chun na foirne a scaradh agus cé go raibh Cill na Martra chun tosaigh agus gan ach cúig nóiméad fágtha, scóráil Ryan Walsh dhá phointe as a chéile chun an bua a thabhairt do Cheann Toirc, 1-14 in aghaidh 1-13.

Ní raibh ach ocht nóiméad caite nuair a scóráil Grantus Bucinskas an chéad chúl sa chluiche do Cheann Toirc agus bhíodar trí phointe chun tosaigh in thart ar 20 nóiméad. Buaileadh buille ar Chill na Martra roimh an gcluiche agus iad fágtha gan an t-imreoir contae Tadhg Ó Corcora ach bhíodar cothrom ag leath ama tar éis do Chianie Ó Fóiréidh, Ciarán Ó Duinnín agus Dan Ó Duinnín scóranna a fháil.

Fuair Ciarán Ó Duinnín cúl do Chill na Martra luath sa chéad leath tar éis do chúl báire Cheann Toirc, Ronan Cashman praiseach a dhéanamh de chic amach ach rinne an cúl báire óg an méid sin a chúiteamh le cic saor ó i bhfad amach trí nóiméad isteach in am cúitimh chun an cluiche a chur go ham breise.

Bhí dea-scéal ag cumann amháin ó Mhúscraí ag an deireadh seachtaine, áfach, agus Craobh Shóisir A na mBan buaite ag Naomh Abán. Fuair cumann Bhaile Bhuirne an ceann is fearr ar chumann Uí Dhonnabháin Rossa Dé Sathairn, 4-6 in aghaidh 1-10.

Scóráil Gráinne Lucey agus Annie Maher cúil luath sa chluiche do mhná na Gaeltachta cé go raibh siad naoi bpointe chun cinn tráth, tháinig a gcéilí comhraic ar ais san imirt. Scóráil Maher cúl eile leath bealaigh tríd an dara leath chun sé phointe a chur idir na foirne arís agus chuir Clíodhna O’Leary ceann eile leo chun an bua a chinntiú.

An Mhí

Tá seaimpíní 2021 cloíte i gCraobh Shinsir Peile na Mí agus an ceann is fearr faighte ag Cnoc an Línsigh ar Bhulf Tón i mbabhtaí leathcheannais an chontae. Bhí an bua tuillte go maith ag Cnoc an Línsigh agus ocht bpointe de bhearna eatarthu ar deireadh, 1-10 in aghaidh 0-5.

Ní raibh Bhulf Tón ach pointe cúpla nóiméad isteach sa dara leath ach le cóir láidir gaoithe ag Cnoc an Línsigh, fuair siad seacht bpointe as a chéile as sin go deireadh gan freagra ar bith ag Bhulf Tón.

Bhí Bhulf Tón chun tosaigh do chuid mhaith den chéad leath ach scóráil Conor Frayne cúl do Chnoc an Línsigh théis 25 nóiméad a chuir chun cinn iad. Fágadh Bhulf Tón chun deiridh ag leath ama, in ainneoin an ghaoth a bheith acu, agus bhí an iomarca le déanamh acu sa dara leath.

Port Láirge

Beidh An Rinn agus Cill Rosanta ag tabhairt aghaidh ar a chéile i réamhbhabhta ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir Peile na nDéise in ainneoin d’fhir na Gaeltachta a gcluiche in aghaidh an tSráidbhaile a chailliúint ag an deireadh seachtaine, 1-13 in aghaidh 3-9.

Bhí an Sráidbhaile cúig phointe chun deiridh ag pointe amháin ach scóráil Mikey O’Brien cúl dhá nóiméad isteach in am cúitimh chun an cluiche a bhuachan dóibh. Scóráil Donie Breathnach cúl don Rinn luath sa dara leath ach níor éirigh leo fanacht chun tosaigh.

An deireadh seachtaine seo chugainn a thabharfaidh an Rinn aghaidh ar Chill Rosanta.

Gaillimh

Chaill iománaithe Mhaigh Cuilinn a gcéad chluiche i mbliana i gCraobh Shinsir B Iomána na Gaillimhe agus iad sáraithe ag Órán Mór-Meáraí Dé Sathairn, 1-21 in aghaidh 1-17.

Bhí cóir mhaith ag Órán Mór-Meáraí sa chéad leath agus cé go raibh Maigh Cuilinn ag coinneáil leo den chuid mó, scóráil iarimreoir na Gaillimhe Niall Burke cúl díreach roimh leath ama chun a fhoireann a chur sé phointe chun tosaigh. Níor éirigh le Maigh Cuilinn an bhearna a laghdú níos mó ná sin go dtí gur scóráil Éanna Noone cúl ó phoc saor in am cúitimh sa dara leath ach níor leor é. Caithfidh siad cluiche cáilithe anois a bhuachan Déardaoin in aghaidh chumann Liam Uí Mhaoilíosa le fanacht sa chraobh.

Bhí údar díomá ag mná Naomh Anna, Leitir Móir ag an deireadh seachtaine freisin agus iad dícháilithe ó Chraobh Shinsir Peile na mBan i nGaillimh. Cé gur chuir siad drochthús lena gcluiche in aghaidh mná Thuama-Chortúin agus cúl géillte acu taobh istigh de 20 soicind, bhí Naomh Anna chun tosaigh agus an t-am nach mór caite. Ach d’éirigh le Tuaim-Cortún teacht ar ais ar comhscór. Bhí an chuid is fearr den imirt ag mná thuaisceart na Gaillimhe san am breise sin agus an bua acu ar deireadh, 2-8 in aghaidh 2-6.

Maigh Eo

Tá Cill tSéadhna tar éis an dara hísliú céime as a chéile a sheachaint agus a gcluiche i mbabhtaí leathcheannais dícháilithe Chraobh Idirmheánach Mhaigh Eo buaite ag fir Iorrais. Bhuaigh Cill tSéadhna ar Ard na Rí Dé Sathairn ar scór 2-11 in aghaidh 0-8. Scóráil John Reilly cúl sa chéad leath agus fuair Mike Doran ceann eile sa dara leath chun an bua a chinntiú.

Fág freagra ar 'Coirn buaite ag an gClochán Liath, an Tearmann agus Naomh Abán ach briseadh croí do Chill na Martra agus Naomh Anna'