Cnuasach gearrscéalta Gaeilge ealaíonta inléite

Moltar sa mhír seo leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An babhta seo, cnuasach gearrscéalta nua le Réaltán Ní Leannáin…

Cnuasach gearrscéalta Gaeilge ealaíonta inléite

Leabhar é seo tur te ón gclódóir. Ceann de na fadhbanna móra a bhaineann leis an dianghlasáil seo ná nach mbíonn cothrom agat triall ar na siopaí leabhar, cé gurb ait le go leor againn cad ar a shon nach bhfuil siad áirithe mar sheirbhís riachtanach. Fágann sin gur geall le deargthimpist í go n-éiríonn leat teacht ar an ábhar is friseáilte.

Inní (Éabhlóid) le Réaltán Ní Leannáin chomh friseáilte sin go bhfuil scéal ann a bhfuil an coróinvíreas ina lár! N’fheadar an é seo an chéad scéal dá leithéid i litríocht na Gaeilge (agus b’fhéidir na hÉireann). Cuimhne fhileata atá sa scéal sin ‘Meadúsa’ ina ndéantar codarsnacht láidir idir an saol a bhíodh ann nuair ab fhéidir le daoine teagmháil phearsanta fhisiciúil neamhdhíobhálach a bheith acu le chéile, sa chás seo, an moladh atá á thabhairt do stíl ghruaige an insitheora agus á láimhseáil, mar mhalairt ar an saol faoi láthair nuair a chaithfear fanacht dhá mhéadar ó dhuine eile.

Tá níos mó ná sin ann, an té a léifidh i gceart é, ach tá na bríonna fillte sin go coitianta trí na scéalta seo. Suíomh scoile atá ag cúpla ceann díobh, ach nach mbíonn sa scoil féin ach láthair chatha a shíneann amach sa tsaol. Mar sin atá in teidealscéal an leabhair ‘Inní’ ina gcaitheann múinteoir óg dul i ngleic le cuid de na bligeaird de bhuachaillí ina rang. Agus ní ‘bligeaird’ leis an imir leathspórtúil a bhíonn ag an bhfocal sin go minic, ach gur dream contúirteach gránna iad i ndeireadh na dála. 

D’fhéadfadh a leithéid chéanna a rá faoi na tuismitheoirí. Scéal scanrúil is ea ‘Banríon’ ina bhfuil aighneas gairmiúil agus teannas pearsanta snaidhmthe le saol mhúinteora as Conamara a bhfuil cónaí uirthi i nDoire. Nochtar anseo réimse de mhothúcháin arb é brat ‘na dtrioblóidí’ a gcúlra, agus is de shuimiúlacht go léirítear anseo an meon críochdheighilteach sin atá rómhinic ar an taobh ó dheas den teorainn, ach gur ó thuaidh atá sé neadaithe sa chás seo. Tá an bhearna tuisceana sin soiléir, leis, i gcás an tsagairt aneas in ‘An chloch is mó’ nach dtuigeann an fhrigh is lú maidir leis an saol sin ar an taobh eile den chríochdheighilt, fág nach chuige sin an scéal.

Go deimhin, is sna sé chontae atá go leor de na scéalta bunaithe, go háirithe i mBéal Feirste, nó sin a shamhlaímid sa chás is nach ndeirtear go sonrach é. Is é a bua mór mar údar ná saol seo na cathrach, go háirithe saol teaghlaigh nó leath-theaghlaigh na comharsanachta a thaispeáint le séimhe nó le boirbe de réir mar is gá. 

Scéal álainn moiglí soineanta is ea ‘Rún’ a instear nach mór trí shúile cailín óig aimsir na Nollag agus í ag dúil go dtiocfaidh Santaí. Tógtar sonraí na n-ullmhúchán go mion ach go híogair dúinn go dtí go dtuigtear dúinn nach ionann an Nollaig seo agus Nollaigí eile, toisc go bhfuil a hathair ar iarraidh. Is ea, is dóigh leat gur imigh sé le duine éigin eile, nó go bhfuil sé i bpríosún…ach tá breall ort. Is é seo an ball díreach ina bhfeicimid scil an údair ag múscailt na mothúchán is doimhne agus is boige atá ionainn. 

Tá scéalta eile anseo ina bhfeicimid saol iomlán cúpla duine laistigh de dhornán leathanach. D’áireoinn ‘Go mbeirimid beo’ ar cheann díobh sin ina bhfuil an scéal mar a bheadh scéal ar nós go leor, b’fhéidir, ach go ndathaítear scata carachtar go beo is go cruinn is go soiléir le cúpla stróc dá scuab. Cuid den scil sin, baineann lena cumas comhrá nádúrtha inchreidte a thabhairt dúinn a choinníonn an scéal ag gluaiseacht agus a dhealbhaíonn pearsana dúinn ag an am céanna. 

Tá scéalta diamhra caolchúiseacha anseo chomh maith ar nós ‘Cnámha’, agus níl cuid eile gan a sciar den ghreann, más greann íoróineach féin atá ann, mar atá in ‘Dorchadas’ ina samhlaítear go bhfuil taibhse nó spiorad de shaghas éigin ag gnáthú an tí. Agus tá tuilleadh gan amhras le blaiseadh gan nod uaim féin.

Cnuasach ealaíonta inléite é seo a bhfuil saol inaitheanta faoi leith cruthaithe ann. Siúl isteach ann ar son na léargas ar an daonnacht atá istigh ina lár. 

Fág freagra ar 'Cnuasach gearrscéalta Gaeilge ealaíonta inléite'