Súil ag Sasana ar na babhtaí ceathrú ceannais

Beidh Sasana ag iarraidh a gcéad chluiche díbeartha ó 2006 a bhuachan ag Corn an Domhain i gcoinne na Colóime anocht. Casfaidh An tSualainn agus An Eilvéis ar a chéile ag 3pm

Súil ag Sasana ar na babhtaí ceathrú ceannais

Ní hé seo an cluiche is mó a bhfuil daoine ag súil leis sa 16 Deiridh ach is deis iontach é do na foirne seo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Níl sé sin déanta ag an tSualainn ó Chorn an Domhain 1994 agus 1954 an uair dheireanach ar éirigh leis an Eilvéis an chuid sin den chomórtas a bhaint amach.

Beidh imreoirí ar iarraidh ag an dá fhoireann toisc iad a bheith ar fionraí. Ní bheidh fáil ag an tSualainn ar Sebastian Larsson tar éis dó cúpla cárta buí a fháil agus is ionann an scéal ag Fabian Schar agus Stephan Lichtsteiner na hEilvéise.

Is mór an chailliúint iad an bheirt sin don Eilvéis mar fágann a dtréimhsí fionraíochta go mbeidh ar an mbainisteoir, Vladimir Petković, beirt nua a chur isteach i measc na gcosantóirí.

Is imreoir cumasach é Xherdan Shaqiri ach beidh sé deacair aige an ceann is fearr a fháil ar chosantóirí láidire na Sualainne a bhriseadh síos agus seans go mbeidh ciceanna éirice ag teastáil chun buaiteoir a fháil.

Tuar Tuairisc.ie: An tSualainn

Níl aon chluiche díbeartha buaite ag Sasana ag Corn an Domhain ná ag Craobhacha na hEorpa ó bhuaigh siad ar Eacuadór in 2006 agus tá brú mór orthu déanamh amhlaidh anocht. Is iad na Sasanaigh rogha na n-údar ach ní bheidh rudaí éasca acu i gcoinne na Colóime.

Ar a laghad, ba cheart go mbeadh a scíth ligthe go maith ag imreoirí Shasana. Rinne Gareth Southgate go leor athruithe don chluiche i gcoinne na Beilge agus beidh na himreoirí mór le rá, Harry Kane, Raheem Sterling agus a leithéidí, uile ar ais anocht.

Is buille ollmhór a bheidh ann don Cholóim mura mbeidh James Rodriguez, laoch na foirne, in ann imirt sa chluiche. Tá gortú colpa ag cur as do Rodriguez agus bhí air an pháirc a fhágáil sa chluiche i gcoinne na Seineagáile. Má bhíonn sé aclaí  ar chor ar bith, tabharfar deis dó.

In aghaidh na Polainne sa dara chluiche i nGrúpa H is fearr a chruthaigh na Colómaigh. Rinne Rodriguez agus Juan Cuardardo scrios ar na cliatháin agus bhuaigh fir Mheiriceá Theas an cluiche 3-0. D’éirigh leo leas a bhaint as an spás a bhí fágtha taobh thiar de chúlaithe cliatháin na Polainne agus beidh siad ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh i gcoinne na Sasanach.

Seans go mbeidh ciceanna cúinne agus ciceanna saora cinniúnach sa chluiche anocht. Tá sé chúl scóráilte ag na Sasanaigh ó mhíreanna seasta go dtí seo sa chomórtas agus cúpla cúl faighte ag cosantóir na Colóime, Yerry Mina, óna leithéid chomh maith.

Ní bheidh mórán eatarthu agus seans go mbeidh am breise ag teastáil, ach mura mbeidh Rodriguez ar fáil, is ag Sasana a bheidh an buntáiste.

Tuar Tuairisc.ie: Sasana

Fág freagra ar 'Súil ag Sasana ar na babhtaí ceathrú ceannais'