‘Cneámhaire’, ‘ciníoch’ agus ‘bréagadóir’ é Donald Trump – a iardhlíodóir

Tá ráite ag iardhlíodóir agus iarghleacaí Donald Trump gur inis Uachtarán Mheiriceá bréaga faoina ghnó sa Rúis, gur threoraigh sé go n-íocfaí airgead dúnta béil agus go ndearna sé áibhéil faoina shaibhreas

‘Cneámhaire’, ‘ciníoch’ agus ‘bréagadóir’ é Donald Trump – a iardhlíodóir

Is “cneámhaire”, “ciníoch” agus “bréagadóir” é Donald Trump, dar le hiardhlíodóir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Michael Cohen.

Dúirt Cohen gurb é an t-aon chúram a bhí ar aon duine a bhí ag obair in eagraíocht Trump ná Trump a chosaint agus gurbh eol d’aon duine a d’oibrigh dó go mbeadh orthu “bréag éigin a insint ar a shon chuile lá”. 

Dúirt sé gur duine “bagrach” Trump ach nár bhagair sé dochar fisiciúil ar aon duine mar go raibh daoine eile fostaithe aige chun sin a dhéanamh.

Dúirt Cohen ag cruinniú de chuid Choiste Maoirseachta agus Athchóirithe Theach na  Comhdhála, go raibh a fhios ag Trump faoin gcarn eolais a bhí ag WikiLeaks maidir le feachtas uachtaránachta Hillary Clinton sular cuireadh na ríomhphoist os comhair an tsaoil. 

Mháigh Cohen chomh maith gur inis Trump bréaga le linn thoghchán uachtaránachta 2016 maidir lena phlean   ‘Trump Tower’ a thógáil  i Moscó. 

Mhaígh Cohen chomh maith gur threoraigh Trump dó íocaíocht a dhéanamh as a phóca féin le haisteoir i dtionscal na scannán do dhaoine fásta ionas nach sceithfeadh sí scéalta faoin Uachtarán. Dúirt Cohen gur íoc Trump an t-airgead ar ais leis.

Thug sé le fios gur $130,000 a íocadh leis an aisteoir Stormy Daniels ionas nach sceitheadh sí scéal faoina caidreamh collaí le Trump. Bhí Trump ina uachtarán nuair a d’íoc sé an t-airgead ar ais le Cohen, a mhaígh an dlíodóir.

D’áitigh sé freisin go raibh seans ann go raibh clann Trump go léir “i ngreim ag namhaid ón iasacht”.

Dar le Michael Cohen go ndearna an tUachtarán áibhéil faoina chuid maoine le go mbainfeadh sé áit amach ar liosta Forbes de na daoine is saibhre ar domhan, ach gurbh amhlaidh go mbíodh sé ag iarraidh rud beag a dhéanamh dá mhaoin nuair a bhíodh cáin á híoc uirthi.

Tá séanta ag Trump go raibh aon chlaonpháirtíocht ar bun idir a fheachtas agus Moscó. Dar leis gur “géarleanúint” atá ar siúl ag Robert Mueller, an té atá i bhfeighil an fhiosrúcháin faoin Rúis.

Tá ráite ag an Uachtarán Trump gur duine “lag” é Cohen atá “sách dúr” agus gurb amhlaidh go bhfuil sé ag insint bréag chun go rachfaí níos boige air i dtaobh coireanna eile a bhí déanta aige. Dúirt Trump gur fealltóir, nó ‘rat’, é Cohen.

Fág freagra ar '‘Cneámhaire’, ‘ciníoch’ agus ‘bréagadóir’ é Donald Trump – a iardhlíodóir'