Coimhlint spleodrach romhainn ar an mBóthar Beag

Beidh na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile i mBabhta 6 den Pro 14, ag tosú anocht le Cúige Laighean in aghaidh Chúige Chonnacht

Coimhlint spleodrach romhainn ar an mBóthar Beag

Is léir go bhfuil foirne chúigí na tíre seo róláidir, go dtí seo ar chuma ar bith, don fhreasúra sa bPro 14 agus iad sa gcéad agus sa dara háit ar tháblaí Ghrúpaí A agus B an chomórtais. Níl cluiche amháin féin caillte ag na Laighnigh agus níl ach ceann amháin caillte ag na trí chúige eile as na cúig chluiche a d’imir siad sa gcomórtas go dtí seo. 

Seans maith go mbeidh athrú ar an scéal sin an deireadh seachtaine seo le filleadh an chomórtais idirchúige, comórtas atá ina chuid lárnach den Pro 14 anois. 

Cuirfidh na Laighnigh chun páirce anocht agus iadsan as baile ar an mBóthar Beag agus iad in iomaíocht leis na Connachtaigh.

Níl aon dabht ach go mbeidh cluiche iontach spleodrach, crua agus fisiciúil againn idir foirne a bheas ar a míle dícheall ag iarraidh cur leis an dea-obair atá déanta acu go dtí seo. Is cinnte freisin go mbainfidh siad leas as na coimhlintí seo le snas a chur ar a gcéad rogha foirne roimh thús an chomórtais shinsearaigh, Corn na gCuradh, comórtas a bheas linn faoi cheann seachtaine. 

Ní ábhar iontais dá bhrí sin go bhfuil roinnt imreoirí a bhí ar dualgas idirnáisiúnta sa tSeapáin ag filleadh le himirt dá gcúige. Ní mór an comórtas sin a chaitheamh as ár gcloigeann anois.

Is deacair toradh chluiche na hoíche anocht a thuar ach is cinnte gur buntáiste iontach do na Connachtaigh a bheith sa mbaile agus go mbainfidh fir Andy Friend chuile leas as sin. 

Mar sin féin, bhain ógánaigh Chúige Laighean chuile leas as an easpa imreoirí chéad rogha a bhí ag Leo Cullen go dtí seo agus is cinnte go ndéanfaidh siadsan chuile iarracht a gcás féin a chur chun cinn babhta amháin eile. Seans nach mbeidh tada idir na foirne seo ach tá mise ag súil go mbeidh an lá le foireann na Gaillimhe. 

Amárach a thabharfaidh na Muimhnigh agus na hUltaigh faoina chéile ar fhód naofa Thuamhan áit a mbíonn an buntáiste le foireann an bhaile an t-am ar fad. Más deacair an toradh a thuar i gcás na coimhlinte ar an mBóthar Beag anocht, ní hionann sa gcluiche seo.  Beidh na cuairteoirí ag iarraidh a mianach a léiriú agus iad ag réiteach don chomórtas sinsearach atá le teacht.

Tá cúpla ceist ann fós maidir le chéad rogha imreoirí na Mumhan roimh thús an chomórtais shinsearaigh céanna. Níl mé cinnte an bhfaighidh muid freagraí soiléire ar na ceisteanna sin an deireadh seachtaine seo ach beidh bua eile sa Pro 14 ag an Arm Dearg.

Ní mór do na Cúigí ar fad a bheith an-chúramach agus gortuithe a sheachaint an deireadh seachtaine seo. Tá jab mór le déanamh acu ar fad faoi cheann seachtaine.

Fág freagra ar 'Coimhlint spleodrach romhainn ar an mBóthar Beag'