Coicís ‘an-tábhachtach’ romhainn agus tús le cur le feachtas mascanna

Is é an chaoi a n-iompraíonn daoine iad féin i mbun an ghnáthshaoil a shocróidh cé acu an ardóidh ráta scaipthe an ghalair nó nach n-ardóidh, a deir an Dr Philip Nolan ó NPHET

Coicís ‘an-tábhachtach’ romhainn agus tús le cur le feachtas mascanna

An tOllamh Philip Nolan. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Beidh an dá sheachtain atá fágtha sa dara céim de phlean díchuibhrithe an Rialtais “an-tábhachtach” san iarracht scaipeadh an Covid-19 a chur faoi chois.

Dúirt  an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do NPHET, a dúirt an méid sin agus an líon is lú cásanna nua den ghalar fógartha ag an Roinn Sláinte ón 11 Márta.

“Tá uimhir atáirgthe an ghalair seasmhach idir 0.4 – 0.8 le roinnt seachtainí. Beidh an choicís seo amach romhainn an-tábhachtach ó thaobh an scaipeadh a shrianadh, an r-uimhir a choinneáil íseal agus an víreas a chur faoi chosc.

“Is é an chaoi a n-iompraíonn muidne muid féin agus muid i mbun an ghnáthshaoil a shocróidh cé acu an ardóidh an uimhir R nó nach n-ardóidh,” arsa an tOllamh Nolan.

Údar misnigh ab ea é, a dúirt Nolan, nach bhfuil ráta scaipthe an ghalair ag ardú ná ag ísliú ach é ag fanacht “an-seasmhach go deo le roinnt seachtainí”.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim gach lá, líon na gcásanna sna hospidéil agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair ag titim i gcónaí.

86 othar a raibh Covid-19 orthu a bhí in ospidéil inniu agus 28 acu sin a bhí in aonad dianchúraim. Ar an meán, duine amháin le Covid-19 atá á chur in ICU gach cúig lá.

Tá moladh déanta ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) gur chóir feachtas poiblí cumarsáide a ullmhú agus a chur ar bun le cur leis an líon daoine a chaitheann clúdaigh aghaidhe.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan “go míneofar” sa bhfeachtas sin an dea-chleachtas maidir le clúdaigh aghaidhe a chaitheamh i siopaí, ar an gcóras iompair phoiblí agus in áiteanna poiblí eile ina mbíonn sé deacair an scoitheadh sóisialta a chleachtadh.

Dúirt an Dr Holohan go gcaithfí “níos mó” a dhéanamh maidir le tabhairt ar dhaoine mascanna a chaitheamh in áiteanna amhail an córas iompair phoiblí agus siopaí. 

Dúirt sé go raibh an chomhairle chéanna ann i gcónaí i dtaobh mascanna agus nár dóigh leis gur gá caitheamh mascanna a dhéanamh éigeantach. Ghéill sé gur gá feachtas níos éifeachtaí chun an chomhairle a chur in iúl don phobal ar bhealach soiléir.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh ochtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go raibh ocht gcás nua den ghalar deimhnithe. B’in an líon is lú cásanna ó thús mhí an Mhárta.

Ba é an lá inné an séú lá as a chéile ar fógraíodh níos lú ná 30 cás agus an tríú lá an tseachtain seo gur fógraíodh níos lú ná deich gcás.

2,241 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,703 duine ó dheas den teorainn agus 538 ó thuaidh di.

30,060 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,238 cás ó dheas den teorainn agus 4,822 cás ó thuaidh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, an chéad uair acu bás nua a chur ar an taifead le cúig lá.

Ceithre chás nua den ghalar a deimhníodh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,073 den 1,703 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%.

Bhain 940 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,230 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Máirt, an 9 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,307 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 412 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,114 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,167 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,532 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,426 cás, nó 6%
  • 485 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 470 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 804 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 38% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 60% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Idir an dá linn, beidh cead ag daoine atá ina gcónaí ina n-aonar sa Tuaisceart oíche a chaitheamh le teaghlach eile. Sin a bhí le fógairt ag an gCéad-Aire Arlene Foster inniu agus í ag scaoileadh srianta an choróinvíris beagán eile. 

Dúirt an Chéad-Aire go mbeadh daoine fásta singile ábalta oíche a chaitheamh i dteach eile  i ‘mbolgán tacaíochta’.

D’aontaigh an feidhmeannas go gceadófaí a leithéid chun “an bhail a chuireann an t-uaigneas agus an scoiteacht” ar dhaoine a laghdú.

Ní bhaineann an tsaoirse nua seo le daoine atá ag cuibhriú nó ag clutharú.   

Fág freagra ar 'Coicís ‘an-tábhachtach’ romhainn agus tús le cur le feachtas mascanna'