Coimisinéir Teanga na Breataine Bige le córas nua cearta teanga a phlé le Coiste Oireachtais na Gaeilge

Deirtear sa bhille teanga nua go dtabharfar isteach córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí, córas a bhfuil a leithéid i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag cheana féin 

Coimisinéir Teanga na Breataine Bige le córas nua cearta teanga a phlé le Coiste Oireachtais na Gaeilge

Beidh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais amárach.

Déanfaidh an Coimisinéir Aled Roberts cur síos ar chóras na gcaighdeán atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag ó thaobh cearta teanga.

Deirtear i mbille teanga nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.

Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.

Faoin mbille teanga nua, leagfaí dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí, ag brath, mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal.

Tá a leithéid de chóras i bhfeidhm cheana féin sa Bhreatain Bheag agus déanfaidh an Coimisinéir Aled Roberts an córas sin a phlé le baill Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna amárach.

Chuir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh fáilte roimh an deis córas na gcaighdeán a phlé le Coimisinéir na Breataine Bige, a bheidh ag caint leis an gcoiste ó chian.

Dúirt Ó Snodaigh go rabhthas ag súil go háirithe le plé a dhéanamh le Roberts faoina ról féin i bhfeidhmiú an chórais agus faoi na dúshláin a bhaineann le cur chuige na gcaighdeán.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin roimhe seo go raibh an díospóireacht maidir leis an mBille Teanga ag tarlú “sa dorchadas” toisc gan fáil a bheith ag Teachtaí Dála ar dhréachtaí de na caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach faoin mBille.

D’aontaigh iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh sé tábhachtach go mbeadh sampla de na caighdeáin atá le tabhairt isteach ar fáil do na Teachtaí Dála.

Déanfar plé ag an gcruinniú coiste amárach chomh maith ar straitéis Rialtas na Breataine Bige Cymraeg 2050, plean a bhfuil sé mar chuspóir aige go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoi 2050.

Fág freagra ar 'Coimisinéir Teanga na Breataine Bige le córas nua cearta teanga a phlé le Coiste Oireachtais na Gaeilge'