COGAR ANOIS…le Lester Ryan

Is é Lester Ryan ó Chill Chainnigh, atá ag freagairt na gceisteanna tromchúiseacha ag Tuairisc.ie an tseachtain seo.

Lester Ryan lifts the Liam McCarthy Cup 27/9/2014

Dá mbeadh seans agat freastal ar aon ócáid spóirt ar domhan, cén ceann a roghnófá?

Breathnaíonn an Corn Ryder ar fheabhas. Bfhéidir go mbeadh Jim McGuinness in ann mé a thabhairt an chéad uair eile?

 

Céard é an rud is mó a chuireann eagla ort?

Nuair a bhriseann tú do chamán maith seachtain roimh chluiche mór. Tagann creathán orm agus mé fiú amháin ag smaoineamh air. Is rud tubaisteach é nuair a bhriseann do chamán tar éis greamán nua a chuir air, chomh maith.

 

Cén duine is cáiliúla a bhfuil a (h)uimhir i d’fhón póca?

Henry Shefflin. Tá uimhir Brian Kennedy agam ach is é an lánchúlaí clé, tapaidh ag Cill Chainnigh atá ann seachas an t-amhránaí.

 

Henry Shefflin nó Colm ‘Gooch’ Cooper?

Henry Shefflin, ach má shroicheann Clárach cluiche ceannais na craoibhe peile, bfhéidir go bpiocfainn An Gooch anisn!

 

Céard é an rud is greannmhaire nó is aistí atá feicthe agat ar an bpáirc imeartha?

Fear ag rith timpeall Pháirc an Chrócaigh i ndiaidh seabhaic roimh an gcluiche leathcheannais in aghaidh Luimnigh i mbliana. É sin ráite, dimir mé cluiche peile uair amháin nuair a chuaigh an liathróid isteach i lár nead neantóga agus dhiúltaigh an cúl báire agus na himreoirí uile í a fháil ar ais. Ní raibh aon liathróid eile ann agus cuireadh moill 10 nóiméad ar an gcluiche go dtí gur éirigh le cúpla lad óg, armáilte le camáin, na neantóga a choscair.

 

Dá mbeifeá in ann dul siar sa stair agus rud amháin a athrú, céard a dhéanfá?

Dá mbeadh an seans agam, rachainn ar ais go dtí críoch chluiche ceannais na hÉireann agus é sin a mhothú arís agus arís eile. Nuair atá tú i gcomhluadar na fir seo a chaith tú an bliain uile ag traenáil leo, tá sé dochreidthe. Ní bheadh drochfhocal le rá agam faoi aon cheann acu, tá muid ar nós clann mhór ar an bhfoireann.

 

Dá mbeadh cead agat bainisteoir a roghnú ar d’fhoireann, cé a phiocfá – daoine daonna nó carachtar as leabhair nó scannáin san áireamh?

Ba bhreá liom Jose Mourinho a fheiceáil mar bhainisteoir ar fhoireann Chláraigh. Ní dóigh liom go gcuirfeadh muintir na tuaithe suas leis an gcleasaíocht a bhíonn ar siúl aige ar an taobhlíne ach bheadh sé suimiúil a fheiceáil cén chaoi a n-éireodh leis.

 

Cén t-imreoir is measa a casadh ort maidir le bheith ag cabaireacht agus ag cur as duit ar pháirc na himeartha?

Níl tada ródhona cloiste agam ar an bpáirc. Is é Mick Walsh, ó chumann Éire Óg an t-imreoir is crua ar imir me ina aghaidh. Níl mé cinnte an bhfuil a fhios aige go bhfuil sliotar ann le himirt ar chor ar bith! Ar ndóigh, tá an fhisiciúlacht mar chuid den CLG ach ní bheadh aon mheas agam ar imreoir a bheadh ag maslú fear eile ar an bpáirc.

 

Rachel Wyse nó Marty Morrissey?

Bhuail me le Marty cheana agus is togha fir é a bhfuil an-eolas aige ar an CLG. Níor chas mé le Rachel Wyse riamh ach tuigim gur iriseoir fíorchumsach, fíorchliste í. Bheifeá in ann an-chomhrá a bheith agat leis an mbeirt acu agus ní cheapaim go mbeadh sé ceart aghaidh a thabhairt ar an gceist sin ar aon bhealach eile

 

Cé acu is measa, dar leat, seasamh roimh bhuille éirice de chuid Anthony Nash gan chamán, nó íde béil a fháil ó Davy Fitz?

Cuireadh mé san ospidéal faoi dhó tar éis buille den sliotar a fháil san áit is mó a ngortódh sin tú. Bhí an t-ádh liom nach bhfuil aon damáiste seasta déanta ach, tar éis an méid sin, ceapaim go mbeinn in ann ag íde béil ó Davy Fitz.

Fág freagra ar 'COGAR ANOIS…le Lester Ryan'