Coimisinéirí Ioncaim ‘i gcoinne’ an Choimisinéara Teanga

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag glacadh dúshláin an Choimisinéara Teanga san Ard-Chúirt amárach.

Four_Courts,_Dublin,_Ireland

Éistfear san Ardchúirt amárach leis an gcéad athchomharc riamh faoi chinneadh de chuid an Choimisinéara Teanga.

Is iad na Coimisinéirí Ioncaim atá ag glacadh dúshláin faoi chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga, agus tá an cás liostáilte ar chlár na hArd-Chúirte don lá amárach.

Baineann an cás le faisnéis faoin gcáin mhaoine áitiúil a dáileadh ar an bpobal i gcoitinne idir 2012 agus 2013.

Dáileadh an fhaisnéis ar 1.6m teach ar fad, ach níor dáileadh leagan Gaeilge di ach ar roinnt bheag mílte duine.

Shocraigh an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin imscrúdú a thionscnamh faoin scéal i ndiaidh dá oifig cuid mhór gearán ón bpobal a fháil.

Cinneadh san imscrúdú gur sháraigh na Coimisinéirí Ioncaim fo-alt 9.3 d’Acht na dTeangacha Oifigiúila, foráil a éilíonn gur go dátheangach nó i nGaeilge amháin a bheadh faisnéis a dháiltear ar an bpobal i gcoitinne, ach níor ghlac na Coimisinéirí Ioncaim le toradh ná le moltaí an imscrúdaithe.