Cluiche fisiciúil agus fíochmhar i ndán d’fhoireann Farrell sa Fhrainc

Sa gcás go mbeadh bua le ceithre úd ag Éirinn i bPáras anocht, is acu a bheadh an chraobh, is cuma cén scór a aimsíonn na Sasanaigh sa Róimh

Cluiche fisiciúil agus fíochmhar i ndán d’fhoireann Farrell sa Fhrainc

Fiú roimh thús chluichí Bhabhta 5 agus deireadh chluichí na Sé Náisiún ón séasúr seo caite, cluichí a bheas á n-imirt  i gCaerdydd, sa Róimh agus i bPáras trathnóna inniu, tá na geallghlacadóirí cinnte go bhfuil fios acu cén toradh a bheas ar an gcomórtas. Beidh an lá leis na Sasanaigh agus beidh gradam don dara háit idir an Fhrainc agus Éirinn, dar leo.

Sula n-imríodh aon chluiche inniu, tá Éire ar bharr an tábla le ceithre phointe dhéag ach díreach taobh thiar díobh ar thrí phointe dhéag an taobh tá Sasana agus an Fhrainc. De bhrí gur éirigh leis na Sasanaigh níos mó pointí a aimsiú sa cheithre chluiche a d’imir siad go dtí seo, is iadsan atá sa dara háit agus tá na Francaigh sa tríú háit.

Ní iontas dá bhrí sin gurb iad na Sasanaigh rogha na coitiantachta don chraobh. Is acu atá an cluiche is éasca tráthnóna inniu cé gur as baile i gcoinne na hIodáile a bheas siad. Is deacair toradh ar bith seachas bua do na Sasanaigh le ceithre úd ar a laghad nó i bhfad níos mó ná sin go deimhin a shlánú sa Róimh. Seans maith go mbeidh ar a gcumas líon mór úd a aimsiú rud a chuirfidh brú ar an mbearna scóir 23 pointe atá i bhfabhar na hÉireann roimh imirt chluichí an lae inniu.

Cinnteoidh bua sa Róimh le ceithre úd go mbeidh ocht bpointe dhéag ag na Sasanaigh. Sa gcás go mbeadh bua gan ceithre úd  ag Éirinn in aghaidh na Fraince i bPáras, bheadh siadsan freisin ar ocht bpointe dhéag agus sa gcás sin bheadh an chraobh ag pé acu foireann is mó a fuair pointí ar pháirc na himeartha sa chúig chluiche. Ní dóigh liom gur leor an bhearna trí phointe is fiche sin atá ag foireann na hÉireann. Ach sa gcás go mbeadh bua le ceithre úd ag Éirinn i bPáras, is acu a bheadh an chraobh, is cuma cén scór a aimsíonn na Sasanaigh sa Róimh.
Ach níl na Francaigh as an gcomhaireamh fós ach oiread. Má bhíonn an lá leosan sa mbaile i bPáras, beidh siad ag súil go ndéanfaidh na hIodálaigh gar dóibh má éiríonn leo an bua a fháil nó a bheith cothrom leis na Sasanaigh. Droch-sheans i mo thuairimse. Mar sin féin beidh na Francaigh ar a míle dícheall ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Éire.

Tá an t-ádh ar Éire agus ar ar an bhFrainc gur eatarthu atá an cluiche deiridh inniu, ciallaíonn sin go mbeidh toradh chluiche na Róimhe ar eolas acu. I mbeagán focal, beidh fhios ag na himreoirí céard a bheas le déanamh acu chun greim a fháil ar an gcraobh. Ciallaíonn sin go bhfuil cluiche fisiciúil agus fíochmhar i ndán dúinn anocht. Is cinnte go bhfuil seans ag foireann Andy Farrell ach níl mé cinnte go bhfuil ar a gcumas ceithre úd a aimsiú i bPáras. Is deacair mar sin neamh-shuim  a dhéanamh de thuar na ngeallghlacadóirí, sin go mbeidh an lá le Sasana agus gurb iad na Francaigh a bheas sa dara háit. Feicfidh muid linn, ach is cinnte go mbeidh cluiche iontach rugbaí againn.

Sa gcluiche eile idir an Bhreatain Bheag agus Albain a imríodh i  gCaerdydd, bhí an bua ag Albain, 14-10.

Is fiú a lua go mbeidh dhá chluiche i mBabhta 4 den Pro 14 á n-imirt amárach nuair a bheas Cúige Mumhan agus Cúige Uladh sa mBreatain Bheag i gcoinne na nDragons agus Caerdydd. Bhí Cúige Chonnacht le bheith ag imirt ar an mBóthar Beag i gcoinne Treviso ach cuireadh an cluiche sin ar athlá de bharr Covid-19 a bheith ar cúpla imreoir ón bhfoireann as an Iodáil.  Déarfainn go mbeidh na Muimhnigh in ann ag na Dragons, ach is port eile é i gcás na nUltach.  Ní bheidh sé éasca acu pointí a thabhairt abhaile leo.

Ar an Luan beidh foireann Leo Cullen as baile i gcoinne Ghlaschú. Bua eile do na curaidh, le ceithre úd nó níos mó seans.

Fág freagra ar 'Cluiche fisiciúil agus fíochmhar i ndán d’fhoireann Farrell sa Fhrainc'