‘Cogadh bréige’ ar bun idir RTÉ, TG4 agus BBC maidir le soláthar clár Gaeilge — Esslemont

Deir Ardstiúrthóir TG4 go gcaithfidh na craoltóirí a bhíonn ag plé le cláir Ghaeilge a bheith ag comhoibriú níos fearr le chéile

‘Cogadh bréige’ ar bun idir RTÉ, TG4 agus BBC maidir le soláthar clár Gaeilge — Esslemont

Tá “cogadh bréige” ar siúl idir craoltóirí a chuireann ábhar Gaeilge ar fáil in Éirinn, agus RTÉ, TG4, agus an BBC sáinnithe “fós sna trinsí”, dar le hArdstiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

Dúirt an tArdstiúrthóir, a tháinig i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir i bhfómhar na bliana seo caite, go gcaithfidh na craoltóirí a bhíonn ag plé le cláracha Gaeilge “a bheith ag comhoibriú le chéile”.

Bhí Esslemont ag tabhairt óráide uaidh dá raibh i láthair ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe, oíche Dé hAoine. Bhí sé ina Cheannasaí Ábhar le BBC Alba, an stáisiún Gàidhlig in Albain, ar feadh blianta, agus dúirt sé go raibh “i bhfad níos mó comhpháirtíochta” i gceist thall in Albain ná mar a bhíonn i gceist le craoltóireacht na Gaeilge abhus.

“Ní raibh ‘an branda’ chomh tábhachtach sin in Albain agus thuig muid go gcaithfidh muid a bheith ag comhoibriú le chéile. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh na craoltóirí sin atá ag plé leis an nGaeilge ag comhoibriú le chéile. Tá siad fós sna trinsí, agus tá cogadh bréige ar siúl idir BBC, TG4, agus RTÉ,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go bhféadfadh na meáin Ghaeilge, TG4 féin ina measc, go leor a fhoghlaim ón iris An Claidheamh Soluis a chuir Conradh na Gaeilge amach idir na blianta 1899 agus 1932 faoi theidil éagsúla. Dúirt sé gur thug an iris inspioráid dó féin nuair a tháinig sé ar chóipeanna di ar dtús in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh na blianta fada ó shin.

“Bhí na daoine a chuir An Claidheamh Soluis amach ag iarraidh go mbeadh dhá rud ag an iris, agus fuair siad an dá rud sin — faobhar agus solas. Tá sé sin an-tábhachtach do TG4 faoi láthair. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh faobhar agus solas ag na meáin Ghaeilge,” a dúirt sé.

Leag Esslemont fís nua amach do TG4 an mhí seo caite, ag Lá Mór Eolais na Léiritheoirí, imeacht a reáchtáil TG4 i nGaillimh. Labhair an tArdstiúrthóir arís faoin bhfís atá aige don stáisiún ag Ard-Fheis an Chonartha. Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go bhfreastalófaí ar “chultúir ghaolmhara na Gaeilge” — an ceol Gaelach, spórt Gaelach, agus damhsa Gaelach — ach go bhfuil sé tábhachtach freisin béim a chur “arís” ar “obair chruthaitheach chomhaimseartha sa Ghaeilge”.

“Caithfear doras a oscailt don chainteoir óg líofa Gaeilge. Caithfear breathnú ar na meáin mar dheis iontach eacnamaíoch don tír agus caithfear cainteoirí Gaeilge a chur ag croí an ruda,” a dúirt sé.

Tá cinntí conspóideacha déanta ag Esslemont ó tháinig sé i gceannas ar TG4 i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Faoin leagan amach nua a nocht sé an mhí seo caite, tá deireadh á chur leis na cláir a bhí á ndéanamh i stiúideo TG4 i mBaile na hAbhann — an clár Seó Spóirt san áireamh.

Tá an tArdstiúrthóir i mbun cainteanna chomh maith faoi láthair le RTÉ, a chuireann Nuacht TG4 ar fáil mar chuid dá soláthar reachtúil clár do TG4 maidir le forbairt a dhéanamh ar chláir cúrsaí reatha an stáisiúin Ghaeilge.

Fág freagra ar '‘Cogadh bréige’ ar bun idir RTÉ, TG4 agus BBC maidir le soláthar clár Gaeilge — Esslemont'