Coinneal chloiche as Gaillimh do Bhéal Feirste in ómós deonaithe orgán thuaidh agus theas

Ba é an dealbhóir Réamonn Ó Flátharta as Conamara a rinne an obair ar an dealbh atá mar bhronntanas ó Dhúchas na Gaillimhe do phobal Bhéal Feirste

Candle

Bronnfar macasamhail na coinnle cloiche atá ina seasamh i nGairdín Cuimhneacháin na nDeontóirí Orgán, i nGaillimh, ar Gharraithe na Lus i mBéal Feirste, áit a mbeidh sí ina príomhghné.

Is é Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Noel Larkin, a bhronnfaidh an choinneal chloiche ag searmanas speisialta i nGarraithe na Lus inniu agus is é Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Bardasach Brian Kingston a nochtfaidh í.

Is bronntanas í an choinneal do phobal Bhéal Feirste ó phobal na Gaillimhe. Bronnfaidh Dúchas na Gaillimhe, a thugann aire ar bhonn deonach do Ghairdín Cuimhneacháin na Gaillimhe an choinneal thar ceann an phobail. Beidh sí ina siombail de ‘sholas na daonnachta’ a scaltar tríd an deonú orgán.

Ba é an dealbhóir Réamonn Ó Flátharta as Cill Chiaráin, Conamara, i gcomhpháirt leis an Galway Stone and Salvage Gallery a rinne an obair ar an gcoinneal nua, agus ba iad a rinne go leor den dealbhóireacht atá le feiceáil i nGairdín na Gaillimhe.

Beidh comhairleoirí ó Chontae na Gaillimhe agus ó chathair Bhéal Feirste i láthair ag an ócáid chomh maith le hionadaithe ón bpobal deonaithe orgán agus lucht leighis.

Dúirt an Méara Larkin go gcabhróidh an nasc nua seo idir an dá chathair chun cur leis an gcaidreamh atá ag Gaillimh le Béal Feirste, ó thaobh cultúir, turasóireachta agus cúrsaí gnó de. Dúirt sé go raibh súil aige go gcuirfidh naisc nua mar sin le cairdeas agus comhthuiscint idir an dá phobal.

Tá na seirbhísí sláinte sa dá dhlínse i mbun cainte faoi láthair ag féachaint an féidir comhoibriú le chéile le deonú orgán a fhorbairt ar bhonn uile-oileánda. Cuireann bronnadh na coinnle leis seo, go siombalach, dar leis an bhfondúireacht deonaithe orgán Strange Boat.

“Tá ionad deonaithe den chéad scoth againn i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, foirne sároilte agus torthaí an-mhaith. Anuas air sin, tá muintir an hÉireann ar cheann de na pobail is flaithiúla ar domhan.

“Le blianta beaga anuas tá deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla tagtha chun cinn Thuaidh agus Theas. Aithnítear gur chun leas na n-othar ar fud na hÉireann a bheadh sé dá mbeimis ag obair as lámha a chéile agus ag roinnt na n-acmhainní leighis le chéile. Is deis iontach í ócáid an lae inniu le caidrimh a dhaingniú agus le bheith ag obair le chéile ar mhaithe le haon chúis amháin ar son mhuintir uile na hÉireann,” a dúirt an Dochtúir Alan Gaffney, saineolaí deonaithe orgán in Ospidéal Beaumont.

Fág freagra ar 'Coinneal chloiche as Gaillimh do Bhéal Feirste in ómós deonaithe orgán thuaidh agus theas'