Coinnigh súil ar do chárta ar an gcosán cósta ó Bhré

Agus an domhan is a mháthair glanta leo ag ‘glamchampáil’ thapaigh ár gcolúnaí an deis dul ar shiúlóid

Coinnigh súil ar do chárta ar an gcosán cósta ó Bhré

Ní bhfuair ceantair áilleachta na hÉireann an oiread poiblíochta riamh is a fuaireadar ó thosaigh an phaindéim. Níl lá nach mbíonn mo chuid cuntas meán sóisialta plúchta le pictiúir ó cheann ceann na tíre: ‘Seo muide ag rothaíocht ar Oileán Cliara’, ‘An Murder Hole i Ros Goill, ach bí cúramach’, ‘Na páistí ag surfáil i Sligeach,’ agus mar sin de.

Agus tá an chosúlacht ar na cuntais ar fad go raibh na háiteacha sin plódaithe ó thús an tsamhraidh.

Ar an taobh eile de, bhí Baile Átha Cliath thar a bheith ciúin, go háirithe le linn mhí Lúnasa. Ba léir go raibh an domhan is a mháthair glanta leo ag ‘glamchampáil’ nó ag líonadh leapacha in óstáin an iarthair, tharla an t-aerfort agus an tsaoire thar lear a bheith coiscthe orthu.

Anois, b’fhéidir!  Seo é an t-am, a dúirt mé liom féin, chun buntáiste a bhaint as an mbriseadh mínádúrtha seo in imeachtaí turasóireachta na cathrach. Cinnte, ní bheadh na sluaite turasóirí ag triall ar an gcosán cósta idir Bré agus Na Clocha Liatha – cosán a mbíonn lorg na mílte ‘runner’ go hiondúil sa chréafóg bhog ann agus siúlóirí ag cuimilt guaillí dá chéile ag an deireadh seachtaine.

Tugaim ‘siúlóid chathrach’ uirthi toisc gur sa gcathair a thosaíonn formhór na gcoisithe – glacann siad an Dart chomh fada le Bré, tosaíonn ag siúl ansin, agus glacann siad an traein ar ais ó na Clocha Liatha.

Is í an líne traenach féin a thug an cosán seo ar an saol an chéad lá. Dúradh ag an am go raibh sé ar cheann de na turais traenach ba dheise sa tír, san Eoraip b’fhéidir, nó sa domhan féin go deimhin. Ní pobal muid a dhéanann beag is fiú de na radharcanna deasa atá le feiceáil sa tír.

Níl aon dabht ach nach mbeadh fáil ag an bpobal ar na radharcanna seo, ná ar an gcosán ‘aillte’ murach an líne traenach. Tá an chuid  sin den líne ann ó lár an 19ú céad, thart ar 1855. Agus tógadh an chuid eile – a théann fad le Ros Láir, tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.

Cuimhnigh go raibh Bré ina bhaile beag tuaithe agus é suite ó dheas den phríomhchathair san 19ú haois. Chonaic na hinnealtóirí Victeoiriacha – William Dargan agus fir ghnó eile – go raibh buntáistí móra nádúrtha ag an mbaile agus gurbh fhiú é a fhorbairt mar bhaile saoire ‘cois farraige’.

Ba iadsan ba chionsiocair leis an promenade agus na plásóga deasa féir idir an tsráid agus an fharraige. Tógadh riar maith óstán le linn na tréimhse sin freisin.

Toisc go mba le hIarla na Mí an talamh ar an taobh ó dheas de Bhré, b’éigean a chead siúd a fháil chun an chuid eile den bhóthar iarainn ó dheas a thógáil. Ach ní thabharfadh sé dóibh ach an stiall a bhí ag dul le cósta agus sin é an fáth go bhfuil an bóthar iarainn chomh gar sin don fharraige.

Chuile bhliain cloisfidh tú rud éigin faoin gcreimeadh cósta agus an baol atá ar an líne traenach. Go deimhin feicfidh tú agus tú ar do shiúlóid go dtí na Clocha Liatha, an áit a mb’éigean do na hinnealtóirí líne agus tollán nua a thógáil chun an baol titim isteach sa bhfarraige a sheachaint. Bhí an t-innealtóir cumasach Isambard Kingdom Brunel bainteach leis. Úsáideadh idir shamhlaíocht agus saineolas innealtóireachta chun an líne a chur faoi bhun Cheann Bhré agus isteach is amach trí na tolláin eile.

Ar do shiúlóid feicfidh tú éin farraige, bláthanna fiáine, sméara dubha, farraige mhór ghorm ag síneadh i dtreo na Breataine Bige agus ar deireadh, baile beag na gClocha Liatha.

Céard is féidir a rá faoin bpraiseach atá déanta den ‘forbairt’ sna Clocha Liatha? Ní gá dom ach a rá go ngabhfaidh sé rite leat an chuid dheireanach de d’aistear a chríochnú gan chabhair ón SatNav.

Bhí sé de mhuineál ag tógálaithe an eastáit tithíochta ghránna ó thuaidh den bhaile an comhartha ‘Bray/Greystones Cliff Path’ a chrochadh ar bhalla sealadach atá ag dul tríd an eastát. Ní bheadh aon innealtóir ón ré Victeoiriach bródúil as an obair seo.

Ach tharla casadh eile sa scéal. Ar mo bhealach isteach ag an mbaile, ag deireadh na siúlóide, bhuail siúlóir a bhí ag teacht i mo threo bleid orm.

‘Mairéad?’

‘Em…sea?’

Bhí cineál drogaill orm a admháil gur mé a bhí ann, níor aithin mé an fear seo. Shín sé rud chugam. Céard a bhí sé ag iarraidh a dhíol liom anois?

‘Ar chaill tú do chárta taistil?’ ar seisean.

Bhreathnaigh mé ar an gcárta a bhí sínte chugam. Ach cén chaoi a bhfuair seisean é agus cén chaoi ar aithin sé mé ar an tsráid? Bhí an cárta réidh i mo phóca agam don turas traenach abhaile ar an Dart. Ach leath bealaigh ar an tsiúlóid, caithfidh sé gur thit sé amach as mo phóca nuair a bhí ár ‘lón beag’ againn.

Bhí mo chara nua an-mhórtasach as a chuid oibre bleachtaireachta. Agus é ag scrúdú an drochphictiúr de ‘Pheig’, nó a máthair chríonna b’fhéidir, a bhí ar an gcárta, thuig sé gur drochsheans a bheadh ann go bhfeicfeadh sé a samhail ar an gcosán nó thart ar an mbaile. Ach bhí seift aige.

‘D’aimsigh mé do leathanach ar Facebook’ a deir seisean. ‘Bhí neart pictiúr ansin agat agus thosaigh mé ag faire amach don ghruaig rua agus do spéacláirí gréine.’

Chonaic sé mé ag teacht ina threo agus ribe nó dhó gruaige rua ag éalú faoin scaif agus an hata píce, agus thriail sé an t-ainm orm.

Bhí mé thar a bheith buíoch dó. Ach an rud ba mhó a ghoill orm faoin eachtra ar fad, ná go raibh sé soiléir go raibh seisean ag teacht i mo dhiaidh ar an gcosán, gur bhailigh sé amach mé – áit éigin – agus go raibh sé de thriail aige mo leathanach Facebook a fhiosrú agus a thionscadal bleachtaireachta a thosnú ar shráideanna na gClocha Liatha – sular bhain mise an baile amach ar chor ar bith.

B’fhéidir go bhfuil aicearra ann tríd an eastát nua coincréite – ceann nach bhfuil aimsithe agamsa fós. Tá sé in am tabhairt faoin turas arís, sílim – agus an babhta seo coinneoidh mé an cárta i mála droma na gceapairí.

Fág freagra ar 'Coinnigh súil ar do chárta ar an gcosán cósta ó Bhré'

  • Des O Murchu

    Costa Clocha Liatha scrioste le dramhoil arasain cois farraige etc!

  • Paula Ní Shlatarra

    Píosa álainn scríbhneoireachta ó Mhairéad. Mór an trua ceann scríbe an chosáin a bheith millte.