Coimisinéir an Gharda Síochána le ceistiú i dTeach Laighean faoi chinneadh fáil réidh le riachtanas teanga

Bhí an Coimisinéir Harris os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge mí Bealtaine seo caite, cúpla mí sular cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí

Coimisinéir an Gharda Síochána le ceistiú i dTeach Laighean faoi chinneadh fáil réidh le riachtanas teanga

Ceisteofar Coimisinéir An Gharda Síochána i dTithe an Oireachtais tráthnóna maidir le fáil réidh le riachtanais Ghaeilge a bhíodh i bhfeidhm san eagraíocht.

Tá an Coimisinéir Drew Harris ina measc siúd atá le teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna chun cás na teanga a phlé.

Cinneadh go foirmeálta mí Iúil 2021 go bhfaighfí réidh le riachtanas Gaeilge a bhain le poist na sáirsintí agus na gcigirí sa Gharda Síochána. Ach de réir eolais a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, is in 2018 a glacadh leis go bhfaighfí réidh leis an riachtanas sin.

Glacadh leis an moladh ag cruinniú in 2018,  cruinniú ar fhreastail ceathrar ionadaí ón nGarda Síochána air – príomhcheannfort, ceannfort agus beirt sáirsintí –  chomh maith le hoifigigh ón Roinn Dlí agus is Cirt.

Bhí an tuairim ann go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina bac ar dhaoine a bhfuil disléicse orthu agus ar dhaoine ó thíortha eile ar na cúiseanna a tugadh le fáil réidh leis an riachtanas ag an am.

I gcomhfhreagras a bhí aige leis an gcoiste an mhí seo, thug Coimisinéir an Gharda Síochána le fios nach raibh an eagraíocht ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge ach gur aontaíodh an t-athrú i ndiaidh “an-chuid cainteanna” leis an Roinn Dlí agus Cirt.

Bhí an Coimisinéir Harris os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge mí Bealtaine seo caite, cúpla mí sular tháinig deireadh leis an riachtanas, ach níor thagair sé don mholadh a bhí déanta fáil réidh leis.

Dúirt Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go raibh “an-díomá” air féin agus ar chomhaltaí eile an choiste nuair a chuala siad go rabhthas tar éis fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge.

“Bhí Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an Chomhchoiste cheana ar an 12 Bealtaine 2021. Bhí an-díomá orm agus ar na Comhaltaí eile go luath i ndiaidh an chruinnithe sin, nuair a fógraíodh go poiblí go raibh an Garda Síochána chun fáil réidh leis an nGaeilge d’earcaigh nua agus don ardú céime sa Gharda Síochána, rud nár cuireadh in iúl don Chomhchoiste ag an gcruinniú féin,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Is ait linn nár luaigh sé, agus é os ár gcomhair, agus é ag trácht ar ghnéithe de phlean teanga an Gharda Síochána, go raibh athruithe diúltacha suntasacha ó thaobh na teanga náisiúnta agus an fórsa póilíneachta i gceist aige go luath.”

Tá ráite ag na Gardaí go bhfuil straitéis nua don Ghaeilge le foilsiú acu “go luath”.

Dúirt Harris go mbeadh ‘Earcaíocht agus Pleanáil an Fhórsa Saothair’ ina “príomhréimse fócais” sa straitéis sin agus gheall sé go ndéanfaí anailís ar “na scileanna Gaeilge” atá ag baill an fhórsa agus ar na scileanna atá ag teastáil.

Dúirt Harris go réiteofaí plean chomh maith lena chinntiú go bhfuil an méid cainteoirí Gaeilge a theastaíonn ag obair sa Ghaeltacht.

Nuair a bhí an Coimisinéir Harris os comhair Thithe an Oireachtais anuraidh, ghéill sé go raibh ag teip ar chóras an Gharda Síochána chun cainteoirí Gaeilge a mhealladh.

Chomh maith le Coimisinéir an Garda Síochána, beidh Cathaoirleach an Údaráis Phóilíneachta, Bob Collins; Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, Shirley Comerford; agus oifigeach ón Roinn Dlí agus Cirt ag cruinniú an lae inniu.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh gur cúis díomá dó go háirithe cuid de na moltaí atá déanta ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir leis an nGaeilge le roinnt blianta anuas

“Tá an-díomá orm, mar Chathaoirleach, gur chinn an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí in 2015 go raibh, dar leis, rialacháin reatha an Gharda Síochána (Arduithe Céime) 2006 as dáta, agus gurbh é an socrú air sin ná fáil réidh leis an nGaeilge. Le roinnt blianta anuas, tá an chuma ar an scéal gurb é seo réamhshocrú i gcás gach uasdátú a mholtar don tSeirbhís Phoiblí, maolú eile a dhéanamh ar thacaíochtaí don Ghaeilge nó fáil réidh leo ina n-iomlán.”

Fág freagra ar 'Coimisinéir an Gharda Síochána le ceistiú i dTeach Laighean faoi chinneadh fáil réidh le riachtanas teanga'

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    “…réamhshocrú i gcás gach uasdátú a mholtar don tSeirbhís Phoiblí, maolú eile a dhéanamh ar thacaíochtaí don Ghaeilge nó fáil réidh leo ina n-iomlán.” An ceart ag an té a bhreac. Pian sa tóin don tseirbhís phoiblí sa stát seo sea an Ghaeilge. Níl dílseacht tuillte ag an stát seo dá réir. Tháinig m’athair agus scata beag as Fear Manach isteach sna Gardaí i bhfichidí na haoise seo caite. Ní bhfuair sé ach 17% sa scrúdú Gaeilge, tráth a raibh 70%, 80%, fiú 90% á fháil ag earcaigh i gcoitinne. Níor ghá an scrúdú Gaeilge a chealú ar fad ‘ar son na n-eachtrannach aduaidh’ sa chás sin. Éiríonn ceist, an fiú, an cóir don stát seo a bheith ann? Tá an fhiarshúil, dár thagair Art Ó Gríofa, fós ina máchail air. Próiseas síor-atógála is ea náisiún ámh. Vóta don té a chealaíonn an cinneadh seo. Ar theachtaí Dháil Éireann atá an fhreagracht é a dhéanamh.

  • Antóin

    Más fíor go bhfuil duine sa Roinn Dlí agus Cirt atá ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge, ba cheart don duine sin teacht os comhair Choiste Oireachtas na Gaeilge agus ceisteanna a fhreagairt.

  • Pádraig O'hEipicín

    Scannalach.

  • Proinnsias O hUrmoltaigh

    Caithfidh mé a rá gur olc an scéal é seo agus ceistíom dom féin cén saghas teachtaireacht a dtugann sé sin don gCoimisiúin Aontas Eorpach i ndiaidh Stádas iomlán oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge san Aontas Eorpach.