Cluichí móra buaite ag Naomh Anna agus Carna-Caiseal agus lá eile d’fhir an Daingin

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra peile ag foirne na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine

Cluichí móra buaite ag Naomh Anna agus Carna-Caiseal agus lá eile d’fhir an Daingin

Gaillimh

Bhí bua tábhachtach ag peileadóirí Naomh Anna, Leitir Móir, agus iad ag iarraidh fanacht i ngrád na sinsear i nGaillimh don bhliain seo chugainn. Ba iad cúil Mhyles Mhic Dhonnacha na scóir chinniúnacha sa mbua sé phointe, 2-10 in aghaidh 0-10, a bhí ag fir cheantar na n-oileán ar Chill Chonla Dé Sathairn.

Ba iad Naomh Anna ab fhearr sa chéad leath agus bhí siad sé phointe chun cinn ag leath ama, 1-6 in aghaidh 0-3. Choinnigh siad bearna idir iad féin agus a gcéilithe comhraic den chuid is mó den chluiche ach ba é an dara cúl ó Mhyles Mac Donnacha, cúpla nóiméad isteach in am cúitimh, a chinntigh go mbeadh an lá leo. Ní bheidh a fhios ag Naomh Anna an bhfuil a ndóthain déanta acu leis an ísliú céime a sheachaint go dtí go n-imreoidh Cill Chonla agus Seamróga Chortúin in aghaidh a chéile an tseachtain seo chugainn, ach fiú má théann toradh sa chluiche sin, beidh deis eile acu teacht slán i gcluiche dícháilithe.

Tá an deis chéanna ag Carna-Caiseal fanacht sa ghrád Idirmheánach i nGaillimh chomh maith. Murach gur bhuaigh siad a gcluiche i gcoinne Bhaile Liam an deireadh seachtaine seo, is i measc na sóisear a bheadh fir na Gaeltachta ag imirt in 2019 ach nuair a tháinig an crú ar an tairne rinne siad an beart. Bua 2-10 in aghaidh 0-11 a bhí acu agus ba iad  Seosamh Seoighe agus Seosamh Ó Cathasaigh a fuair na cúil chinniúnacha dóibh. Gach seans go mbeidh ar Charna-Caiseal cluiche amháin eile, i gcoinne Chill Choirín/Cluain Bheirn nó in aghaidh Bhaile Átha an Rí, a bhuachan más leo fanacht sa ghrád idirmheánach.

Ciarraí

Beidh arís ar Dhaingean Uí Chúis agus ar Chiarraí Thoir tar éis dóibh críochnú ar comhscór i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir Peile an chontae Dé Sathairn. D’fhéadfadh ceachtar den dá fhoireann an cluiche sin a bhuachan mar bhí chaon fhoireann ina máistrí ag tréimhsí éagsúla agus beidh siad buíoch deis eile a bheith acu.

Bhí fir an Daingin sé phointe chun cinn leath bealaigh tríd an dara leath, 1-10 in aghaidh 0-7, tar éis do Tom O’Sullivan cúl a fháil dóibh ach theastaigh pointe uathu ón bhfear céanna sa séú nóiméad d’am cúitimh chun comhscór a chinntiú. Fuair laoch óg Chiarraí, David Clifford, dhá chúl  idir an dá linn chun Ciarraí Thoir a chur chun cinn.

Ba mhór an t-athrú a tháinig ar chúrsaí ó d’imir na foirne céanna in aghaidh a chéile sa chraobh mí ó shin, nuair a bhí farasbarr 18 pointe ag Ciarraí Thoir ar fhoireann na Gaeltachta. Bhí fir an Daingin chun tosaigh den chuid is mó den chluiche an deireadh seachtaine seo caite agus tá cluiche crua eile rompu Dé Domhnaigh seo chugainn más leo dúshlán na gCrócach a thabhairt i gcluiche ceannais an chontae.

Dún na nGall

Tá Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall buaite ag Gleann Fhinne tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Aodh Ruadh i bPáirc Mhic Cumhaill inné. Sé phointe a bhí idir na foirne ag an deireadh, 1-10 in aghaidh 0-7, agus an bua tuillte go maith ag foireann na Gaeltachta.

Chuaigh siad chun cinn tar éis sé nóiméad nuair a d’aimsigh Karl McGlynn cúl dóibh agus bhí siad i gceannas as sin go deireadh. Ba é cúl McGlynn a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-5, agus an-chruinneas léirithe ag captaen Ghleann Fhinne, Gerard Ward, ó na ciceanna saora. D’aimsigh Ward cúig phointe sa chéad leath agus trí cinn eile i ndiaidh an bhrisidh chun an bua a chinntiú dóibh.

Deireadh seachtaine iontach a bhí ann don chumann mar áit bhain foireann na mban áit i gcluiche ceannais shinsir Uladh. Beidh Yvonne Bonner ag dul go dtí an Astráil roimh dheireadh na bliana agus conradh sínithe aici le Greater Western Sydney Giants ach tá sí sa bhaile faoi láthair agus ba ise laoch Ghleann Fhinne Dé Sathairn. Naoi bpointe a fuair sí agus an bua ag mná na Gaeltachta ar sheaimpíní an Dúin, An Bhréadach.

Bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile ach ba iad mná Thír Chonaill ba láidre le linn na tréimhse breise sin. 2-3 a fuair Gleann Fhinne in am breise, i gcomparáid leis an aon phointe amháin a bhí ag foireann na Bréadaí. 3-17 in aghaidh 1-15 an scór a bhí ann ag deireadh na himeartha.

Fág freagra ar 'Cluichí móra buaite ag Naomh Anna agus Carna-Caiseal agus lá eile d’fhir an Daingin'