Cluichí leathcheannais na sraithe iomána agus cluichí eile na deireadh seachtaine seo

Beidh Baile Átha Cliath ag iarraidh díoltas a bhaint amach don ghreadadh a fuair siad a i gcoinne Chorcaí mí ó shin. Sa chluiche eile, tabharfaidh an fhoireann is fearr i Roinn 1A i mbliana aghaidh ar an bhfoireann is fearr ó Roinn 1B

Eamonn Dillon (Baile Átha Cliath) agus Mark Ellis (Corcaigh) sa chluiche sraithe idir na foirne ag tús mhí Márta. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

 

Bhí gearáin ann an tseachtain seo nuair nár fhreastail ach 20,000 daoine chluichí leathcheannais peile an Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh ach meastar go mbeidh atmaisféar níos fearr i bPáirc Uí Nualláin.

Fear amháin a bheidh sásta nach bhfuil na cluichí ar siúl sa cheannáras, b’fhéidir, ná bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Ger Cunningham. Bhí sé i gceannas le haghaidh dhá chluiche ann, níor éirigh leis bua a fháil ann fós le hiománaithe Bhaile Átha Cliath. Thug Corcaigh greadadh dóibh ag tús na míosa seo caite agus farasbarr 11 chúilín ag na Muimhnigh faoi dheireadh cúrsa. Chríochnaigh an cluiche sin 0-34 in aghaidh 1-20. B’ionann sin agus scór a theacht gach 76 soicind i rith na 70 nóiméad.

Údar misnigh do Bhaile Átha Cliath ab ea an dea-scéala a fuair siad i rith na seachtaine go bhfuil an cás smachtaithe i gcoinne Conal Keaney curtha go leataobh ag an CCCC.

Maidir le Corcaigh, tá roinnt imreoirí nár éirigh leo an cluiche ceathrú ceannais in aghaidh Loch Garman a imirt mar go raibh siad ag teacht chucu féin tar éis a bheith gortaithe. Beidh Jimmy Barry-Murphy sásta a leathchúlaí ir, Mark Ellis, a fheiceáil ar ais ar an bpáirc, chomh maith le Alan Cadogan, Pa Cronin agus William Kearney.

aithne mhaith ag Barry-Murphy agus Cunningham ar a chéile toisc iad a bheith ag imirt lena chéile le Corcaigh agus lena gcumann, Naomh Fionnbarra, ar feadh na mblianta. Mar sin féin, is cinnte go gcuirfear aon chairdeas eatarthu go leataobh ar feadh 70 nóiméad agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

go raibh ceisteanna ann an Domhnach seo caite faoi phatuaire cuid de na foirne maidir le háit a bhaint amach sa chluiche ceannais, níl aon amhras ann ach go mbeidh dianiomaíocht le feiceáil i gcluichí na deireadh seachtaine seo, go háirithe i gcath na Muimhneach a bheas ar siúl níos deirean sa tráthnóna.

Maurice Shanahan (Port Láirge) ag éalú ó Cathal Barrett (Tiobraid Árann) an uair is deireanaí a chas na foirne ar a chéile, sa tsraith anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

 

Tabharfaidh Port Láirge aghaidh ar Thiobraid Árann ag 4i.n. agus beidh an fhoireann a chaillfidh ag fanacht le cois dhá mhí gcéad chluiche iomaíoch eile. Ba iad seo péire de na foirne is fearr a bhí sa tsraith i mbliana, le Port Láirge ag críochnú ag barr Roinn 1B agus Tiobraid Árann ag críochnú ar bhuaic Roinn 1A.

go bhfuil sé tagtha chun solais le cúpla lá anuas go bhfuil Lar Corbett le teacht ar ais chuig painéal Thiobraid Árann, beidh slám mór imreoirí in easnamh ar fhoireann Eamonn O’Shea don chluiche ag an deireadh seachtaine. Fuair siad drochbhuille i rith na seachtaine leis an nuacht go bhfuil Noel McGrath le dul faoi scian de bhrí tinnis. Lena chois sin, níl fáil ar Darren Gleeson, Cathal Barrett, Seamus Callanan ná ar roinnt mhaith eile faoi láthair. Ní ullmhú róiontach é dfhoireann a chaill cluiche ceannais na sraithe anuraidh.

Ba sa chéad seachtain den tsraith anuraidh a chas na foirne seo ar a chéile go deireanach, Tiobraid Árann ag buachan 2-13 in aghaidh 0-16, ach beidh Port Láirge ag déanamh a ndíchill ar an Domhnach chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais agus chun a thaispeáint go bhfuil siad ag déanamh dul chun cinn faoi chúram Derek McGrath.

raibh tús maith ag an mbainisteoir nua in 2014; bhí na Déise ag imirt sa chluiche dícháilithe an t-am seo anuraidh agus nuair nár bhuaigh siad ach cluiche amháin sa chraobh, i gcoinne Laoise, bhí brú ar McGrath rudaí a chur ina gceart i mbliana.

Caithfear a rá go bhfuil an méid sin, agus tuilleadh, déanta aige. Is in aghaidh Chorcaí a bheas Port Láirge i gcluiche leathcheannais na Mumhan ar 7 Meitheamh.

Seans gur mhaith leo fáil faoi réir don chluiche sin le cluiche i gcoinne an fhreasúra chéanna i gcluiche ceannais na sraithe ach beidh orthu a gcomharsana ó thuaidh a shárú ar dtús.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh agus Tiobraid Árann

Dé Sathairn, 18 Aibreán

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Cáilithe/Dícháilithe Roinn 2B

Dún na nGall v Tír Eoghain, Páirc na gCeilt, 3i.n.

Craobh Peile Faoi-21 – Cluichí Leathcheannais

Baile Átha Cliath v Tiobraid Árann, Tulach Mór, 4i.n.

Ros Comáin v Tír Eoghain, Páirc Markievicz, 6i.n.

Dé Domhnaigh, 19 Aibreán

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1

Corcaigh v Baile Átha Cliath, Páirc Uí Nualláin, 2i.n.

Tiobraid Árann v Port Láirge, Páirc Uí Nualláin, 4i.n.

Fág freagra ar 'Cluichí leathcheannais na sraithe iomána agus cluichí eile na deireadh seachtaine seo'