Cluiche dícháilithe i ndán don Ghaeltacht agus an Daingean ag triall ar chluiche ceannais an chontae

Súil siar ar chluichí na bhfoirne Gaeltachta i gCiarraí, i bPort Láirge, i gCorcaigh agus i Maigh Eo…

Cluiche dícháilithe i ndán don Ghaeltacht agus an Daingean ag triall ar chluiche ceannais an chontae

Beidh ar pheileadóirí CLG na Gaeltachta cluiche dícháilithe a bhuachan i gcoinne Neidín más fúthu an t-ísliú céime a sheachaint ina gcéad bhliain ar ais i gCraobh Shinsir na gClubanna.

D’imir An Ghaeltacht a gcéad chluiche sinsir ar pháirc Ghallarus le roinnt mhaith blianta inné ach ba ag Ceirín Uí Rathaille a bhí an bua, toradh a d’fhág fir Chorca Dhuibhne ag bun an tábla i nGrúpa 1 na craoibhe.

Bhí An Ghaeltacht ag snámh in aghaidh easa sular thosaigh an cluiche in aon chor mar go raibh suas le naonúr imreoirí in easnamh orthu, Brian Ó Beaglaoich, Éanna Ó Conchúir agus Rob Ó Sé san áireamh. Chuaigh rudaí in olcas nuair a d’aimsigh Ceirín-Uí Rathaille cúl ag tús na himeartha agus cé go raibh siad ag imirt in aghaidh na gaoithe, bhí na cuairteoirí 1-3 in aghaidh 0-1 chun cinn tar éis 10 nóiméad.

D’fheabhsaigh An Ghaeltacht as sin go dtí leath ama. D’imigh siad chun cinn tar éis dóibh 1-4 as a chéile a aimsiú – Seán M. Ó Conchúir a fuair an cúl – agus bhí an fhoireann bhaile trí phointe chun tosaigh ag leath ama, 1-7 i gcoinne 1-4.

Murab ionann is An Ghaeltacht, bhí a gcuid imreoirí contae ar fáil ag Ceirín-Uí Rathaille agus ba iad gaiscí David Moran i lár páirce a chinntigh go raibh siad cothrom leath bealaigh tríd an dara leath. Bhí na foirne fós cothrom ag teannadh le deireadh na himeartha ach shlánaigh imreoir eile Chiarraí, Jack Savage, dhá chic saor chun an cluiche a bhuachan.

Idir an dá linn, bhí lá maith ag duine de réalta idirchontae an Daingin inné agus 1-3 faighte ag Paul Geaney in aghaidh an Léigiúin. Bua bog go maith a bhí ag fir an Daingin, 1-10 in aghaidh 0-5, a thabharfaidh aghaidh anois ar Chrócaigh Chill Airne i gcluiche ceannais an chontae. In 2015 a chas na foirne seo ar chéile i gcluiche ceannais an chontae go deireanach agus b’iad an Daingean a thug an chraobh leo an uair sin.

Donie Breathnach An Rinn
Imreoir na Rinne, Done Breathnach, ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 2017. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Thíos i bPort Láirge, ní fhéadfaí An Rinn agus Cill Rosanta a scaradh óna chéile ina gcéad chluiche i gCraobh Shinsir Peile an chontae. Níor chluiche é seo a raibh a lán scór ann agus d’fhág cúilín Donie Bhreathnach díreach roimh dheireadh na huaire gur chríochnaigh na foirne ar comhscór, 0-7 an taobh.

Bhí triúr imreoirí contae in easnamh ar fhoireann na Rinne, Ray Ó Ceallaigh, Fearghal Ó Cuirrín agus Lorcán Ó Corraoin, agus ba é imreoir eile na nDéise, Donie Breathnach a d’aimsigh an chuid ba mhó de na cúilíní.

Agus iad ag imirt le cóir na gaoithe sa chéad leath, bhí an Rinn 0-4 in aghaidh 0-3 chun cinn ag leath ama. Cé go ndeachaigh Cill Rosanta chun tosaigh go luath sa chéad leath, ní raibh níos mó ná cúilín amháin idir na foirne as sin go dtí deireadh an chluiche agus fágadh faoin mBreathnach é an scór deiridh a fháil.

I gCorcaigh, bhí bua cuimsitheach ag Cill na Martra ar Bhaile an Óraigh i gCraobh Idirmheánach Peile an chontae. Dhá chúilín agus fiche a bhí mar fharasbarr ag an bhfoireann Ghaeltachta ar a gcéilí comhraic i gcluiche a chríochnaigh 2-22 in aghaidh 0-6.

Ba iad na Duinínigh sa líne lántosach, Ciarán, Dan agus Shane, a rinne scrios sa chéad leath agus bhí Cill na Martra 0-13 in aghaidh 0-4 chun cinn agus 30 nóiméad imeartha. D’aimsigh an leatosach Fionnbarra Ó hEalaithe cúl do Chill na Martra ag tús an dara leath agus choinnigh siad orthu leis an slad as sin go dtí deireadh na himeartha.

Níor éirigh chomh maith céanna le foirne eile Mhúscraí, a d’imir sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach Dé Sathairn. Bua dhá phointe, 1-14 in aghaidh 0-15, a bhí ag Droichead na Bandan ar Naomh Abán. Ba é iar-imreoir Chorcaí, Daniel Goulding, a d’aimsigh an cúl cinniúnach d’Éire Óg a fuair an ceann is fearr ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh, 1-11 in aghaidh 0-11.

I Maigh Eo, is iad Béal an Mhuirthead agus Cill Chomáin a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gcontae ag Comórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh an samhradh seo tar éis dóibh na craobhacha sinsir agus sóisir a thabhairt leo inné.

Bhuaigh Béal an Mhuirthead ar Chill tSéadhna i gcluiche ceannais na sinsear den tríú bhliain as a chéile agus údar acu a bheith buíoch de Colin Barrett a fuair cúl sé nóiméad isteach in am cúitimh, an scór a chinntigh go raibh an bua acu, 1-8 in aghaidh 0-10.

Oileán Acla a thug leo an chraobh shóisir i Maigh Eo le cúpla bliain anuas ach is iad Cill Chomáin seaimpíní 2018 tar éis dóibh na hoileánaigh a chloí inné, 1-9 i gcoinne 1-7.

Fág freagra ar 'Cluiche dícháilithe i ndán don Ghaeltacht agus an Daingean ag triall ar chluiche ceannais an chontae'