Cnámh spairne polaitíochta an chraoltóra nua in Iosrael

Agus gan mórán airde air ón dtaobh amuigh, dhún rialtas Iosrael an t-údarás náisiúnta craolta an mhí seo caite

Cnámh spairne polaitíochta an chraoltóra nua in Iosrael

A chead sin acu, ós eagraíocht leathstáit a bhí ann – ach níor tugadh ach fógra cúpla uair an chloig don bhfoireann go raibh deireadh leis an gcraoltóir an lá céanna, rud a d’fhág na deora leo le linn an chláir cúrsaí reatha dheireanaigh, Mabat LaHadashot, (Spléachadh Nuachta), agus iad ag canadh an amhráin náisiúnta mar chlabhsúr air.

Ba dheacair gan a cheapadh go raibh lámh ag an bPríomh-Aire, Binyamin Netanyahu, sa mbealach ar tháinig an IBA, mar ab aithne go hidirnáisiúnta air, chun deiridh.  Shéan sé go láidir é an lá dár gcionn, ar ndóigh, agus cháin an cur chuige a úsáideadh.

Ach ó tharla go raibh a dhímheas agus a amhras ar an gcraoltóir léirithe aige go minic le trí bliana anuas, thuigfeá nach bhféadfadh deireadh a theacht leis luath a dhóthain dó.

Ní ceist polasaí a bhí ann dó, dá mhéid dár mhaígh sé gurbh ea.  Bhí sé pearsanta.

Agus cheapfá go raibh dóthain taithí ar an bpolaitíocht aige lena thuiscint go mbíonn na meáin ag síorcheistiú an rialtais – agus mura mbeadh, nárbh fhiú iad bheith ann.

Ach bhí sé seo chomh pearsanta go ndeachaigh an Príomh-Aire i bhfiontar olltoghcháin ina thaobh, ag cosaint sraith athruithe polasaí gur deacair iad a chreidiúint.

Benjamin Netanyahu

Thosaigh an feachtas leis an IBA a dhúnadh chomh fada siar le Bealtaine 2014, nuair a dúirt Aire Cumarsáide an ama nach raibh gá ar bith leis an IBA a thuilleadh. Mar sin féin, faoin mbille a tugadh isteach sa Knesset an uair sin, bhunófaí údarás nua a bhfuil ‘Kan’ tugtha air.

Shábhálfaí airgead, a dúradh, agus dhéanfadh an t-údarás nua cláracha ar fónamh.  Agus lena chruthú gurb é leas na muintire a bhí mar sprioc acu, chuirfí deireadh leis an táille ceadúnais, a dtugtar “cáin” air sa tír sin.

Bhí an ghráin ag daoine air mar cháin, a dúradh.  Timpeall €100 sa bhliain a chosain sé.  Ualach as cuimse, ar ndóigh.

Ach ón tús deineadh praiseach den phróiseas athraithe.  Ní fhéadfadh baill an Knesset aontú ar cé acu coiste a scrúdódh an Bille, agus bhí cuid acu amhrasach gur le tuairimíocht chraolta a choilleadh a bhí an t-athrú á dhéanamh.

Agus i dteannta faitíos a bheith ar fhoireann an IBA maidir lena bpostanna, bhí fearg orthu maidir leis an chinsireacht a chreideadar a bheith taobh thiar den pholasaí nua seo.

Thosaíodar feachtas agóidíochta agus stailceanna gearra in aghaidh an athraithe, agus fuaireadar tacaíocht ó dhreamanna eile laistigh den tseirbhís phoiblí, ina measc foirne ag Aerfort Ben Gurion, ar a n-áirítear oifigigh shlándála, oifigigh ar an teorainn leis an Iordáin agus oibrithe sna calafoirt in Ashdod agus Haifa.

Fiú Aire Rialtais, gheall sé go vótálfadh sé in aghaidh leasú a thabharfadh cead don IBA deireadh a chur le postanna chun a bhuiséad a laghdú sa tréimhse sula ndúnfaí é.

Bliain i ndiaidh fhógairt an údaráis nua, bhíothas fós ag margáil faoin líon daoine a chaillfeadh a bpostanna.  Faoin am sin, mar chuid de na hathruithe a bhíonn de shíor ag teacht ar rialtais Iarúsailéim, bhí an aireacht chumarsáide ag Netanyahu féin, ach níor éirigh leis Comhairle a bhí ainmnithe cheana féin a cheapadh go foirmeálta chun craoladh an údaráis nua “Kan” a mhaoirsiú.

Dúirt an freasúra gur thaispeáin sin gur le raidió agus teilifís a thabhairt faoi smacht an rialtais a bhí na hathruithe á ndéanamh.

Ar ndóigh, ní chuige sin atá siad.  Mar sin féin, chonacthas dóibh go gcaithfí dlí a thabhairt isteach chun deireadh a chur le tuairimíocht i gcraolta an tsean-údaráis.  Ní bheadh an t-údarás nua faoi réir aige.

Tarraingíodh siar an dlí sin go tapa, nuair a cháin iriseoirí sna meáin eile agus an Chomhairle Preasa é.  Agus ghéill an tAire Eolaíochta, Ofir Akunis, nach raibh an dréacht soiléir a dhóthain, sular éirigh sé as an bpost a bhaineann le reachtaíocht chraolta.

I bhFómhar 2015, beagán le cois bliana tar éis don chéad bhille dul tríd an Knesset, tháinig deireadh le craolta Béarla an IBA.

Mí Iúil na bliana dár gcionn, d’fhógair Netanyahu go mbeadh moill ar Kan tosú ag craoladh (rud a bhí bliain ar gcúl cheana féin) agus nach gcuirfí deireadh leis an IBA go dtí 2018. Cháin an tAire Airgeadais Moshe Kahlon an mhoill, agus dúirt an t-iarAire Cumarsáide, Gilad Erdan, a thug an bille isteach an chéad lá riamh, gur dhóigh leis anois nach mbunófaí an t-údarás nua in aon chor.

Mheasfá gur chuma leis go raibh Kan lonnaithe in oifigí nua cheana féin, agus ceann foirne ainmnithe dó.

Ansin cháin an tAire Oideachais an t-athrú, á rá gur ábhar imní na dlíthe nua a bheith ag cur srianta ar chraoltóirí.  Agus léirigh an tAire Airgeadais a mhíshásamh arís leis an gcur is an cúiteamh ar fad.  Dúirt sé gur chóir dul chun cinn leis an athrú ar an dáta a bhí ceaptha (a bhí thart le fada faoi sin).

Chosain Netanyahu a chinneadh, ag maíomh go raibh sé ag iarraidh iomaíocht a bhrostú san earnáil.  Mhaígh lucht a cháinte go gcosnódh an mhoill suas le €150 milliún.

Nuair a phléigh an Rialtas an t-athrú arís, chualathas an tAire Cultúir, Mir Regev, ag gearán nárbh fhiú údarás nua a bhunú murarbh fhéidir é a choinneáil faoi smacht.

Leis sin, moladh bille a chuirfeadh an t-athrú ar fad ar ceal. Dúradh go sábhálfadh sé sin €700 milliún. D’éirigh idir na hAirí ag an gcruinniú Comhrialtais arís, agus chualathas guthanna feargacha.

Ach b’éigean dóibh an plean a phlé, plean a d’fhágfadh an IBA ar an saol, ach é a dhéanamh níos éifeachtaí, agus a chuirfeadh deireadh leis an údarás nua – a bhí go tiubh tréan ag earcú foirne i measc oibrithe an IBA.  Agus cé a chreidfeadh é, ach bhí Netanyahu anois i bhfabhar an IBA a choinneáil!

Ag an bpointe sin, is cosúil gur theip ar an bhfoighne ag an Aire Airgeadais, agus bhagair sé go gcuirfeadh sé bac ar an bplean nua, polasaí a raibh Netanyahu ag tacú leis. Nuair a thacaigh an tAire Cosanta, Avigdor Liberman, leis an bplean nua chomh maith, bhí sé ina chogadh dearg i measc bhaill an Chomhrialtais.

Creidtear gur déanach sa lá a thuig an Príomh-Aire go raibh an iomarca neamhspleáchais geallta don eagraíocht nua, Kan – níos mó ná mar a bhí ag an IBA.  Ní chreidtear an míniú a bhí aige féin ar an scéal: gur chorraigh scéalta truamhéalacha na n-oibrithe san IBA é.

B’ionann cuid de chaint an Uachtaráin Reuben Rivlin agus amhras a chaitheamh ar spriocanna craolta Netanyahu, nuair a bhí Rivlin ag labhairt le seisiún úr an Knesset faoi Shamhain.

Idir an dá linn, chomhairligh an tArd-Aighne don Phríomh-Aire nár chóir dó leanúint air i bhfeighil cúrsaí craolta, agus bhunaigh an cuntasóir stáit fiosrúchán foirmeálta faoi hathruithe iomadúla polasaí.

Agus go tobann ghéill Netanyahu, agus chuir sé an leasú nua i leataobh go scrúdófaí é, áit ar fhan sé go dtí earrach na bliana seo.

I dtús mhí Márta, d’athmhúscail oibrithe an IBA a bhfeachtas in aghaidh a dhúnta agus ag an am céanna thosaigh an Príomh-Aire ag caint arís ar an údarás nua a chur ar ceal, nó ar an mhéar fhada ar a laghad.  Agus spréach an tAire Airgeadais.

‘Níl Kahlon agus Netanyahu mór le chéile níos mó,”.ar seisean, agus i bhfaiteadh na súl bhí gach éinne ag caint ar olltoghchán.

Mhair an leamhsháinn sin go dtí deireadh na míosa sular thángadar ar chomhréiteach: rachadh Kan chun cinn, ach ní bheadh aon rannóg nuachta ann.

Má shásaigh sé sin na hairí, ní dealraitheach gur shásaigh sé éinne eile.

Agus cuireadh an IBA chun báis roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, rud a d’fhág go bhfuil an t-údarás nua ag craoladh gan nuacht, gan chúrsaí reatha, agus gan inchreidteacht agus go bhfuil na meáin in Iosrael níos cinnte ná riamh gurbh é ba mhaith le Binyamin Netanyahu an Likud Laethúil a fhoilsiú, agus stáisiúin teilifíse is raidió Bibi a bheadh ag craoladh laoithe molta aon uair a chasfadh sé ar iad.

Fág freagra ar 'Cnámh spairne polaitíochta an chraoltóra nua in Iosrael'