Cluiche oscailte romhainn i dTrá Lí agus Áth Cliath sa tóir ar bhua i bPáirc Mhic Éil

Imreofar dhá chluiche suimiúil i Roinn 1 na sraithe peile anocht. Casfaidh peileadóirí Chiarraí agus na Gaillimhe ar a chéile i dTrá Lí agus rachaidh Áth Cliath go Caisleán an Bharraigh chun aghaidh a thabhairt ar Mhaigh Eo

Cluiche oscailte romhainn i dTrá Lí agus Áth Cliath sa tóir ar bhua i bPáirc Mhic Éil

Tommy Walsh (Ciarraí) agus Johnny Heaney (Gaillimh) in 2019. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Ciarraí v Gaillimh

Páirc Aibhistín de Staic

7.00pm

Bhí údar dóchais ag lucht peile na Gaillimhe an mhí seo caite nuair a chuir Pádraic Joyce tús maith lena ré mar bhainisteoir ar fhoireann an chontae. Bhuaigh Gaillimh Sraith FBD, an comórtas réamhshéasúir i gConnachta, agus níos tábhachtaí fós, d’éirigh leo teacht slán ó chluiche crua in aghaidh Mhuineacháin sa chéad bhabhta den tsraith an deireadh seachtaine seo caite.

Nuair a chuirtear gaiscí Chora Finne agus Uachtar Ard i gcraobhacha na gclub san áireamh, bhí cúpla seachtain den scoth ag foirne na Gaillimhe i mí Eanáir. Seans go mbeidh rudaí níos crua acu an mhí seo áfach.

Ar Leitir Ceanainn a thabharfaidh foireann Joyce a n-aghaidh an tseachtain seo chugainn mar a mbeidh Dún na nGall rompu ach anocht, tá dúshlán níos mó fós rompu agus iad ag imirt i gcoinne Chiarraí i dTrá Lí.

Cé gurbh é sin a gcéad chluiche i mbliana, bhí cuma an-láidir ar imreoirí Chiarraí i gcoinne Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite. Ní bheidh Peter Keane sásta nár éirigh le fir na Ríochta an cluiche sin a thabhairt leo ach, tríd is tríd, bhí Ciarraí cumasach.

Ba dheacair do Ciarraí a bheith chomh díocasach céanna agus a bhí siad i bPáirc an Chrócaigh i rith na sraithe ar fad ach aon uair go mbíonn tosaithe amhail David Clifford, Seán O’Shea, Paul Geaney agus James O’Donoghue ag dul chun páirce, cruthóidh siad deacrachtaí d’aon fhoireann.

Cuirfear líne lánchúil na Gaillimhe faoi bhrú ollmhór anocht. As an triúr atá ainmnithe ag Joyce sa líne sin anocht, is é Johnny Duane an t-aon fhear amháin acu a bhfuil aon taithí aige a bheith ag imirt san ionad sin leis na sinsir. D’éirigh go maith le Seán Ó Maoilchiaráin in aghaidh Mhuineacháin ach b’in é an chéad chluiche sraithe a thosaigh fear Árann do Ghaillimh riamh. Cuireadh Johnny Heaney ag marcáil Conor McManus sa chluiche céanna ach is sa líne leatosaithe nó sa líne leathchúil a d’imríodh Heaney do Ghaillimh go dtí sin.

Tá dea-scéala amháin cinnte ag lucht tacaíochta na Gaillimhe mar go mbeidh Damien Comer ag tosú a chéad chluiche don fhoireann ó 2018, Coinneofar súil ghéar freisin ar thaispeántas Ronan Steede i lár na páirce. Tá Steede ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ar fhoireann chaithréimeach Chora Finne le breis agus cúig bliana ach is í seo an chéad uair aige ag tosú d’fhoireann shinsir na Gaillimhe.

Ba cheart go mbeadh cluiche breá oscailte ann anocht i bPáirc Aibhistín de Staic agus feilfidh sé sin go breá do Steede. Feilfidh sé do thosaithe Chiarraí chomh maith, áfach, agus déarfá go bhfuil an cumas iontu Gaillimh a bhualadh.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Brian Fenton ag ceiliúradh i gcoinne Mhaigh Eo in 2019. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Maigh Eo v Áth Cliath

Páirc Mhic Éil

7.00pm (Beo ar eir Sport)

Tá an dá fhoireann seo fós sa tóir ar a gcéad bhua i sraith na bliana seo ó tharla gur ar comhscór a chríochnaigh a gcuid cluichí an deireadh seachtaine seo caite.

Ba cheart go mbeadh an cluiche idir Maigh Eo agus Dún na nGall buaite go héasca ag na Conallaigh ach d’aimsigh an t-ionadaí James Durcan cúl leis an gcic deireanach chun na an scór a chothromú. Bhí an-chluiche ag Durcan agus d’aimsigh sé 1-3 sna deich nóiméad a chaith sé ar an bpáirc. Tá sé ainmnithe ag James Horan ar an bhfoireann do chluiche na hoíche anocht in aghaidh sheaimpíní na hÉireann.

Tá scata mór imreoirí fós ar iarraidh ar Mhaigh Eo agus cé nár chruthaigh na fir nua a tháinig isteach ró-olc, beidh James Horan ag súil go mór go mbeidh Lee Keegan, Cillian O’Connor, Matthew Ruane, Chris Barrett agus a leithéidí ar ais aige sula i bhfad.

Ní bheidh siad ann anocht, áfach, agus Áth Cliath ag teacht go Caisleán an Bharraigh. Beidh Dessie Farrell sásta go maith leis an taispeántas a thug a chuid imreoirí an deireadh seachtaine seo caite, go háirithe an teacht aniar a rinne siad sna deich nóiméad deireanach i gcoinne Chiarraí.

Bhí Brian Fenton agus Ciarán Kilkenny ar fheabhas d’Áth Cliath sa chluiche sin ach bheadh Farrell ag súil le beagáinín níos mó ó na tosaithe, Paul Mannion go háirithe. Beidh deis eile ag imreoirí ar nós Conor McHugh, Seán Bugler agus Aaron Byrne dul i gcion ar an mbainisteoir ach seans gurb í taithí na bhfear a bheidh timpeall orthu a dhéanfaidh an beart d’Áth Cliath anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Cluiche oscailte romhainn i dTrá Lí agus Áth Cliath sa tóir ar bhua i bPáirc Mhic Éil'