Coimisinéir Teanga New-Brunswick i gCeanada faoi bhrú éirí as

Tá Katherine d’Entremont i gcroí conspóide i láthair na huaire mar gheall ar iniúchadh a thionscain sí i mí Bhealtaine nuair nár freastalaíodh uirthi féin i bhFraincis i gceannáras Rialtas an Chúige

 

image

Tá Katherine d’Entremont, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla New-Brunswick i gCeanada, faoi bhrú éirí as a post.

Tá an Coimisinéir i gcroí conspóide i láthair na huaire mar gheall ar iniúchadh a thionscain sí i mí Bhealtaine nuair nár freastalaíodh uirthi i bhFraincis i gceannáras Rialtas an Chúige.

Tá éilithe ag ceannaire an pháirtí polaitíochta People’s Alliance, Kris Austin, go mbrisfí an Coimisinéir as a post agus go ndéanfaí Acht na dTeangacha Oifigiúla (Ceanada) a leasú. Theastódh tacaíocht na bpáirtithe eile i reachtas New-Brunswick le hí a bhriseadh óna post.

Thug Donald Arseneault, an tAire atá freagrach as na teangacha oifigiúla i New-Brunswick, le fios nach mbeadh a thacaíocht siúd ag d’Entremont ach an oiread.

“Dá mba mise an Coimisinéir, ní bheadh an fhadhb seo inniu againn,” a dúirt Arseneault.

Baineann an chonspóid leis an gcaoi inar dhéileáil an Coimisinéir leis an gceist. Ní dhearna d’Entremont soiléiriú ag an am gurb í féin a bhí i gceist leis an ‘clamhsánaí’ ar tagraíodh dó i litir a sheol sí chuig an Roinn Iompair agus Infreastruchtúir inar fhiosraigh sí faoi na polasaithe atá i bhfeidhm do sheirbhís dhátheangach.

Rinneadh uaireanta oibre Wayne Grant, an doirseoir nach raibh in ann freastal ar an gCoimisinéir i bhFraincis nuair a thug sí cuairt ar an gceannáras ar 6 Bealtaine, a chiorrú i ndiaidh don iniúchadh a bheith tosaithe.

Bhí Grant, 64 bliain d’aois, ag déanamh ionadaíochta ar a chomhghleacaí, a bhí ar lá traenála, ag an deasc fáilte ar an lá a tháinig d’Entremont ar cuairt. Dúirt sé go mbeadh sé tar éis fios a chur ar chomhghleacaí le Fraincis dá mba rud é gur cheap sé go raibh sí ag éileamh seirbhíse i bhFraincis.
“Tháinig bean go dtí mé, agus labhair sí liom i bhFraincis. Dúirt mé leis nach duine dátheangach mé. ‘Mór an trua’ a dúirt sí agus lean sí uirthi ag caint i mBéarla. Is é an nós imeachta ná a rá leo nach dátheangach thú agus go bhfaighidh tú ateangaire Fraincise dóibh. Ní fhacthas dom gur ghá dom, áfach, mar d’iompaigh an bhean atá i gceist ar an mBéarla láithreach,” a dúirt Grant le CBC News.

Bhí raic ann ar na meáin shóisialta níos túisce i mbliana nuair a tháinig sé chun solais go ndúradh le Grant nach raibh cead aige seasamh isteach sa cheannáras a thuilleadh. Baineadh ón deasc fáilte i bhfoirgneamh eile de chuid an Chúige é trasna an bhóthair freisin agus laghdaíodh a uaireanta oibre ó sheal seacht lá oibre, seacht lá saoire go sealanna gach re deireadh seachtaine.

Tá an chumhacht ag Coimisinéir na dTeangacha i New-Brunswick iniúchadh a thionscain as a stuaim féin. Caithfidh an tríú páirtí gearán oifigiúil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga anseo sular féidir aon fhiosrúchán a dhéanamh.

Mar sin féin, tá cáineadh déanta ag cúig cinn de pháirtithe polaitíochta i New-Brunswick ar chur chuige d’Entremont i leith an cháis áirithe seo. Dúirt ceannaire an People’s Alliance gur cheart don Choimisinéir a rá ina chéad litir gurbh í féin a bhí ag déanamh an ghearáin.

“Is geall le litir a scríobhadh sa tríú pearsa í agus ansin shínigh sí a hainm ag bun na litreach amhail is nach ise an clamhsánaí. Chuirfeadh sé dallamullóg ar dhuine, tá sé cealgach mar chur chuige agus sílimse go bhfuil níos fearr ná sin tuillte ag muintir an Chúige ó thaobh freagrachta de,” a dúirt Kris Austin, ceannaire an pháirtí.

Theastódh móramh d’aon trian de Chomhaltaí den Tionól Reachtach sula mbrisfí óna post an Coimisinéir, mar atá molta ag Austin. Níl aon chomhaltaí ag an People’s Alliance sa Tionól agus mar sin bheadh air iachall a chur ar 33 comhalta ó pháirtithe eile vóta a chaitheamh ina haghaidh.

D’fhiafraigh CBC New de d’Entremont cén fáth nár shoiléirigh sí an ról a bhí aici féin sa chás sa litir a scríobh sí ar 26 Bealtaine agus d’eisigh a hoifig ráiteas ina ndúradh nach bhfuil ceangal ar an oifig a rá cé acu ar bunaíodh iniúchadh ar ghearán nó ar chinneadh an Choimisinéara. Thug d’Entremont le fios freisin nach raibh sí ag iarraidh go dtabharfadh an Roinn Iompair agus Infreastruchtúir níos mó suntais don ghearán toisc gurbh í féin a chuir tús leis.

Cuireadh Rialtas an Chúige ar an eolas go raibh iniúchadh ar bun sa litir agus lorgaíodh eolas faoina pholasaithe ach ní dhearnadh aon mholtaí. Ní an chumhacht ag Coimisinéir na dTeangacha orduithe a eisiúint ná an dlí a chur i bhfeidhm. Ba é Rialtas an Chúige a rinne an cinneadh uaireanta oibre Grant a athrú.

Chomh maith leis an People’s Alliance, tá na Liberals, na Progressive Conservatives, na Greens, agus an NDP (Páirtí Daonlathach Náisiúnta) araon tar éis teacht amach in aghaidh chur chuige d’Entremont sa chás seo. Tá a gcuid tacaíochta tugtha ag na ceithre pháirtí eile do Grant agus iad ag éileamh go gcuirfear a chuid uaireanta oibre ar ais mar a bhí.

“Is léir gur bhuail anbhá duine éigin agus faitíos orthu roimh iniúchadh an Choimisinéara agus is é Grant atá thíos léis. Ní féidir glacadh leis sin. Ba cheart leithscéal oifigiúil a ghabháil leis agus é a chur ar ais sa phost a bhí aige,” a dúirt ceannaire an Green Party, David Coon.

Tá a cuid tacaíochta tugtha ag Jeanne d’Arc Gaudet, uachtarán Societe de L’Acadie du Nouveau-Brunswick, eagraíocht a chuireann cearta teanga na bhFrainciseoirí chun cinn sa Chúige, don Choimisinéir agus dúirt gur léir nach bhfuil tuiscint ag an bpobal ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Chruinnigh dhá scór duine taobh amuigh den Tionól tráthnóna inné mar a raibh d’Entremont os comhair coiste atá ag iniúchadh ról na n-oifigeach sinsearach i dTionól New-Brunswick.

D’éiligh lucht na hagóide, a d’eagraigh an grúpa NB Voices, go n-éireodh an Coimisinéir as a post.

Dúirt an Coimisinéir ina teistiméireacht don choiste inniu go gcaithfidh sí dhá ról a chomhlíonadh ina post: fiosrúcháin agus iniúchadh a dhéanamh; agus na teangacha oifigiúla a chur chun cinn.

Mhínigh sí go gcaithfidh sí tuarascáil a sheoladh chuig an bPríomh-Aire agus chuig an institiúid atá i gceist agus go bhféadfadh moltaí a bheith mar chuid den tuarascáil sin.

Cuireadh isteach ar a cuid cainte cúpla uair, agus bhí daoine sa seomra ag casacht go glórach nuair a thagair sí dá cuid iniúchtaí.

B’éigean do chathaoirleach an choiste ciúnas a iarraidh faoi dhó.

Fág freagra ar 'Coimisinéir Teanga New-Brunswick i gCeanada faoi bhrú éirí as'