Cluichí móra ar siúl i gCraobh Iomána na Mumhan agus Craobh Peile Uladh an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh An Dún agus Doire aghaidh ar a chéile i bPáirc na gCeilteach inniu agus níos déanaí sa tráthnóna, imreoidh na comharsan, Corcaigh agus Port Láirge, a chéile san iomáint

Cosantóirí Chorcaí ag iarraidh Maurice Shanahan a stopadh i rith cluiche ceannais na sraithe i mbliana. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Cosantóirí Chorcaí ag iarraidh Maurice Shanahan a stopadh i rith cluiche ceannais na sraithe i mbliana. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Níl mórán foirne a bhfuil an oiread aithne acu ar a chéile is atá ag iománaithe Chorcaí agus Phort Láirge. Is é cluiche an Domhnaigh seo an 16ú huair a thabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile sa chraobh ó 1999.

Is ag Corcaigh, le seacht mbua, atá an lámh in uachtar sna coimhlintí seo ach sa chluiche is deireanaí a d’imir na foirne, cluiche ceannais na sraithe cúig seachtaine ó shin, is iad na Déise a bhí buacach, 1-24 in aghaidh 0-17. Fiú tar éis an bhua shlachtmhair sin, is iad foireann Jimmy Barry-Murphy rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí.

Is é is cúis leis sin is dócha ná go bhfuil réalta Phort Láirge, Pauric Mahony, ar lár. D’aimsigh Mahony 1-90 le linn na sraithe do na Déise agus chríochnaigh sé gob ar ghob le Patrick Horgan Chorcaí ar bharr an rangaithe ó thaobh scóranna a aimsiú. Faraor, briseadh lorga Mahony i gcluiche club le Baile Gunnair ceithre seachtaine ó shin agus tá achar fada ar an taobhlíne roimhe.

Mar gheall ar an stíl imeartha atá in úsáid ag Derek McGrath, bhí ag brath go mór ar chruinneas Mahony ó na pocanna saora agus is é an rud is tábhachtaí do bhainisteoir Phort Láirge na ionadaí ceart a fháil dó. Agus imreoirí ar nós Maurice Shanahan – má féin ar fáil –  agus Jamie Barron aige, tá rogha mhaith nó dhó ag McGrath ach beidh go leor brú ar cibé fear a roghnóídh sé, go háirithe má chuireann sé cúpla iarracht amú luath san imirt.

Is é an fhadhb is mó le Corcaigh le roinnt blianta anuas ná nach bhfuil aon bhuanseasmhacht ag baint leo. Shroich foireann Jimmy Barry-Murphy cluiche ceannais na hÉireann i 2013 agus cé gur bhuaigh siad Craobh na Mumhan anuraidh, chlis orthu go hiomlán in aghaidh Thiobraid Árann níos deireanaí sa bhliain. Is sna cúlaithe is mó a bhí fadhbanna ag Corcaigh le cúpla bliain anuas agus tá Brian Murphy, a bhí éirithe as, tagtha ar ais d’fhonn iarracht a dhéanamh na deacrachtaí sin a réiteach.

Ag breathnú siar ar na cluichí craoibhe idir na foirne seo, d’fhéadfadh nach mbeidh mórán eatarthu, pé rud a tharlaíonn. Bhí athimirt ag teastáil i 2010 agus arís anuraidh agus i gcluiche ceathrú ceannais 2012, a bhuaigh Corcaigh, ní raibh ach scór amháin ag scaradh na bhfoirne. Seans go mbeidh an scéal amhlaidh an deireadh seachtaine seo.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Kevin McKernan and Ryan Boyle (An Dún) agus Eoin Bradley (Doire) sa chluiche craoibhe idir na foirne i 2013. Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Kevin McKernan and Ryan Boyle (An Dún) agus Eoin Bradley (Doire) sa chluiche craoibhe idir na foirne i 2013. Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Nuair a dhéantar measúnú ar Chraobh Peile Uladh, is minic neamhaird déanta le cúpla bliain anuas ar Dhoire agus An Dún. Ní haon iontas é mar tá 17 bliain ann a bhuaigh ceachtar chontae craobh an chúige (Doire i 1998).

gur bhain an Dún áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann i 2010, ba iad sárthaispeántais Marty Clarke ba mhó ba chúis leis an dul chun cinn sin. Agus iad d’uireasa Marty Clarke, níl mórán feicthe againn uathu ó shin, seachas i 2012 nuair a bhain siad na babhtaí ceathrú ceannais amach. Ba chailliúnt shuntasach eile dóibh cinneadh Benny Coulter éirí as an imirt. In ainneoin na mbuillí sin, chuir siad tús maith leis an séasúr seo agus ardú céime go Roinn 2 den tsraith faighte acu.

Is ag déanamh ionaid a mhalartú le Doire a bheidh an Dún sa tsraith i 2016 tar éis d’fhoireann Brian McIver titim ó Roinn 1. Shroich Doire cluiche ceannais na sraithe anuraidh ach ó shin i leith tá rudaí tithe as a chéile. Níl cluiche craoibhe buaite acu ina gcúige féin ó 2011 agus mura bhfuil McIver in ann é sin a athrú, seans gurb é seo an bhliain dheireanach a bheidh aige i gceannas ar Dhoire.

Agus cluiche i bPáirc na gCeilteach ar na bacáin, beidh spreagadh sa bhreis ag Doire ach bunaithe ar fhianaise an tséasúir seo, seans nach mbeidh aon chúis cheiliúrtha acu.

Rogha Tuairisc.ie: An Dún


Dé Domhnaigh, 7 Meitheamh

Craobh Peile Uladh – Cluiche Ceathrú Ceannais

Doire v An Dún, Páirc na gCeilt, 2i.n.

Craobh Iomána Laighin – Cluiche Ceathrú Ceannais

Laois v Uíbh Fhailí, Portlaoise, 3.30i.n.

An Iarmhí v Loch Garman, Páirc Uí Chíosóg, 3.30i.n.

Craobh Iomána na Mumhan – Cluiche Leathcheannais

Corcaigh v Port Láirge, Staid Semple, 4i.n.

Fág freagra ar 'Cluichí móra ar siúl i gCraobh Iomána na Mumhan agus Craobh Peile Uladh an deireadh seachtaine seo'