Cluiche mór Phobalscoil Chorca Dhuibhne curtha siar

Ní raibh Meánscoil Iognáid Rís as an Nás a bhuaigh craobh Laighean aréir sásta dul chun páirce arís Dé Sathairn

Cluiche mór Phobalscoil Chorca Dhuibhne curtha siar

Killian Ó Failbhe agus Éamonn Fitzmaurice. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

Tá cluiche mór Phobalscoil Chorca Dhuibhne i mbabhta leathcheannais chraobh na hÉireann curtha siar seachtain mar gheall ar easaontas faoi shocruithe.

Bhí an cluiche in aghaidh Mheánscoil Iognáid Rís as an Nás le bheith ar siúl Dé Sathairn ach dhiúltaigh an scoil as Cill Dara an cluiche a imirt an lá sin.

Bhuaigh Meánscoil Iognáid Rís craobh Chúige Laighean aréir nuair a fuair siad an ceann is fearr ar chomhfhoireann scoileanna Chill Mhantáin tar éis am breise.

Dúirt bainisteoir na foirne Ronan Joyce i ndiaidh an chluiche sin aréir nach mbeidís sásta dul chun páirce arís Dé Sathairn, dhá lá i ndiaidh chluiche ceannais na craoibhe.

Cuireadh moill ar na cluichí deireanacha i gcraobh Laighean i mbliana nuair a d’iarr Coláiste Eoin go gcuirfí a gcluiche leathcheannais i gcoinne Mheánscoil Iognáid Rís siar toisc go raibh an scoil lán-Ghaeilge as

Baile Átha Cliath san iomaíocht chomh maith i gcraobh na hiomána.

Mhaígh Ronan Joyce gur ghlac siad le hiarratas Choláiste Eoin ar an tuiscint go gcuirfeadh na húdaráis cluiche leathcheannais na hÉireann siar.

Bhuaigh Pobalscoil Chorca Dhuibhne Corn Uí Mhuirí den dara bliain as a chéile nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Choláiste Bhréanainn Chill Airne in athimirt chluiche ceannais na Mumhan i dtús na míosa. Tá an scoil Ghaeltachta ag fanacht ó shin ar na socruithe maidir le cén áit agus cén t-am a mbeidís ag imirt Dé Sathairn ach beidh fanacht seachtaine eile anois orthu roimh an mbabhta leathcheannais.

Beidh an cluiche leathcheannais idir Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Meánscoil Iognáid Rís ar siúl Dé Sathairn an 30 Márta ach ní fios go fóill cén áit a n-imreofar an cluiche.

Tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh áit a bhaint amach i gcraobh shinsir iarbhunscoileanna na hÉireann den tríú huair.

Tá Corn Uí Ógáin buaite faoi dhó ag an scoil as an Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, in 2014 agus 2015.

Fág freagra ar 'Cluiche mór Phobalscoil Chorca Dhuibhne curtha siar'