Tá éacht déanta ag Brian Cody arís agus foireann faoina stiúir cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann den seachtú huair déag. Agus bhain siad an áit sin amach go slachtmhar agus go húdarásach agus greim scrogall acu ar an Chlár ó chaitheamh isteach an tsliotair seachtain ó shin. Bhí an cluiche thart ag leath ama. Dar ndóigh coimeádadh Tony Kelly agus Peter Duggan gan aon scór ón imirt.
Sa chluiche leathcheannais eile bhí cath againn go dtí an fheadóg dheiridh agus an-mhí-ádh ar an nGaillimh go rabhadar chomh mhíchruinn mar bhíodar gob ar ghob le Luimneach sa chuid eile den imirt. Ach is iad na seaimpíní, Luimneach, atá sa tóir ar chorn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo den tríú huair as a chéile.
Is iontach go deo an choicís sin roimh Chraobh na hÉireann do na himreoirí sinsir agus iad ag ullmhú don ócáid is mó i bhféilire na hiomána. Is cosúil go bhfuil ré an chéad Domhnaigh de Mheán Fómhair imithe agus an féilire nua á leanúint ag CLG.
Dar ndóigh tá seantaithí ag muintir Chill Chainnigh ar an gcoicís seo, ach le blianta beaga anuas, taithí ag Luimneach ar an rírá a bhíonn ag baint léi. Tá eolas a gceirde go maith ag Brian Cody (mar a dúirt mé, seo a sheachtú cluiche ceannais déag mar bhainisteoir) agus ag John Kiely agus ar an bprapáil atá le déanamh don lá thar a bheith tábhachtach seo.
Tá cuma an-phroifisiúnta ar fhoireann bhainistíochta agus imreoirí Luimnigh, mar atá feicthe againn le cúpla bliain anuas. Tá taithí acu ar a bheith ag déileáil leis na meáin. Tá taithí acu leis ar gach a dtagann leis an choicís roimh an gcluiche ceannais.
Agus, dar ndóigh, is mór an buntáiste é sin i gcoicís ina mbeidh an spotsolas ag scaladh orthu aon uair a bhíonn na himreoirí amuigh i measc an phobail. Rud nua ar fad é d’imreoirí nua na gCat agus beidh mórán rudaí le láimhseáil acu taobh amuigh de pháirc na himeartha. An fhadhb is mó, más fadhb í, ná an ganntanas ticéad agus an tuairim a bhíonn ag daoine go bhfaigheann na himreoirí carn mór dóibh. Tagann ‘seanchairde’ as an gceo ag lorg na seoda luachmhara seo. Mar aon leis sin, bíonn ticéid á lorg don fhéasta a bhíonn ann istoíche Dé Domhnaigh. Tagann míorúilt na mbollóg agus na n-iasc chun cuimhne.
Ansin bíonn na himreoirí le tomhas do na cultacha a chaitheann siad i ndiaidh an chluiche.
Caitear go leor ama roimh nó i ndiaidh na traenála freisin agus an t-uafás rudaí le síniú sa seomra feistis i gcónaí – geansaithe, camáin, sliotair, pictiúir, cártaí agus gach saghas eile.
Tá a fhios agam go bhfuilim ag cruthú pictiúr diúltach go leor d’ócáid an-speisialta ach táim ag iarraidh a chur in iúil dos na léitheoirí go mbeadh sé éasca go leor ag na himreoirí a n-aird a bhaint den phríomhsprioc, an cluiche féin, leis an rírá seo go léir nach bhfuil cleachtadh acu air ag tarlú ina dtimpeall.
Is dócha go bhfuil buntáiste de shórt ag Luimneach agus iad ag ullmhú don cheathrú cluiche ceannais faoi stiúir an mháistir Kiely agus iad ar thóir an tríú craobh i ndiaidh a chéile.
Mar atá ráite agus scríte go minic, is ar an bpáirc a bhuaitear agus a chailltear cluichí agus tá súil agam go bhfuil aigne agus coirp an dá fhoireann dírithe go hiomlán na laethanta seo ar an gcluiche seachas ar an ócáid.
Dar ndóigh tá Rí na mBainisteoirí sa chúinne eile ag fanacht ar Luimneach agus gach cleas sa leabhar de ghlanmheabhair ag Brian Cody. Má tá cleas nua ag teastáil chun na seaimpíní a chloí, bí cinnte go bhfuil sé á fhoghlaim aige faoi láthair.
Beidh caint, comhrá, díospóireacht, dianscrúdú agus machnamh go leor ar bun ag an dá dhream roghnóirí ar theaicticí agus ar threoracha speisialta d’imreoirí áirithe. Dar ndóigh tabharfar a lán ama freisin don chéad chúigear déag, do na fir ionaid a bheidh ag teacht isteach ar dtús agus don seisear is fiche a mbeidh a n-ainmneacha ar an gclár oifigiúil. Beidh siad ag iarraidh gach trá a fhreastal agus a bheith ullamh do pé rud a tharlóidh ar an lá, go háirithe na rudaí nach bhfuil aon súil leo.
Sea is iontach agus is dúshlánach í an choicís sin idir an cluiche leathcheannais agus an cluiche ceannais.
Fág freagra ar 'Cody agus Kiely dírithe ar a n-imreoirí seachas ar an rírá uile a bhaineann leis an gcluiche ceannais'