Cluiche tábhachtach ag contae na Mí agus iad i gcoinne na gConallach

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na cluichí peile i Roinn 1 tráthnóna, An Mhí i gcoinne Dhún na nGall i bPáirc Tailteann agus cath na nUltach idir Muineachán agus Tír Eoghain

Cluiche tábhachtach ag contae na Mí agus iad i gcoinne na gConallach

Pádraic Harnan (An Mhí) agus Michael Murphy (Dún na nGall). Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

An Mhí v Dún na nGall

Páirc Tailteann

2.30pm (Iarbheo ar TG4)

Bhí a fhios ag peileadóirí na Mí nach mbeadh rudaí éasca acu i Roinn 1 i mbliana agus tugadh léargas eile dóibh ar an ndúshlán atá rompu agus iad in aghaidh Thír Eoghain an tseachtain seo caite.

Cé gur aimsigh Bryan McMahon cúl don Mhí sa chéad leath, chuir siad roinnt deiseanna eile amú sa chéad 30 nóiméad. Ní raibh siad ach pointe chun deiridh ag leath ama ach bhí ceannas iomlán ag Tír Eoghain ar an imirt sa dara leath agus bhuaigh siad an cluiche go héasca ar deireadh.

Bhí de mhí-ádh ar an Mhí gur gortaíodh cúl báire na foirne, Andrew Colgan, roimh thús an chluiche in aghaidh Thír Eoghain. Cuireadh an t-ógánach Dominic Yorke isteach ina áit ach baineadh amach arís é ag leath ama agus cuireadh Barry Dardis sa gcúl. Níor fheabhsaigh cúrsaí ina dhiaidh sin ach an oiread agus beidh an té a bheidh sa chúl ag an Mhí tráthnóna faoi bhrú.

Deis mhaith í seo do Dhún na nGall, atá ag iarraidh rudaí a chur ina gceart tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Mhaigh Eo a fuair comhscór sa deireadh. Beidh bainisteoir Dhún na nGall, Declan Bonner, buartha nár bhuaigh siad go héasca an cluiche sin.

Sa chéad leath amháin, chuir Dún na nGall naoi n-iarracht ar fóraoil, thit ceithre cinn eile isteach i lámha chúl báire na Mí agus bhuail iarracht eile an cuaille. Cé go raibh siad trí phointe chun tosaigh sa seachtú nóiméad d’am cúitimh, lig siad do Mhaigh Eo deis amháin eile a chruthú agus bháigh James Durcan an liathróid san eangach don scór cinniúnach.

Ba cheart go spreagfadh an teip sin na Conallaigh. Bhuaigh Dún na nGall ar chontae na Mí faoi thrí anuraidh, faoi dhó sa tsraith agus arís sa chraobh, agus is beag atá feicthe againn go dtí seo a déarfadh go dtiocfaidh deireadh leis an bhforlámhas sin tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Conor Meyler ag imirt do Thír Eoghain in aghaidh Mhuineacháin in 2019. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Muineachán v Tír Eoghain

Baile na Lorgan

2.00pm

Roimh thús na sraithe, measadh go mbeadh an dá fhoireann seo i mbaol agus iad ag iarraidh fanacht i Roinn 1 na sraithe. Fágann sé sin gur cluiche thar a bheith tábhachtach é an ceann seo don dá chontae.

Chuir Tír Eoghain tús níos fearr leis an tsraith agus d’éirigh leo bua slachtmhar a fháil ar an Mhí an deireadh seachtaine seo caite. Is mór an míbhuntáiste dóibh nach mbeidh Conor McShane, Mattie Donnelly ná Conor McAlliskey ar fáil d’fhoireann Mickey Harte ach sheas Darren McCurry an fód do Thír Eoghain an tseachtain seo caite agus d’aimsigh sé 1-6 chun foireann na Mí a chloí.

Seans go mbeidh rudaí níos deacra acu tráthnóna, áfach, agus iad ag tabhairt aghaidh ar Mhuineachán. Sa chluiche a bhí acu in aghaidh na Gaillimhe, chaith Muineachán cuid mhaith den chéad leath ag streachailt leis an stíl pheile oscailte a bhí ag Gaillimh ach d’fheabhsaigh cúrsaí dóibh sa dara leath.

Is mó an taithí atá acu ar stíl Thír Eoghain ach bíonn Muineachán ag brath rómhór i gcónaí ar Conor McManus chun scóranna a fháil. Má bhíonn siad in ann Kieran Hughes, Jack McCarron agus Conor McCarthy a thabhairt isteach san imirt níos minice, beidh deis acu an cluiche seo a bhaint.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán 

Fág freagra ar 'Cluiche tábhachtach ag contae na Mí agus iad i gcoinne na gConallach'