Bhí m’athair i bhfad chun cinn ar lucht na hathchúrsála agus an dream glas.
Cheannaíodh sé culaith, déanta nua glan as an bpíosa, gach cúpla bliain nuair a bhíodh gá leis. Go Harringtons Tailors, Mainstir na Buaille a bhíodh a thriall.
Ach ní fhéadfainn a bheith cinnte gur chaith sé an seancheann amach ina dhiaidh sin féin. Théadh sé ag cuartú a ‘bhróga deasa donnrua,’ agus d’imíodh mo mháthair go ciúin as raon a ghlóir. I bhfad roimhe sin a bhíodar sin curtha i mála aici don lucht siúil. Ní chuireadh seisean aon rud amú – ná i mála dramhaíola, go deimhin.
Agus uair amháin sa mbliain a dhéanadh sé ‘siopadóireacht.’ Isteach leis chuig an bpoitigéir Adie Coleman i mBealach an Doirín. Cúpla buidéal ‘Tweed’ agus b’fhéidir ‘Eau de Cologne 4711’ agus bheadh a chuid siopadóireachta Nollag déanta aige.
Smaoiním air go minic agus muid ag caint faoin athchúrsáil agus iomarca ceannacháin na laethanta seo. I dtuairisc a léigh mé le gairid, dúradh go dtáirgtear 150 billiún earraí éadaigh gach bliain – ‘fuíoll’ mar a thug siad air.
Ní fhéadfá a shamhlú go dteastódh an méid sin éadaigh uainn gach bliain. Ach deirtear linn freisin go bhfuil gach seans ann go méadóidh an figiúr sin faoi 63% faoin mbliain 2030.
Ní hé an farasbarr éadaí an fhadhb is mó. Ídíonn an tionscal éadaigh fuinneamh ar scála dochreidte mór. Tá an tionscal freisin ar ceann de na cúiseanna truaillithe is mó ar domhan. Is iad na héadaí is cionsiocair le formhór na míreanna micrishnáithín agus plaisteacha sna haigéin, 10% den truailliú gáis ceaptha teasa agus 20% den dramhaíl uisce, ar domhan.
Agus le gairid tháinig sé chun solais go mbíonn lucht na mbrandaí móra faisin ag bailiú le chéile na héadaí faisin nár díoladh agus á ndó gach bliain. Dúradh gur dhóigh an teach faisin Burberry luach beagnach £30 milliún éadaí nár díoladh sa bhliain 2017. Iarracht a bhí ann chun ‘luach’ an bhranda a choinneáil ard. Beag an baol gur in TK Maxx a chríochnódh na héadaí sin.
Is cinnte nach ndearna an táilliúir Harrington é sin. Ach tá sean-nósanna siopadóireachta an chéid seo caite ag déanamh a mbealach ar ais – faoi scáth na nua-theicneolaíochta.
An cuimhin le héinne agaibh ‘siopadóireacht ordú poist’? Anois agus arís d’ordaíodh mo mháthair rud éigin ó shiopa Clery’s i mBaile Átha Cliath, nach ann dó níos mó. Níor ghá ach an fhoirm a líonadh agus a ghearradh amach as an Irish Press agus é a sheoladh chun bealaigh in éindí le hordú poist ar luach an ghúna móide costas an stampa. Bhíodh sceitimíní ar an té a ainmníodh don bhall nua éadaigh, an lá a dtagadh fear an phoist le beartán. Ar a laghad ní bhíodh boladh gránna na ‘mothballs’ ar aon rud ó Clery’s, murab ionann is na beartáin a thagadh ó Nua-Eabhrac.
Chuala mé David McRedmond, ceannasaí An Post, an lá cheana ag rá go bhfuil infheistíocht ollmhór déanta acu in ionad nua do bheartáin phoist. Dírithe ar an margadh ollmhór atá anois ann d’earraí a cheannaítear ar an idirlíon atá an t-ionad nua seo.
Agus ní taobh le seanchleachtais oibre na bhfear post atá McRedmond san obair seo.
Ní bheadh a fhios agat cén uair nó cén lá a thiocfadh fear nó bean a’ phoist chugat anois ina gcuid veaineanna nua agus iad lán go béal le beartáin.
Agus cad a dhéanann siad mura mbíonn tú sa mbaile nuair a bhuaileann siad ar an doras? In mo chás-sa, faoi dhó le gairid, fágadh an beartán i mbosca an mhéadair leictreachais ar an mballa.
Nuair a tháinig ceann a bhí beagáinín rómhór don bhosca sin, caitheadh thar an ngeata le taobh an tí é agus fágadh nóta lámhscríofa ag rá cár fágadh é.
Ach d’aireoinn uaim an siopa agus gach a mbaineann leis, má théann an chraic seo ar an idirlíon thar fóir. Bhí mé ag siúl thart siopa Brown Thomas an lá cheana (i mbun taighde, tá a fhios agat), agus chuala mé beirt bhan ag caint faoi earra ar an tseilf i Seomra na Mearbhall ansin.
‘It’s too heavy,’ a dúirt duine acu. ‘Sure, everything’s online now anyway,’ arsa an ceann eile agus iad ag glanadh leo. Ní bheidh sé róthrom do veain David McRedmond.
Drochsheans go ndúnfaidh Brown Thomas – coinneoidh na Sínigh agus an gnó málaí láimhe ag imeacht iad. Ach coinnigh súil amach tar éis na Nollag do chomharthaí ‘Siopa Dúnta’. Dúirt cara liom a oibríonn i ngailearaí ardnósach ealaíne agus lámhcheardaíochta gur gearr eile a bheas an siopa ar oscailt.
‘Táimid buailte ag an idirlíon,’ a dúirt sí.
Bhí mé i mbun clár teilifíse blianta ó shin faoin gCríostaíocht. Thug ár n-aistear faoi na misin Chríostaíochta go Arusha, sa Tansáin muid. Baile mór gnó agus turasóireachta ‘safari’ i lár na tíre é agus daoine ag baint lá amach bealach ar bith ar fhéad siad.
Agus ansin, chonaic mé fear i lár an mhargaidh. É ansiúd agus é timpeallaithe ag carnáin mhóra éadach athláimhe ón taobh eile den domhan, é ina sheasamh go bródúil agus é ag caitheamh t-léine ‘Italia 90’.
Bheadh scéal le hinseacht ag an t-léine sin, deich mbliana tar éis Chorn an Domhain san Iodáil. Agus bheadh tóir uirthi mar bhall éadaigh ‘vintage’ sa lá inniu – agus luach ard uirthi – ar an taobh seo den domhan.
An tSr Phyllis
Is deas liom go mor an talt sin a ! Chuir se chun chuimhne dom mo ghuna chomaoineach nua a chuir mo dheirfiur Aine air go siopa Cleirigh. Seacht scilling is real a chosain se. Lean leat ag bogadh mo smaointe. An tsr Phyllis
Mairéad Ní Nuadháin
Deir m’aintín Phyllis liom gur ordaigh mo mháthair gúna Céad Comaoineach di ó shiopa Clerys 79 bliain ó shin. Seacht scilling agus sé phingin. Is cuimhin léi fós go raibh sé go hálainn ar fad nuair a tháinig sé sa phost.