Cóip de Bhunreacht na hÉireann sínithe ag Éamon de Valera ceannaithe ag mac léinn Gaeilge ar 50c

Tháinig Keith Ó Riain trasna ar sheanchóip de Bhunreacht na hÉireann i siopa carthanachta cúpla bliain ó shin ach le seachtain a fuair sé amach go raibh sé sínithe ag iarUachtarán na hÉireann

Cóip de Bhunreacht na hÉireann sínithe ag Éamon de Valera ceannaithe ag mac léinn Gaeilge ar 50c

Is fánach an áit a bhfaighfeá seoid staire.

Tá mac léinn i gColáiste Mhuire gan Smál tar éis deimhniú a fháil go bhfuil an tseanchóip de Bhunreacht na hÉireann a cheannaigh sé ar 50c sínithe ag Éamon de Valera, fear a bhí lárnach agus an bunreacht á thabhairt isteach. 

Bhí sé de nós ag Keith Ó Riain am a chaitheamh ag cuardach na leabhar i siopaí carthanachta Luimnigh agus is i gceann de na siopaí céanna a bhí sé mí an Mhárta dhá bhliain ó shin nuair a tharraing leabhar seanchaite aird Uí Riain, a bhí ag tabhairt faoi chéim sa stair agus sa Ghaeilge ag an am.

“An lá sin, bhíos ag breathnú ar roinnt leabhar ar an tseilf agus chonaic mé seanleabhar saghas scriosta, ní raibh cuma rómhaith air. Cóip de Bhunreacht na hÉireann a bhí ann agus cheannaíos é,” a dúirt sé le Tuairisc.

“Nuair a thugas abhaile é, chonaic mé go raibh síniú Éamoin de Valera taobh istigh den chlúdach. Níor chreid mé i ndáiríre gur síniú ceart a bhí ann agus ní dhearna mé tada leis ach é a fhágáil ar an tseilf sa bhaile. Tháinig Covid ansin agus rinneas dearmad air ar fad.”

Ar an dea-uair, bhí Ó Riain ag déanamh athchóiriú ar a chuid leabhar le seachtain anuas nuair a tháinig sé arís ar an mBunreacht.

Bhí sé le bualadh le cara leis, an staraí Paul O’Brien, an tseachtain seo agus bheartaigh sé an leabhar a thabhairt leis chun barántúlacht an tsínithe a fhiosrú.

Scaip O’Brien pictiúir den síniú agus den bhunreacht ar na meáin shóisialta agus ní raibh sé i bhfad nó gur deimhníodh gurb é síniú de Valera a bhí ann. 

Bhí beagán amhrais ann mar nach raibh aon sínte fada le feiceáil ar ainm de Valera ach chuaigh garmhac an iarUachtaráin, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, i dteagmháil le O’Brien agus mhínigh sé don staraí gur stop de Valera ag cur sínte fada ar a ainm nuair a thosaigh na súile ag teip air. B’amhlaidh nach raibh sé in ann a bheith cinnte go gcuirfeadh sé san áit cheart iad.

Deir Ó Riain gur deas an rud gur fíorshíniú atá i gceist. 

“Tuigim anois gur ghnách le daoine cóip den Bhunreacht nó aon rud a thabhairt do de Valera le síniú, gur rud sách coitianta a bhí ann.”

Mar sin féin, tá an chóip atá anois ina sheilbh ag Ó Riain níos luachmhaire ná an 50c a d’íoc seisean air. Deir sé go bhfuil sé i gceist aige greim a choinneáil air.

“Tá daoine ag iarraidh é a cheannach uaim agus tá luach cúpla céad euro air anois ach tá mé ag iarraidh é a choimeád,” arsa Ó Riain.

“Seanchóip den Bhunreacht atá ann. An leasú is deireanaí atá ann, is ó 1941 é. Níl sé ar cheann de na cinn is luaithe ach tá sé réasúnta luath ag an am céanna. Píosa suimiúil ó thaobh na staire a bhí ann agus ní raibh sé ach 50c! Anois leis an síniú, tá sé go deas mar phíosa staire.”

Tá Ó Riain fsáite i gcúrsaí léinn agus é i mbun PhD i Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál faoi láthair.

“Táim i mbun taighde faoi láthair ag breathnú ar fhile ón 18ú aois déag, Éadbhard de Nógla. File Corcaíoch ab ea é. Tá mé ag cur a dhánta in eagar agus ag déanamh staidéar orthu faoi stiúir an Dr Breandán Ó Cróinín.”

Fág freagra ar 'Cóip de Bhunreacht na hÉireann sínithe ag Éamon de Valera ceannaithe ag mac léinn Gaeilge ar 50c'