Cluichí EURO 2020 Bhaile Átha Cliath á n-aistriú go dtí Sasana agus an Rúis

Ní raibh an Rialtas in ann aon gheallúint a thabhairt do UEFA go mbeadh cead slua a bheith i láthair ag na cluichí mí an Mheithimh

Cluichí EURO 2020 Bhaile Átha Cliath á n-aistriú go dtí Sasana agus an Rúis

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá sé fógartha ag UEFA go bhfuil na ceithre chluiche a bhí le himirt i mBaile Átha Cliath an samhradh seo mar chuid de chomórtas EURO 2020 bogtha go dtí cathracha eile.

Ceithre chluiche a bhí le himirt i Staid Aviva mí an Mheithimh ach glacadh cinneadh iad a reáchtáil in ionaid eile toisc nach raibh an Rialtas in ann gealltanas a thabhairt go mbeadh cead ag lucht féachana a bheith i láthair ag na cluichí.

Tá UEFA ag éileamh go mbeadh staid ar a laghad 25% lán chun go mbeifí in ann cluiche EURO 2020 a reáchtáil ansin. I gcás an Aviva, slua thart ar 11,000 a bheadh i gceist ansin, ach dúirt an Rialtas nach bhféadfaí a bheith cinnte go mbeadh sé sin ceadaithe faoi mhí an Mheithimh.

D’fhógair UEFA freisin inniu go bhfuil na cluichí a bhí le bheith in Bilbao aistrithe go dtí Seville ar an gcúis chéanna.

Bhí trí chluiche i mbabhta na ngrúpaí agus cluiche amháin i mbabhta an 16 den chomórtas EURO 2020 le himirt i mBaile Átha Cliath. Anuraidh a bhí na cluichí sin le bheith ar siúl ach cuireadh an comórtas ar fad ar ceal de bharr na paindéime.

Bhí cinneadh le déanamh an tseachtain seo caite faoi na cluichí in Éirinn ach rinneadh tuilleadh idirbheartaíochta idir UEFA, an FAI agus Rialtas na hÉireann. Fógraíodh tráthnóna go bhfuil na cluichí le bogadh.

Dúirt an tAire Stáit Spóirt Jack Chambers go raibh an t-uafás oibre déanta chun na cluichí a thabhairt go dtí Baile Átha Cliath agus go raibh an-díomá air nach mbeadh siad ann anois.

Dúirt sé nárbh fhéidir gealltanas a thabhairt faoi cén uair a mbeadh cead ag sluaite freastal ar chluichí ach mheas sé go bhféadfadh go mbeadh daoine i láthair ag cluichí roimh dheireadh an tsamhraidh.

Tá na cluichí idir an Pholainn, an tSualainn agus an tSlóvaic a bhí le bheith san Aviva aistrithe go dtí Cathair Pheadair sa Rúis. Tá an cluiche i mbabhta an 16 aistrithe go dtí Staid Wembley i Londain.

Chaill foireann sacair na hÉireann amach ar áit in EURO 2020 nuair a theip orthu i gcluiche cáilithe in aghaidh na Slóvaice anuraidh.

Cuirfear tús le EURO 2020 ar an 11 Meitheamh. Reáchtálfar na cluichí i 12 cathair ar fud na hEorpa.

Fág freagra ar 'Cluichí EURO 2020 Bhaile Átha Cliath á n-aistriú go dtí Sasana agus an Rúis'