Cluichí tábhachtacha sa Pro 14 agus ceann scríbe ag teannadh linn

Ceithre bhabhta atá fágtha i mbabhtaí cáilithe Pro 14 na bliana seo agus an teannas ag méadú dá réir

Cluichí tábhachtacha sa Pro 14 agus ceann scríbe ag teannadh linn

Níl ach ceithre bhabhta fós le himirt i mbabhtaí cáilithe Pro 14 na bliana seo agus teannas dá réir i measc na bhfoirne. Mar sin féin, ní dóigh go mbeidh mórán de na himreoirí idirnáisiúnta a d’imir sa chluiche ‘Grand Slam’ i Twickenham seachtain ó shin ag dul chun páirce i mBabhta 18 den Pro 14 an deireadh seachtaine seo.

Tá an scíth tuillte go maith ag imreoirí Chúige Laighean, na Mumhan agus Chonnacht agus géarghá acu leis freisin, go háirithe, na foirne a bheas ag imirt i mbabhtaí ceathrú ceannais chomórtas na hEorpa faoi cheann seachtaine.  Idir an dá linn, tá cluichí tábhachtacha sa bPro 14 le himirt. Sa mbaile a bheas na Connachtaigh tráthnóna agus fáilte roimh á cur acu roimh Dhún Éideann, foireann nach bhfuil sa ngrúpa céanna leo féin ach atá tar éis dhá chluiche déag a bhuachan sa gcomórtas i gcomparáid leis na sé bhua a bhí ag na Connachtaigh.

Is deacair toradh an chluiche seo a thuar seachas a rá go mbeidh na Connachtaigh ag iarraidh rudaí a chur ina gceart i bhfianaise na drochimeartha a chonaic muid uathu an uair dheiridh ar imir siad ar an mBóthar Beag, tráth ar chaill siad 19-11 agus iad i gcoinne Zebre. Ní foláir d’fhir na Gaillimhe bua a fháil.

Seans go mbeidh leathshúil ag na Connachtaigh ar thoradh an chluiche idir Cúige Uladh agus Caerdydd, cluiche a bheas á imirt sa mBreatain Bheag amárach, Dé Sathairn. Tá Caerdydd agus na Connachtaigh le chéile i nGrúpa A, agus foireann na Breataine Bige naoi bpointe agus áit amháin chun cinn sa gceathrú háit. Dá mbeadh an lá leis na hUltaigh i gcoinne Chaerdydd agus dá mbeadh an bua ag na Connachtaigh inniu, bheadh an bhearna idir na foirne ag laghdú agus gan ach trí chluiche fós le himirt agus seans dá réir ag fir an iarthair a bheith sa gceathrú háit.

Mar sin féin, is fiú a mheabhrú go bhfuil na hUltaigh sa mbád céanna i ngrúpa B agus atá Cúige Chonnacht i ngrúpa A. Má theipeann ar Chúige Chonnacht i gcoinne Dhún Éideann agus má bhíonn an bua ag Cúige Uladh ar Chaerdydd, laghadófar freisin an bhearna naoi bpointe atá eatarthu féin agus Dún Éideann.

Ba cheart go mbeadh an-chluiche go deo i Luimneach idir na Muimhnigh agus na Scarlets. Seo an dá fhoireann atá sa dara háit i ngrúpa A (Mumhain) agus B (na Scarlets). Níor cheart go mbeadh mórán idir na foirne seo ach tá mise ag tuar bua d’fhir na Mumhan mar gur acu atá buntáiste an bhaile. Réiteach iontach a bheas sa gcluiche seo don dá fhoireann seo sula n-imríonn siad i gcoinne fhoirne na Fraince i gcorn na gcuradh faoi cheann seachtaine.

Ar an Satharn freisin a bheas na Laighnigh as baile i gcoinne na nOspreys. Tá Cúige Laighean ar bharr ghrúpa B faoi láthair agus trí bhua dhéag as seacht gcluiche dhéag acu. Ní hionann an cás ag na hOspreys, foireann atá sa séú háit i ngrúpa A agus sé bhua faighte acu. Seans go mbeidh an lá leis na Laighnigh arís ach fiú má theipeann orthu, tá siad cinnte dá n-áit sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin.

Fág freagra ar 'Cluichí tábhachtacha sa Pro 14 agus ceann scríbe ag teannadh linn'