Coimpléasc uaisleachta Thiobraid Árainn in aghaidh chumas na nDéise

Is foireann speisialta dea-eagraithe í foireann seo na nDéise atá lán taithí agus muinín

Coimpléasc uaisleachta Thiobraid Árainn in aghaidh chumas na nDéise

Dan McCormack (Buiríos Ó Luigheach) agus Pauric Mahony (Baile Gunnair). Pictiúir: INPHO

Bhí tráth ann nuair a bhíodh foirne Chorcaí ina ríthe ar chomórtas club na Mumhan. Sna seachtóidí, idir an Charraig Dhubh (Dúcharraig), Cumann Barra Naofa agus Fánaithe an Ghleanna bhuadar gach craobh ach amháin Corn Uí Néill a bhuaigh Ros Cré i 1970. Amárach a bheidh cluiche ceannais 2019 á imirt ach creid é nó ná creid ní bheidh aon fhoireann ó Chorcaigh ann mar tugadh bata agus bóthar do na Corcaígh, ‘An Gleann’ coicís ó shin.

Údar suntais chomh maith is ea a laghad gaisce atá déanta ag foirne Thiobraid Árann ó thosach an chéid seo. Beidh Buiríos Ó Luigheach san iomaíocht amárach. Is iad an club deireanach as Tiobraid Árann a thug leo craobh na hÉireann ach thiar i 1987 a rinne siad an t-éacht sin.

Mar bharr ar an mí-ádh, níl ach ceithre cinn de chraobhacha na Mumhan buaite ag foirne Thiobraid Árann ó thús an chéid seo. An mbeidh Buiríos Ó Luigheach in ann an port sin a athrú amárach? Bhuel, is dócha go mbeidh a fhios againn roimh am tae.

Trí seachtaine ó shin a cuireadh tús leis an gcomórtas seo nuair a thug Baile Gunnair léasadh agus ceacht maith do Dhroichead Abhann ó gCearnaigh. Dosaen cúilíní a bhí idir na foirne sin ag an deireadh. B’iontach an dul chun cinn é sin ag seaimpíní na nDéise ó 2017 nuair nach raibh ach cúilín amháin farasbairr acu ar an bhfreasúra céanna.

Ach ní raibh mórán ama acu lena scíth a ligean mar chuireadar chun páirce arís an chéad deireadh seachtaine eile agus Tobar Phádraig, seaimpíní Luimnigh rompu. 

Ní raibh aon amhras ann an-luath sa chluiche sin ach go raibh an lámh in uachtar ag Baile Gunnair agus cé nach rabhadar ach cúilín chun cinn ag leath ama bhíodar láidir ar fud na páirce agus na dúshláin uilig a sárú acu. Sa dara leath thóg sé tamaillín orthu na scóranna a chur ar chlár na scór ach diaidh ar ndiaidh chuireadar solas an lae idir iad féin agus foireann Luimnigh.

Ag an deireadh caithfear a rá go rabhadar i bhfad níos fearr ná Tobar Phádraig. Bhí Pauric Mahony ina mháistir ó thús deireadh. Rinne Dessie Hutchinson agus Michael Mahony an mhórchuid den scóráil ón imirt agus bhí na cúlaithe thar a bheith teann agus eagraithe mar aonad.

Sa chluiche leathcheannais eile, ba léir ón tús nár chuir an ceiliúradh ar chluiche ceannais an chontae mórán isteach ar imreoirí Bhuiríos. Chuireadh an-tús leis an imirt agus ag leath ama bhí deich gcúilín acusan agus gan ach 1-3 ag fir an Ghleanna.

I ndiaidh deich nóiméad den dara leath bhí farasbarr deich gcúilíní acu ach luíodar ar na maidí beagáinín ina dhiaidh sin ach chinntigh an tuirse agus Patrick Horgan gur ligeadh ‘an Gleann’ ar ais sa cluiche.

Mar sin féin ar shéideadh na feadóige deiridh, bhí Buiríos Ó Luigheach cúl chun tosaigh.

Baile Gunnair atá go láidir ina rogha na coitiantachta i gcluiche an lae amárach agus sin caint a oirfidh go maith do Bhuiríos. Tá an-taithí ag foireann na nDéise. Bhíos féin an-tógtha leis an tslí ar oibrigh siad as lámha a chéile sa chluiche leathcheannais. Bhí an chuma orthu go raibh siad ar a gcompord ceart agus an liathróid acu. Cuir leis sin an meascán deas den taithí agus den óige atá acu, chomh maith le Pauric Mahony agus é ina mháistir ag stiúradh cúrsaí, agus is deacair iad a bhualadh.

Is beag brú atá ar Bhuiríos Ó Luigheach seachas gur foireann as Tiobraid Árann iad agus nach rómhinic a bhíonn faitíos ar fhoirne as Tiobraid Árann roimh fhoirne as Port Láirge. Is dócha gur sórt coimpléasc uaisleachta atá i gceist. Ach is foireann speisialta dea-eagraithe í foireann seo na nDéise atá lán le taithí agus muinín.

Ceapaim nach mbeidh lá eile ag teastáil ón bPaorach más ar éigean féin a dhéanfaidh siad é.

Fág freagra ar 'Coimpléasc uaisleachta Thiobraid Árainn in aghaidh chumas na nDéise'