Coimisinéir agus Roinn Oideachais le tabhairt i láthair Comhchoiste Oireachtais

Beidh deis ag an gCoimisinéir Teanga agus an Roinn Oideachais agus Scileanna an cás a bhaineann le ceapadh múinteoirí gan líofacht i nGaeilge i scoileanna Gaeltachta a phlé os comhair comhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais

Coimis15-0030
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tabharfar cuireadh don Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus d’oifigigh na Roinne Oideachais a theacht i láthair comhchoiste de chuid an Oireachtais le plé a dhéanamh ar tuarascáil speisialta a leag an Coimisinéir os comhair Thithe an Oireachtais inné. An Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn (SF) atá ina chathaoirleach ar an gComhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhísí Phoiblí agus Achainíochta a dheimhnigh an méid sin do Tuairisc.ie inniu.

Dúirt an Teachta Mac Lochlainn go dtugann an Comhchoiste suntas ar leith do thuarascálacha speisialta den chineál seo agus go mbeadh fáilte roimh an gCoimisinéir Ó Domhnaill a theacht ina láthair leis an ábhar a phlé. Thabharfaí cuireadh ina dhiaidh sin don Roinn Oideachais a theacht chuig an gComhchoiste leis an scéal a phlé. Baineann an cás le soláthar múinteoirí le Gaeilge líofa i scoileanna Gaeltachta.

Chinn Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2013 gur sárú ar an Acht Oideachais a bhí ann múinteoir gan líofacht i nGaeilge a chur ag obair i scoil Ghaeltachta.

D’eascair an cás as gearán a rinne bunscoil Ghaeltachta le hOifig an Choimisinéara Teanga go raibh an Roinn ag brú múinteoir nach raibh dóthain Gaeilge aige ar an scoil. Mhaígh an Roinn go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír oilte le múineadh in aon scoil, scoileanna Gaeltachta san áireamh, agus thagair don chomhaontú idir an Roinn agus ceardchumainn na múinteoirí faoina líontar folúntais as painéil ar a mbíonn daoine atá ag feitheamh le postanna.

Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga ag an am gur “bocht an scéal é go mbeadh múinteoir ceaptha i scoil Ghaeltachta a bhí ag múineadh trí Ghaeilge agus go raibh cumas níos fearr sa teanga sin ag daltaí na scoile ná ag an múinteoir féin”.

Rinneadh moltaí ag an am le dul i ngleic leis an bhfadhb ach níor chuir an Roinn Oideachais na moltaí sin i bhfeidhm. Ní dhearna an Roinn achomharc ach an oiread i gcoinne chinneadh an Choimisinéara Teanga.

Ó tharla nár cuireadh na moltaí i bhfeidhm, chinn Rónán Ó Domhnaill an tuarascáil speisialta a chur i láthair Thithe an Oireachtais ina ndeirtear go bhfuil an Roinn Oideachais ag sárú an Achta Oideachais agus nach bhfuil siad sásta a gcuid cleachtas a athrú ar an ábhar seo.

Fág freagra ar 'Coimisinéir agus Roinn Oideachais le tabhairt i láthair Comhchoiste Oireachtais'