‘Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann…’ a d’fhógair an file Antaine Ó Raiftearaí agus é ag cuimhneamh ar a ‘staycation’.
Cé a dhéanfadh cuairt mhíosa ar an mbaile sin anois? B’fhéidir gur fada an t-achar é sin, ach is maith liomsa cuairt ghairid a thabhairt air ó am go chéile.
Is é Coillte Mach mo bhaile scoile – ba ann a chuaigh mé ag meánscoil chónaithe, i gClochar San Lughaidh. Tá na mná rialta imithe ach tá an scoil ann i gcónaí – pobalscoil bhreá í anois i lár an bhaile.
Chuimhnigh mé ar Choillte Mach le déanaí agus mé ag léamh sa nuachtán Domhnaigh go bhfuil an IDA ag cuartú suíomhanna sa deisceart agus san iardheisceart le tionscail nua ‘bio-pharma’ agus eolaíocht bheatha a bhunú as an nua iontu.
Ag lorg suíomhanna ‘glasa’ nua as an bpíosa atá siad – idir 50 agus 100 heicteár an ceann. Measaim go bhfuil siad á lorg sna ceantair sin ó dheas, toisc gur ann atá go leor tionscail den sórt sin ann cheana féin, agus iad uilig ag déanamh go maith.
Is cuid den dea-scéala eacnamaíochta iad na tionscail ‘pharma’ agus leighis. Thuairisc an Banc Ceannais roinnt míonna ó shin gurb iad na tionscail sin a tháirgeann 62% de na hearraí a easpórtáiltear as an tír seo. Tá airgead i gcúrsaí leighis. I measc an 15 táirge leighis is mó éileamh ar domhan, táirgeann muide cúig cinn díobh.
In ainneoin ar tharla sa phaindéim, léiríonn na figiúirí a bhaineann leis na tionscail ‘pharma’ agus na tionscail teicneolaíochta gurb iad cnámh droma eacnamaíochta na tíre iad.
Nach mór an trua é go mba ar an gcuid sin den tír atá go maith as ó thaobh na tionsclaíochta a smaoineodh lucht an IDA i dtosach? Cén fáth nach smaoineoidís ar an taobh tíre atá buailte go dona ó thaobh na dífhostaíochta de agus nach bhfuil mórán teacht isteach acu ach an oiread ón turasóireacht?
Chaithfeadh duine ar bith a rá go bhfuil tréaniarrachtaí ar siúl i mbaile beag Choillte Mach. An chéad rud a fheicfeas tú ar do bhealach isteach ar an mbaile ná an fógra ‘Kiltimagh Open for Business’ ar crochadh trasna na sráide. Ach níl mórán cosúlachta ar an tsráid chéanna go bhfuil sí ‘oscailte le haghaidh gnó’.
Tá gnó i ndiaidh gnó dúnta le blianta is cosúil. Shiúil mé féin agus cara liom síos an tsráid ag cuartú iarsmaí den saol a bhí ann agus muid ar scoil ann.
An siopa mór crua-earraí, an bácús, na siopaí éadaí, iad ar fad dúnta agus gan tada tagtha ina n-áit. Agus an buille ba thubaistí ar fad i mbliana de bharr na paindéime -dúnadh na bpubanna beaga.
Ar na hiarrachtaí atá déanta ag an bpobal áitiúil, tá leachtaí curtha suas anseo is ansiúd ag rianú stair an bhaile agus an cheantair. Tá an file Raiftearaí go mór faoi thrácht sna taispeántais. Is léir agus tú ag léamh na n-inscríbhinní gur baile tábhachtach margaidh a bhí i gCoillte Mach tráth.
Tá fógraí ar thithe agus ar shráideanna an bhaile ag inseacht don chuairteoir cé na gairmeacha a bhí ag daoine san áit tráth den saol – táilliúir anseo, báicéir ansiúd.
Iad ar fad imithe.
Ar a laghad tá dhá óstán láidre ar an mbaile – Óstán Chill Aodáin (Raiftearaí arís) agus an Park Hotel. Bíonn gá le hóstáin i mbaile beag tuaithe má tá rath le bheith ar na hiarrachtaí tionsclóir a mhealladh chuig an mbaile.
Agus mé ag caint le fear a bhí bainteach le hiarrachtaí forbartha in mo sheanbhaile dúchais féin, Bealach an Doirín anuraidh, d’inis sé an scéilín seo dom.
Bhí na húdaráis tar éis seilbh a ghlacadh ar Óstán an Abbeyfield ar imeall an bhaile. Bhí an t-óstán réasúnta nua ach níor éirigh leis. Rinneadh Ionad Fáiltithe do Theifigh as.
Tríd is tríd, chuir an baile an-fháilte roimh na teifigh agus tugadh ardmholadh don dream áitiúil as ucht a gcuid iarrachtaí – go deimhin, bronnadh gradam ‘People of the Year’ orthu. Ach bhí toradh amháin ar an obair seo nach raibh aon súil leis.
Nuair a bhí an coiste áitiúil forbartha ag stiúradh cuairteoirí ón IDA timpeall an bhaile, chuir duine acu focal i gcluais mo chara. “Féach,” a deir sé “níl aon mhaith a bheith ag iarraidh ar thionsclóirí teacht go dtí an baile seo. An chéad rud a déarfaidh siad ná ‘Cén sórt óstáin atá agaibh?’”
Ní hé amháin nach bhfuil aon óstán ann níos mó, ach d’fhógair an t-aon teach ósta a bhíodh ag coinneáil cuairteoirí, Durkin’s, nach mbeidís ag oscailt a thuilleadh. Thart ar an am céanna d’fhógair dhá theach ‘Leaba agus Bricfeasta’ nach mbeidís ag oscailt i mbliana.
Agus Óstán Abbeyfield as feidhm, rinne muintir Durkin obair iontach leis na blianta. Ba ansin a bhíodh gach ceiliúradh – nuair a ghnóthaigh foireann bhaile cluiche peile, nuair a bhí béilí ag teastáil tar éis sochraide, nuair a bhí teacht le chéile ag do chlann, nuair a bhí lá breithe speisialta á cheiliúradh… nuair a bhí Maigh Eo buailte arís sa gCluiche Ceannais.
Bhíodh Andrew agus a dheartháir Colm i mbun oibre ó dhubh go dubh ann. Mura raibh leaba acu féin, bhí aithne acu ar dhuine a thabharfadh lóistín duit.
Tá trua agam do lucht na dtábhairní sna cathracha agus sna bailte móra atá buailte ag na rialacha a bhaineann le srianta na paindéime. Ach is mó go mór an dochar atá déanta ag dúnadh na dtithe tábhairne do na bailte beaga. Doras i ndiaidh dorais glasáilte.
Bhíodh sé de cháil ar Bhealach an Doirín tráth, gur ann a bhí an líon ba mhó pubanna agus tithe le ‘ceadúnas’ sa tír, bunaithe ar dhaonra. Chomh fada le mo chuimhne nuair a bhí mise óg agus 1,200 duine ina gcónaí ansin, bhí os cionn 70 ceadúnas ar an mbaile.
B’fhéidir nach é an rud is measa é nach bhfuil an cháil sin ar an mbaile níos mó. Tá foireann láidir cruicéid acu, i measc foirne eile spóirt agus tá spiorad iontach ar an mbaile.
Ach a chairde sa Rialtas, agus Aire sinsearach anois ag Maigh Eo, nach bhféadfadh sibh aird an IDA agus a leithéidí a dhíriú ar bhailte beaga Mhaigh Eo agus Ros Comáin anois? Tá mé cinnte go bhfuil páirceanna glasa go leor iontu, idir 50 agus 100 heicteár, uisce glan, aerfort gar don láthair, agus daoine díograiseacha maithe a chuirfeadh fáilte agus fiche roimh thionscail nua.
Mícheál Mac Aonghusa
An-alt. Sampla eile de bhaile atá imithe i léig go mór is ea Cill Ala.
Treasa Uí Raghaill
Aontaím go huile is go hiomlán le Mairéad Ní Nuadháin.
Is cuimhin liom an teaghlach bheith ag siopadóireacht i gCoillte Mach nuair a bhí mé ag fás aníos. Bhí rath ar an mbaile & go leor gnólachtaí agus siopaí do gach saghas. Is cuimhin liom Siopa Bréagán Diamonds ina mbíodh Santy an-ghnóthach ar fad.
Bhíos i gCoillte Mach ar na mallaibh.
Ollmhargadh agus poitigéir a bhí ar oscailt i lár an bhaile. B’shin uile.
Foirgnimh bhreátha agus iad folamh.
Damhlaic magShamhráin
agus fág bánaithe iad go ceann tamaillín!
Amach anse agus gan ró-mhoill beidh dreamanna ar theitheadh ós na bailte móra
7 iad ag lorg síochána sna sráidbhailte seo ‘gainne
creid uaimse é!
Beidh “obair sa bhaile” ina tharraiingt 7 deire leis an slua-thrácht maidin 7 tráthnóna!
Tiocfaidh borradh fás 7 flosc arís taobh thiar den tSionainn
ionas “nach í an Éire seo an Éire a bhí anallód ann”