Coimeádfaidh ‘Greyhound’ ar tinneall tú ó thús deireadh

Tá léamh an Phoncánaigh ar Chogadh an Atlantaigh ar fáil in ‘Greyhound’, geábh eile fós ag Tom Hanks ar eachtraí an Dara Cogadh Domhanda

Coimeádfaidh ‘Greyhound’ ar tinneall tú ó thús deireadh

Greyhound
Stiúrthóir: Aaron Schneider
Cliar: Tom Hanks, Stephen Graham, Matt Helm, Travis Quentin, Elisabeth Shue

Ag deireadh an scannáin seo cuireann an téacs ar an scáileán in iúl dúinn gur cuireadh tuairim is 3,500 bád go tóin poill i gCogadh an Atlantaigh i rith an Dara Cogadh Domhanda agus gur maraíodh 72,200 duine. N’fheadar an bhfuil báid is fir na Gearmáine san áireamh sna figiúirí sin, agus tugann sin a léiriú féin ar chur chuige an scannáin seo mar is é léamh na bPoncánach (agus na Sasanach, go pointe) atá againn sa saothar seo. Níl aon Ghearmánach le feiscint ann agus an t-aon uair a bhfuil duine acu le cloisint is geall le bithiúnach geamaireachta é.

Mí Feabhra na bliana 1942, an Captaen Krause (Hanks) ag tabhairt faoina chéad gheábh trasna an Atlantaigh agus é ina cheann feadhna ar an long chogaidh Greyhound. Tarrac ar dhaichead long tráchtála faoina chúram agus gach ach trí long chogaidh eile mar thacaíocht aige. Tá an bhreis in n-aghaidh, go mór mór agus iad sa ‘Black Pit’, an chuid sin den aistear trasna an Atlantaigh ná beidh aon chosaint aeir acu. Ní fada nó go dtosaíonn conairt U-bhád ag seilg agus ag déanamh slada.

Is léir gur caitheadh dua le saol agus béarlagair na loinge cogaidh a léiriú go cruinn.  Dar liom gur chuir sé sin go mór leis an saothar. Cad é anbhá ar an gcriú, agus ar an gcaptaen féin i ngan fhios, is iad ag comhrac leis an namhaid fé thoinn. Cad é eachtraíocht agus teannas i rith an ama agus ó tharla nach bhfuil an scannán ach uair an chloig go leith ar fhad bogann na heachtraí ar aghaidh tapaidh go maith. Dá bharr, ní fiú an deich triuf an léiriú a dhéantar ar ghaol Krause le carachtar Shue.

Tá fearaibh na mbád ar cipíní de ló agus d’oíche is iad ag fanacht go bhfeicfidh siad an chéad pheireascóp agus toirpéad eile. Tá siadsan, agus muidne, tuirseach tnáite faoi dheireadh an scannáin. Cé go bhfuilimid ar fharraigí móra cáite an Atlantaigh táimid plúchta óir go dtarlaíonn go leor de na radharcanna ar dhroichead na loinge. Deintear na míreanna cogaidh a láimhseáil go réalaíoch cé gur samhlaíodh dom go raibh na maisíochtaí liobarnach go maith in áiteanna.

Is minic cheana a thug Hanks faoi shaothair a bhí bunaithe ar an Dara Cogadh Domhanda: Saving Private Ryan (aisteoir), Band of Brothers (léiritheoir) agus The Pacific (léiritheoir).  Níl a shárú ann le tabhairt faoi ról an ghnáthdhuine agus ról an duine atá geanúil calma.  Tadhg an mhargaidh ag déanamh a dhíchill, fiú más i gcúinsí eisceachtúla féin é. Cé go measaim go bhfuil sé ábhairín róchríonna (tá sé ceithre bliana le cois na trí scór) le tabhairt faoin ról áirithe seo ní loiceann sé orainn. Tá sé i ngach radharc agus dá bharr is é a chuntanós agus a chuid cainte a dhéanann an scannán a iompar.  ’Sé Hanks a dhein script an scannáin a sholáthar chomh maith agus adhmad á bhaint aige as an leabhar The Good Shepherd le C.S Forester.

Cé nach aon Das Boot, Saving Private RyanBand of Brothers é seo tá eachtraíocht agus réalachas ann a choimeádfaidh ar tinneall tú ó thús deireadh.

Fág freagra ar 'Coimeádfaidh ‘Greyhound’ ar tinneall tú ó thús deireadh'