Le tamall anuas tá chuid maith léite agus cloiste agam faoi leagan amach na bliana spóirt mar a bhaineann sé le Cumann Lúthchleas Gael. Agus tá formhór na n-imreoirí sásta leis cé go bhfuil míbhuntáistí ag baint leis ó thaobh fad shéasúr na craoibhe idirchontae agus dátaí na gcluichí craoibhe.
Ach tá imreoirí sásta i gcoitinne leis an leagan amach club atá á leanúint i gcuid mhaith contaetha le cluichí babhtaí agus ansin na comórtais díbeartha.
Rith smaoineamh amháin liom ag an deireadh seachtaine agus mé ag féachaint ar na cluichí ceathrú ceannais peile anseo i gCorcaigh agus sin go mbíonn tarluithe adhaimsire againn níos minice agus go bhfuil sin ag tosnú ag cur isteach ar na cluichí. Bhí formhór na bpáirceanna imeartha ina bpuiteach agus na cluichí ceathrú ceannais peile ar siúl i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí sé ina dhíle bháistí an Aoine roimhe sin agus an Bhlarna agus Cluain Uamha ag imirt cluiche ceathrú ceannais agus bhí báisteach thar a bheith trom againn arís i lar na seachtaine seo. Chonac an cluiche idir Cluain Lára agus Éire Óg i bPáirc Uí Chíosóg in Inis ar TG4 ar an Domhnach agus codanna den pháirc mar a bheadh linn snámha ann. Tá an aimsir ag cruthú fadhbanna do na boird chontae agus is cinnte go mbeidh níos mó fadhbanna mar seo againn amach anseo.
Pé scéal é leanfaidh an t-aicsean ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus cúpla cluiche le feiscint againn ar na meáin náisiúnta.
Ar an Satharn ar RTÉ 2 beidh ceann de chluichí leathcheannais Thiobraid Árann á thaispeáint – an cluiche idir Luachma-Caisleán Laighnigh agus na Sáirséalaigh ó Dhurlas Éile. Bhíos ag caint le saoi ó Thiobraid Árann le déanaí agus é an-buartha i ndiaidh na gcluichí ceathrú ceannais sa chontae. Bhí sé den tuairim go raibh caighdeán na hiomána sa chontae ar leibhéal íseal agus nach mbeadh an fhoireann contae iomaíoch go ceann roinnt blianta.
Ardmholadh a bhí aige do Pháraic Maher atá i bhfeighil na Sáirséalach i mbliana. Agus iad i ngrúpa thar a bheith iomaíoch dos na cluichí babhtaí, bhí an chuma ar an scéal i ndiaidh an chéad chluiche a chailleadar in aghaidh Choill an Daingin gur séasúr gearr a bheadh acu ach ní mar sin a tharla. Tá siad imithe ó neart go neart agus roimh chluiche na hoíche anocht is iadsan atá mar rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí chun Corn Dan Breen a thabhairt leo i mbliana.
Ach cuimhnigh go bhfuil Luachma, seaimpíní 2021, ag teacht isteach sa chluiche seo agus trí bhua as trí chluiche acu sna cluichí babhtaí (i ngrúpa a bhí lag go leo, chaithfeá a rá). Mar bharr air sin tá taithí na mblianta acu chomh maith le laochra leithéidí na ndeartháireacha McGrath, rud a fhágfaidh nach mbeidh rith an ráis ar fad le leads an bhaile mhóir.
Sa chluiche leathcheannais eile is iad Coill an Daingin an rogha i gcoinne Thuaim Uí Mhéara.
Ar TG4 amárach beidh an iomáint ag teacht chugainn as Cill Chainnigh agus an chéad radharc an séasúr seo againn ar sheaimpíní an chontae le cúig bliana i ndiaidh a chéile agus seaimpíní na hÉireann in 2022 – Seamróga Bhaile Héil. Ina gcoinne beidh foireann Bhaile Dic. An dá fhoireann seo a d’imir sa gcluiche ceannais in 2020, ócáid inar rith na seaimpíní rás le leads na cathrach. Ach tá Baile Dic níos fearr i mbliana ná mar a bhíodar trí bliana ó shin. Bhuadar craobh na sraithe seachtain ó shin cé nach bhfuil mórán measa ar an gcomórtas sin, deirtear liom. Ach tá foireann óg agus móiminteam acu.
Ina gcluiche deireanach an tseachtain seo caite bhí na Seamróga ag brath (arís) ar na seanleaideanna -TJ Reid a raibh dhá chúl ón imirt aige agus Colin Fennelly atá ag taisteal ar ais ó Dubai dos na cluichí craoibhe. Ar chúis amháin nó cúis eile tá siad d’uireasa Joey Holden, Brian Cody, Ronan Corcoran agus Joe Cuddihy i mbliana. Is laige iad gan iadsan ach is dócha go mbeidh sé fós deacair iad a bhualadh agus a bhfuil de thaithí agus de réalta fós acu.
Fág freagra ar 'Cluichí móra i dTiobraid Árann ach an caighdeán ina údar imní'