COGAR ANOIS…le Maghnus Breathnach

Cogar anois...Is é cúl báire na Gaillimhe, Maghnus Breathnach, a d'fhreagair ceisteanna tromchúiseacha Tuairisc.ie an tseachtain seo.

Manus Breathnach na Gaillimhe ag tabhairt na cosa leis ó Alan O' Connor ó Chorcaigh ©INPHO/Donall Farmer
Manus Breathnach na Gaillimhe ag tabhairt na cosa leis ó Alan O’ Connor ó Chorcaigh
©INPHO/Donall Farmer

mbeadh seans agat freastal ar aon ócáid spóirt ar domhan, cén ceann a roghnófá?  Níl ach rud amháin a bhfuil mé in ann cuimhniú air: an SuperBowl. Is ócáid iontach é agus cinnte ba mhaith liom Na Patriots a fheiceáil ann agus Tom Brady ag tabhairt sárthaispéantais uaidh!

ard é an rud is mó a chuireann eagla ort?

Nuair a bhím ar an mbus go dtí cluiche tagann eagla orm go mbíonn dearmad déanta agam ar rud éigín i mo mhála éadaí agus mar gheall air seo bíonn orm tochailt trí mo chuid éadaí agus giúirléidí arís!

hé an duine is cáiliúla a bhfuil a (h)uimhir i do fón póca?

Christy Tyrell. Fear a bhí páirteach sna foirne cáiliúla sna seascaidí do Ghaillimh.

Henry Shefflin nó Colm ‘GoochCooper?

Ceist chrua. Aon seans go mbeifeá in ann ceist a chur ar Henry an bhfuil sé ar fáil chun cluiche ceannais Sóisear A san iomáint a imirt don Spidéal? Tá mé cinnte go mbeadh sé in ann cuplá nóiméad a fháil! Caithfidh mé an Gooch a phiocadh, áfach, óir ní bheidh a leithéid arís ann.

Céard é an rud is greannmhaire nó is aistí atá feicthe agat ar an bpáirc imeartha?

D’imir mé in aghaidh Mhaigh Éo ansin cuplá bliain ó shin ansin sa gcraobh faoi 21 agus rinne mé sábháil ach bhris an liathróid amach chuig ceann d’imreoirí Mhaigh Éo agus gan duine ar bith sa gcúl, chuir sé an liathróid ar fóraoil gan duine ar bith in aice leis. Phléasc mé amach ag gáire leis an umpire. Fós níl mé in ann a thuiscint cén chaoi ar chuir sé an seans amú.

Dá mbeifeá in ann dul siar sa stair agus rud amháin a athrú, céard a dhéanfá?

Is dóigh go mbeadh cuplá rud le n-athrú agam ach dá mbeinn in ann rud amháin a athrú, is é an diabhal bearradh gruaige a fuair mé roimh an gcluiche in aghaidh Shligigh i mbliana – bhí sé uafásach!

Dá mbeadh cead agat bainisteoir a roghnú ar d’fhoireann, cé a phiocfá – duine daonna nó carachtar as leabhair nó scannáin?

José Mourinho. Tá sé ina shaineolaí agus tuigeann sé céard atá le déanamh chun cupáin a chur ar an mbord!

Cén t-imreoir is measa a chas duit maidir le bheith ag cabaireacht agus ag cur as duit ar pháirc na himeartha?

An t-aon duine a bhfuil mé in ann cuimhniú air ná Danny Cummins. Aon uair a bhíonn muid ag tranaéil bíonn sé ina dhiabhal ag iarradh mo ‘tí’ a chur i bhfolach nó bíonn sé ina seasamh os mo comhair chun an cic a stopadh!

Rachel Wyse nó Marty Morrissey?

Rachel Wyse. Cén sort ceist’ í seo???!

Cé acu is measa, dar leat, seasamh roimh bhuille éirice de chuid Anthony Nash gan chamán, nó íde béil a fháil ó Davy Fitz?

Ní bheadh mórán faitís orm roimh Anthony ná Davy, ach cic éirice a stopadh ó Michael Meehan, bhuel sin an rud is measa ar fad!

Fág freagra ar 'COGAR ANOIS…le Maghnus Breathnach'