Cluichí ceannais dara leibhéal agus cluichí ceannais na gcúigí sa chraobh peile Faoi 21 le craoladh ar líne ag TG4

Cuirfidh cluiche ceannais Chorn an Chrócaigh an Satharn seo tús le sraith sé mhórchluiche faoi aois a chraolfar ar fud an domhain ar shuíomh TG4

Cluichí ceannais dara leibhéal agus cluichí ceannais na gcúigí sa chraobh peile Faoi 21 le craoladh ar líne ag TG4

Craolfar sé cinn de phríomhchluichí faoi aois CLG ar fud an domhain as seo go ceann coicíse agus é fógartha ag TG4 go bhfuil siad chun cluichí ceannais na gcraobhacha dara leibhéal agus cluichí ceannais na gcúigí sa chraobh peile Faoi 21 a chraoladh beo ar líne.

Cuirfear tús leis an gcraoladh ar shuíomh idirlín TG4 an Satharn seo nuair a chraolfar cluiche ceannais Chorn an Chrócaigh, Craobh Shinsir Iomána na hÉireann do scoileanna dara leibhéal, beo ó Staid Semple i nDurlas.

Sa chluiche seo, beidh Coláiste Chiaráin as Cill Chainnigh ag iarraidh an chraobh a thabhairt leo den cheathrú bliain as a chéile den dara huair is fiche san iomlán. Is iad Meánscoil Mhuire, An Teampall Mór, a bheidh ag iarraidh iad a stopadh.

An Céadaoin dár gcionn, an 29 Márta, craolfar cluichí ceannais peile Faoi 21 Chúige Laighean agus Chúige Mumhan.

Beidh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann do scoileanna dara leibhéal á imirt Dé Sathairn, an 1 Aibreán, agus Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, ag iarraidh seilbh a choinneáil ar Chorn Uí Ógáin, a bhuaigh siad anuraidh. Craolfar cluiche ceannais Chraobh Peile Faoi 21 Chonnacht an tráthnóna céanna agus croalfar cluiche ceannais Uladh sa ghrád céanna Dé Céadaoin, an 5 Aibreán.

Chomh maith leis an gcraoladh beo ar líne, craolfaidh TG4 buaicphointí na gcluichí seo ar an gcainéal teilifíse oíche an lae a n-imreofar iad.

Deir Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha gur forbairt shuntasach iad na craolacháin seo. “Tá a fhios againn le fada go bhfuil éileamh ar chlúdach ardchaighdeáin ar na comórtais seo agus is eol dúinn freisin nach in Éirinn amháin atá an t-éileamh sin orthu,” a dúirt Eagraí Spóirt TG4.

“Tá go leor leor daoine, in Éirinn agus ar fud an domhain ag baint leas as an Idirlíon chun a mianta féachana, idir chlúdach spóirt agus eile, a shásamh agus is breá linn an deis a bheith againn freastal ar an bpobal féachana sin leis an soláthar nua seo.”

Fág freagra ar 'Cluichí ceannais dara leibhéal agus cluichí ceannais na gcúigí sa chraobh peile Faoi 21 le craoladh ar líne ag TG4'