‘Coir chogaidh cheart’ é bac na Rúise ar na milliúin tonna gráin a easpórtáil – an tAE

Toisc bac a bheith curtha ag an Rúis ar chósta theas na hÚcráine, ní féidir na milliúin tonna gráin a onnmhairiú

‘Coir chogaidh cheart’ é bac na Rúise ar na milliúin tonna gráin a easpórtáil – an tAE

‘Coir chogaidh cheart’ é bac na Rúise ar na milliúin tonna gráin a easpórtáil as na Úcráin, a deir ceannasaí pholasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Josep Borrell.

“Ní chreidfeadh aon duine é, ní fhéadfadh duine a shamhlú go bhfuil bac ar na milliúin tonna cruithneachta san Úcráin fad is atá daoine sa chuid eile den domhan ag fulaingt de dheasca an ocrais.

“Iarraimid ar an Rúis deireadh a chur leis an mbac ar na calafoirt.”

Tá cruinniú ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh inniu chun an ghéarchéim bia a phlé.

Tá sé ina mhórimní le tamall gur níos measa fós a chuirfear as don soláthar gráin de bharr calafort Mariupol agus calafoirt eile dheisceart na hÚcráine a bheith faoi smacht iomlán na Rúise.

Toisc bac a bheith curtha ag an Rúis ar chósta theas na hÚcráine, ní féidir na milliúin tonna gráin a onnmhairiú.

Tá rabhadh tugtha ag Clár Bia an Domhain leis na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh an cosc sin a bheith tubaisteach do na háiteanna is boichte ar domhan.

Deirtear go bhfuil na bac ag cur leis an mbaol go mbeadh ganntanas bia ar fud an domhain agus go mbeadh an t-ocras i ndán do na daoine is boichte sa domhan ar feadh blianta.

Measann Clár Bia an Domhain gur in olcas a rachaidh cúrsaí soláthair bia sa domhan i mbliana. De réir a gcuid anailíse bhí 276 milliún duine ag tús na bliana seo nach raibh cinnte go mbeadh soláthar bia na bliana acu ach faoin tráth seo tá an líon daoine sin méadaithe go dtí 323 milliún. Dá bhoichte an tír is measa a bhuailfidh ganntanas bia agus an t-ardú ar a phraghas a leanann sin an pobal is lú ioncam.

Deir Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, go bhfuil an baol ann go neartóidh an Rúis ar a gcuid ionsaithe an tseachtain seo toisc go bhfuil cinneadh le déanamh ag AE faoi iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san aontas.

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an Rúis in Severodonetsk agus Lysychansk, dhá chathair tábhachtach in oirthear na tíre atá á síorbhombardú le roinnt seachtainí anuas.

Fág freagra ar '‘Coir chogaidh cheart’ é bac na Rúise ar na milliúin tonna gráin a easpórtáil – an tAE'

  • Anton O'Muimhneachain

    an fath ar feadh an ganntanas bia áta an eitech óna hÚcráin dreideáil ar thóir mianach faoin cósta Odese

  • Ob ob ó!

    Coireanna cogaidh, a deir sé. Tá ina chogadh!

    Ní admhóidh siad gur coir is ea an chogaíocht féin.

    Ar síleadh go n-imreofaí an cluiche de réir Hoyle – taobh amháin ag leagan smachtbheart eacnamaíochta agus an taobh eile ag glacadh leo go cáidh?