COGAR ANOIS… le Charlie Vernon

Freagraíonn Charlie Vernon, peileadóir Ard Mhacha, na ceisteanna is práinní agus is tromchúisí atá ag dó na geirbe ag Tuairisc.ie

Lanchúlaí Ard Mhacha, Charlie Vernon, atá i mbun freagairt ceisteanna Tuairisc.ie. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Lanchúlaí Ard Mhacha, Charlie Vernon, atá i mbun freagairt ceisteanna Tuairisc.ie. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

1. Dá mbeadh seans agat freastal ar aon ócáid spóirt ar domhan, cén ceann a roghnófá?

Na U.S. Masters ag Augusta.

2. Céard é an rud is is mó a chuireann eagla ort?

Luchóga móra; ina dhiaidh sin, bheith i mo luí ar chathaoir fiaclóra – mo bhean! – agus druilire ina láimh aici!

3. Cén duine is cáiliúla a bhfuil a (h)uimhir i do fón póca?

Níl mé cinnte, idir Kieran McGeeney agus Seán Bán Breathnach atá sé!

4. Henry Shefflin nó Colm ‘Gooch’ Cooper?

Shefflin.

5. Céard é an rud is greannmhaire nó is aistí atá feicthe agat ar an bpáirc imeartha?

Bhí mé ag imirt cluiche faoi-14 in aghaidh Dearclaigh. Nuair a bhí an cúl báire ag tógáil cic amach óna láimh, sciorr sé agus thit sé tóin thar ceann. D’éirigh leis an liathróid a chiceáil díreach thar an trasnán chun pointe a scóráil i gcoinne a fhoireann féin. Fíorscéal.

6. Dá mbeifeá in ann dul siar sa stair agus rud amháin a athrú, céard a dhéanfá?

Ní thabharfainn cead do Conor Gormley blocáil a dhéanamh ar iarracht Steven McDonnell i gCluiche Ceannais na hÉireann i 2003. D’fhéadfadh Ard Mhacha deich gcinn de chraobhacha na hÉireann as a chéile a bheith buaite acu murach an bhlocáil sin!

7. Dá mbeadh cead agat bainisteoir a roghnú ar d’fhoireann, cé a phiocfá – duine daonna nó carachtar as leabhar nó scannán?

Is dóigh liom go mbeadh réiteach éigin ag Albert Einstein ar conas an dlúthchosaint a bhriseadh síos. Seans go mbeadh cur chuige suimiúil Brian Clough chomh maith.

8. Cén t-imreoir is measa a casadh ort maidir le bheith ag cabaireacht agus ag cur as duit ar pháirc na himeartha?

Mo dheartháir John!

9. Rachel Wyse nó Marty Morrissey?

Marty Morrissey.

10. Cé acu is measa, dar leat, seasamh roimh bhuille éirice de chuid Anthony Nash gan camán agat, nó íde béil a fháil o Davy Fitz?

Seasamh roimh bhuille éirice Nash mar, tar éis dó thú a fheiceáil á dhéanamh, is dóigh go dtabharfadh Davy Fitz íde béil duit ar aon nós.

Fág freagra ar 'COGAR ANOIS… le Charlie Vernon'