Louis de Paor
Éabhlóid
Leabhar gleoite eile faoi chlúdach suaithinseach crua chugainn ó na foilsitheoirí Éabhlóid, leabhar arbh é moladh duine aitheantais uirthi – ‘a bheadh foirfe mar mhaisiúchán intí’!
Bhí lá ann nuair ba iad na ciclipéidí suaitheantas na meánaicme, ach leabhair ghalánta branda reatha na bhféiníní, a deir sí siúd.
Múisiam agus drogall a ghin teideal an chnuasach filíochta seo ionam fhéin agus ba mheasa sin nuair a chonaic mé gurb é an teideal sin an naoú dán sa leabhar slachtmhar seo.
Tá sé bliana anois ó bhris easláinte agus bás na mná óige sin ár gcroí agus d’ainneoin an úsáid chliste a bhaineann an file as fráma an rabhcáin siúd faoi gCoileach Spideoige, ní háin liom é.
Is maith a thuigim gur muide ar fad a mharaigh an mháthair óg mar gur muid a thoghann ‘foireann cúpla cnaiste’ ar túisce acu buntáistí cánach lucht rachmais, cosaint an status quo agus cnuaisciúntacht na Roinne Airgeadais ná sláinte is beatha máithreacha. Mea culpa.
Seans gur dual don ealaíontóir faoiseamh is téarnamh a lorg san ealaín agus d’fhéadfadh gur cumha is maoithneachas a bhíog an bhé san údar seo más aon fhianaise na dánta uilig a bhaineann leis an imeacht, bíodh sin go hanabaí nó leis an aois, idir ghaolta, lucht aitheantais is daoine poiblí – Liam Ó Muirthile, Sinéad O’Connor, Clara Ní Annracháin, Vicky Phelan.
Más dea-theist ar dhán an léitheoir a chorraí is í seo an scoth ach ní raibh mo chroí bocht gonta in ann ag an bhfuarlach mothúchán agus ba mhion minic a leag mé uaim cuid de na dánta seo ag fanacht leis an uain. Is léir go bhfuil mise sa gcampa céanna leis an rapálaí cumhachtach sin, Raye agus mé ag ag fógairt “I don’t wanna feel.”
Ní bheidh aon iontas ort go bhfuil cathair Chorcaí le blaiseadh agus le cloisteáil i gcuid de na dánta is fearr liomsa ach an cumha, an stoiteachas is an t-athrú saoil á dtionlacan.
Dán é ‘Allagar na Sinsear’, ceann de phéire don cheardaí focal Liam Ó Muirthile, atá léite go minic agam, a thaitníonn go mór liom agus a léiríonn go bhfuil “cóir na bhfocal” ag líonadh seol de Paor “le pabhar” go fóill.
Is leor leathfhocal go minic ach balbhaíocht na ndaoine fásta is fearr a léiríonn tubaistí is easpa cumarsáide i saol na n-óg sa dán ‘Obair Bhaile’ – ‘Ní dúradar faic, na daoine fásta’. Ní hionann agus an file, thacht an tocht an friotal.
An bua is fearr ag an bhfile a chumas íomhánna a chruthú chomh snasta go ngeiteann siad chugam beo beathach ar an leathanach bláthbhuí agus neadaíonn siad i m’intinn, de mo bhuíochas scaití.
Má tá mianach an bhleachtaire ionat bainfidh tú súp as cuid de na dánta seo [nó clipfidh siad thú], an dán ‘Rosc’ san áireamh lena mhacallaí as dánta go leor ach an-chur síos é ar ‘oighearaois an leithlis’. Fios a mharaigh an cat agus chuir an galar sin mé fhéin ag púitseáil i leabhra filíochta agus nach mé a bhí crosta nuair a bhí cuid de na freagraí céanna tugtha dom idir an dá chlúdach ar ball.
Tá géarchúis ar leith sa bhfile seo agus sampla di le fáil sa dán ‘A bhfuil ar eolas againn fé Phrotastúnaigh’. Tá siad ‘chomh holc, chomh hait leis an gcuid eile againn’, ach léigh an t-aguisín leis an líne sin!
Agus uaibhreas shaol an pháir dom phlúchadh, aoibhneas ceart dom an dán ‘Sorcas’. Bhí an ‘rinceoir trapeze’ siúd thuas os mo chionn is mé á léamh.
‘Guth cinn a raibh pian gach éinne tríd’ – nach maith an cur síos é sin ar ghifte Shinéad O’Connor, agus nach aoibhinn an chomaoin é ar an aingeal Gaelach sin.
Bhí dánta sa leabhar seo a thum ródhomhain i dtoibreacha an uaignis is an bhróin mé le bheith mar chompánaigh agam d’ainneoin na dea-cheardaíochta agus a ngaibhneacht friotal ach d’amplaíos chugam roinnt eile a chothaigh mé tamall le hiontas is pléisiúr na healaíne.
Cuir leis sin gleoiteacht an leabhair féin agus is maith é do mhargadh.
Mícheál Ó Ruairc
Beidh lá eile aige, pabhar ar bith.