FÍSEÁN – Fear an Tainc

FÍSEÁN: Agallamh le Tuairisc.ie le Tómás Seoighe faoin gclár fásinéise nua Fear an Tainc atá ar siúl ar TG4 an deireadh seachtaine beag seo.

Is é Fear an Tainc an chéad chlár fáisnéise ó Snag Breac, comhlacht nua atá lonnaithe sa Ghaillimh. Labhraíonn Tuairisc.ie le Tomás Seoighe, léiritheoir an chláir faoi eachtra a tharla in Inis Oírr i 1941, i lár an Dara Cogaidh Domhanda, nuair a tháinig tanc ola, a bhí i bhfostú de vaigín iarnróid, i dtír ar an oileán. Bhí corp fir sa tanc.