Cluichí móra an deireadh seachtaine seo

Tá cúpla lá gnóthach romhainn ó thaobh cluichí CLG idir chluichí cáilithe, chluiche ceannais iomána na Mumhan agus chluiche ceannais peile Laighean

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Round 1, Cusack Park, Mullingar, Westmeath 5/7/2015  Westmeath vs Limerick Shane Dowling scores a goal for Limerick Mandatory Credit ©INPHO/Lorraine O'Sullivan

Shane Dowling ag scóráil cúil do Luimneach ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Baile Átha Cliath v Luimneach

Sa chéad chluiche a bheas ar siúl i Staid Semple an deireadh seachtaine seo, beidh Baile Átha Cliath agus Luimneach ag iarraidh teacht aniar tar éis dóibh leadradh a fhulaingt ina gcúigí féin. Thug Gaillimh greadadh do Bhaile Átha Cliath i gCraobh Laighean mí ó shin agus, cé go raibh bua maith acu ar Laois an tseachtain seo caite, is ag dul in olcas atá an saol ag iománaithe na príomhchathrach. Tháinig sé chun solais i rith na seachtaine go bhfuil an painéal fágtha ag Michael Carton, imreoir a raibh páirt mhór aige ar an bhfoireann le cúpla bliain anuas. Ní comhartha maitheasa é nuair a fhágann imreoir a bhfuil an oiread taithí aige is atá ag Carton, agus breathnaíonn sé go bhfuil Ger Cunningham fós ag foghlaim faoi conas is fearr bainistiú a dhéanamh ar na hacmhainní atá aige.

Níl Luimneach iad féin thar cionn faoi láthair. Tar éis dóibh cailleadh i gcoinne Thiobraid Árann i gCraobh na Mumhan, ní raibh siad ar bharr a maitheasa ná baol air i gcoinne na hIarmhí an deireadh seachtaine seo caite. Bua 12 phointe a bhí acu i bPáirc Uí Chíosóg ar deireadh ach rinne siad an cluiche i bhfad níos deacra dóibh féin ná ba cheart.

Ní bheifeá iomlán muiníneach as ceachtar den dá fhoireann ach, ag an tráth seo, tá an chuma ar an scéal gur fearr an tuiscint atá ag TJ Ryan ar céard atá uaidh óna chuid imreoirí. Seans gurbh í an tuiscint sin a dhéanfaidh an difríocht.

Rogha Tuairisc.ie: Luimneach

Allianz Hurling League Division 1A 21/2/2015 Clare Shane O'Donnell Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Shane O’Donnell
 ©INPHO/Cathal Noonan

An Clár v Corcaigh

Tá sean-aithne ag imreoirí Chorcaí agus An Chláir ar a chéile faoi seo agus iad ar tí aghaidh a thabhairt ar a chéile don chúigiú huair le dhá bhliain anuas. Tá péire buaite ag Corcaigh, ceann ag na Cláirínigh agus chríochnaigh an cluiche eile eatarthu ar comhscór.

Cé go raibh na foirne seo i gcluiche ceannais na hÉireann dhá bhliain ó shin, níl an dul chun cinn a mbeifeá ag súil leis déanta ag ceachtar acu. Ba é an bua in aghaidh Uíbh Fhailí an tseachtain seo caite an chéad bhua ag an gClár ón uair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 2013. Cé gur bhuaigh Corcaigh Craobh na Mumhan anuraidh, tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad tite siar ó shin.

Agus na deacrachtaí sin uile acu, tá na foirne sách cothrom agus tá sé deacair ceann a roghnú thar a chéile. Breathnaíonn sé go bhfuil Corcaigh ag brath an iomarca ar Conor Lehane agus Patrick Horgan chun scóranna a fháil. Bhí cluiche mhaith ag Pa Cronin i gcoinne Phort Láirge agus más mian le Corcaigh fanacht sa chraobh oíche Dé Sathairn, beidh tuilleadh ag teastáil uaidh féin agus ó Alan Cadogan. Mura gcruthaíonn siadsan go maith, seans go mbeidh a ndóthain ag na Cláirínigh leis an lá a thabhairt leo.

Rogha Tuairisc.ie: An Clár

Connacht GAA Football Senior Championship Semi-Final, Pearse Stadium, Galway 14/6/2015 Galway vs Mayo Galway manager Kevin Walsh Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Bainisteoir na Gaillimhe, Kevin Walsh  ©INPHO/Cathal Noonan

Ard Mhacha v Gaillimh

Tharlódh gurb í an choimhlint Dé Domhnaigh idir Ard Mhacha agus Gaillimh an cluiche peile is suimiúla atá ann an deireadh seachtaine seo. Seo chugainn dhá fhoireann a bhfuil bainisteoirí nua acu – laochra peile ina gcontaetha féin iad beirt, mar a tharlaíonn sé – agus iad ag iarraidh modhanna oibre nua a chur i bhfeidhm.

Shroich an dá fhoireann cluichí ceathrú ceannais na craoibhe anuraidh agus bheadh díomá ar lucht leanúna an dá chontae mura ndéanfaidís amhlaidh arís i mbliana. Rinne Gaillimh dul chun cinn de shaghas éigin ina gcúige féin, iad ag laghdú na bearna idir iad féin agus Maigh Eo, ach tá go leor oibre fós le déanamh. I gCúige Uladh, chlis go tubaisteach ar Ard Mhacha in aghaidh Dhún na nGall nuair a bhí daoine ag súil go mbeadh siad ar a laghad san iomaíocht. Níor bhreathnaigh siad iontach láidir ach an oireadh agus iad in aghaidh Chill Mhantáin.

Agus na foirne chomh cothrom sin, seans gur ag Ard Mhacha atá an buntáiste toisc iad a bheith ag imirt ag baile. Cibé cén toradh a bheidh ann, áfach, ba cheart go dtuigfeadh lucht leanúna an dá fhoireann gur amach anseo, seachas i mbliana, a fheicfear luach saothair na mbainisteoirí.

Rogha Tuairisc.ie: Ard Mhacha

Leinster GAA Football Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 28/6/2015 Dublin vs Kildare Bernard Brogan of Dublin with Adam Flanagan of Kildare Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer

Bernard Brogan agus Adam Flanagan ó Chill Dara á fhaire
t ©INPHO/Donall Farmer

Baile Átha Cliath v An Iarmhí

Bheifeá ag súil gur bhain muintir na hIarmhí sásamh as an gceiliúradh tar éis dóibh An Mhí a bhualadh den chéad uair riamh coicís ó shin, mar tá an chosúlacht ann go dtiocfaidh deireadh tobann leis an taibhreamh an deireadh seachtaine seo. Rompu anois tá foireann atá sa tóir ar Chraobh Laighean don chúigiú huair as a chéile, foireann nach bhfuil ach cluiche amháin caillte acu sa chúige ó bhí 2005 ann.

Bhí go leor an-thógtha le taispeántas na hIarmhí sa dara leath den chluiche leathcheannais agus le gaiscí Kieran Martin agus John Heslin go háirithe, ach níl aon seans go dtugfar dóibh an spás céanna arís. Faoi dhó nó faoi thrí sa dara leath, d’úsáid Martin an cleas céanna chun éalú ón gcosantóir, rith síos an líne chúil agus scór a fháil. Beidh imreoirí Bhaile Átha Cliath róchliste chun scaoileadh leis an rud céanna a dhéanamh in athuair.

Níl le déanamh ag foireann Jim Gavin ach coinneáil orthu ag imirt mar atá déanta acu go dtí seo i mbliana. Tá scrios iomlán déanta acu ar An Longfort agus ar Chill Dara cheana féin ach gan aon dúshlán ceart tugtha dóibh fós. Údar sástachta acu go dtí seo nátaispeántais Ciarán Kilkenny sna tosaithe. Tá fear Chaisleán Chnucha tagtha ar ais chuige féin ó dhroch-ghortú glúine agus tá 0-7 aimsithe aige ón imirt sa dá chluiche craoibhe go dtí seo. Cé go bhfuil amhras ann go mbeidh Bernard Brogan ar fáil don chluiche seo, ní bheidh aon easpa ionadaithe ar Baile Átha Cliath.

Beidh muintir na hIarmhí ag iarraidh ‘spiorad 2004’ a mhúscailt in athuair nuair a bhuaigh siad Craobh Laighean, ach beidh ar an bhfoireann óg seo fanacht cúpla bliain eile sara mbeidh siad in ann dúshlán Átha Cliath a thabhairt i gceart.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Na cluichí ar fad

Dé Sathairn, 11 Iúil

Craobh Pheile na hÉireann – Babhta 2B

Doire v Loch Garman, An Abhainn Bheag, 2.00 i.n.

Tiobraid Árann v An Lú, Staid Semple, 2.45 i.n.

Tír Eoghain v An Mhí, Ómaigh, 3.00 i.n.

Craobh Pheile na hÉireann – Babhta 3A

An Longfort v Cill Dara, Páirc Uí Chíosóg, 7.00 i.n.

Craobh Iomána na hÉireann – Babhta 2

Baile Átha Cliath v Luimneach, Staid Semple, 5.00 i.n.

An Clár v Corcaigh, Staid Semple, 7.00 i.n.

Dé Domhnaigh, 12 Iúil

Craobh Pheile na hÉireann – Babhta 2B

Ard Mhacha v Gaillimh, An Pháirc Lúthchleasaíochta, 3.00 i.n.

Craobh Pheile na hÉireann – Babhta 3A

Fear Manach v Ros Comáin, Páirc Brewster, 3.30 i.n.

Craobh Pheile Laighean – Cluiche Ceannais

Baile Átha Cliath v An Iarmhí, Páirc an Chrócaigh, 2.00 i.n.

Craobh Iomána Mumhan – Cluiche Ceannais

Tiobraid Árann v Port Láirge, Staid Semple, 4.00 i.n.

Craobh Iomána Uladh – Cluiche Ceannais

Aontroim v An Dún, An Abhainn Bheag, 3.30 i.n.

Fág freagra ar 'Cluichí móra an deireadh seachtaine seo'